Teagasc Clóscríofa do Dhaoine Lagamhairc
Scéim Teagaisc Chlóscríofa
Bíonn teagasc clóscríofa ar fáil do dhaltaí lagamhairc ach moladh a fháil ón Múinteoir Cuartaíochtaí do Dhaoine Lagamhairc.
Is féidir leis an Roinn uasmhéid 20 uair de theagasc clóscríofa a cheadú do scoil chun cuidiú le scileanna clóscríofa an dalta i gceist a fheabhsú.
Oibrítear an scéim tríd an scoil agus ní foláir don mhúinteoir bheith cáilithe go cuí chun an teagasc sin a thabhairt. Nuair a chríochnaítear an teagasc ba chóir don mhúinteoir lena mbaineann tuairisc a thaisceadh faoi fhorás an dalta leis an Múinteoir Cuartaíochta.
An dóigh le hiarratas a dhéanamh
Comhlánófar agus taiscfear an fhoirm iarratais thíos leis an Rannóg Oideachais Speisialta ag Príomhoide na Scoile nó ag Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO).
Comhlánódh an Múinteoir Cuartaíochta do Dhaoine Lagamhairc cuid den fhoirm.
Mionsonraí Teagmhála
Ríomhphost:special_education@education.gov.ie
Fón: (090) 648 4187
Seoladh: Aonad Teagaisc Chlóscríofa, Rannóg Oideachais Speisialta, An Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659