Athchóiriú Iompar Scoile 2020/2021
Iarratas ar Líne ar Iompar Scoile / ar Thicéid Iompair Scoile
Chun leas a bhaint as Seirbhísí na Scéime Iompair Scoile, ní mór do dhaltaí ticéad bailí taistil a bheith ina seilbh acu
Iarratais ar Iompar Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) le linn na Tréimhse Srianta Covid-19 reatha
Iarratais ar Iompar Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) le linn na Tréimhse Srianta Covid-19 reatha
Iarratais ar Iompar Scoile don Scoilbhliain 2020/21
Tá córas iarratais ar líne Bhus Éireann le haghaidh iompar scoile ar oscailt anois don scoilbhliain 2020/21.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine an 24 Aibreán 2020.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Déan iarratas ar líne anois @ www.buseireann.ie\schooltransport
An Spriocdháta Íocaíochta
Fógra i dtaca le síneadh ar an spriocdháta le haghaidh íocaíochta as Iompar Scoile don scoilbhliain 2020/2021
Tá an rogha íocaíocht a dhéanamh as iompar scoile don scoilbhliain 2020/2021 ar fáil anois. I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla, táthar tar éis a chomhaontú go ndéanfar an spriocdháta le haghaidh íocaíochtaí a shíneadh go dtí an 4ú Lúnasa, 2020. Moltar do theaghlaigh atá ag iarraidh feidhm a bhaint as iompar scoile íocaíocht a dhéanamh faoin dáta seo. Is féidir íocaíocht a dhéanamh ar líne ag www.buseireann.ie/schooltransport
Cruinniú an Bhoird Achomharc um Iompar Scoile, Márta 2020, Curtha Ar Athlá
Tar éis fhógra an Taoisigh ar an 12 Márta 2020 agus chun tacú leis na hiarrachtaí le srian a choimeád ar leathnú Covid-19, tá cruinniú an Bhoird Achomharc um Iompar Scoile a bhí le bheith ar siúl Dé Luain, an 16 Márta 2020 curtha ar athlá go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Déanfar athbhreithniú air seo tar éis na tréimhse tosaigh seo, agus nuair a dhéantar é a sceidealú, cuirfidh Rúnaíocht an Bhoird in iúl duit maidir leis an dáta nua.