Cur Síos
Tá Rannóg Iompair Scoile na Roinne freagrach as beartas a cheapadh agus as Scéimeanna Iompair Scoile a riar. Is é cuspóir na scéimeanna iompair scoile, ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil, tacú le hiompar i gcás;
- Leanaí a chónaíonn i bhfad ón mBunscoil agus ón Iarbhunscoil is gaire dóibh agus;
- Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu.
Oibríonn Bus Éireann na scéimeanna iompair scoile thar ceann na Roinne.