Díolúine ón nGaeilge

Díolúintí ó Staidéar ar an nGaeilge

Ciorclán Bunscoile 0052/2019 agus Ciorclán Iar-bhunscoile 0053/2019

1. An bhféadfar iarratas ar dhíolúine ó staidéar ar an nGaeilge a dhéanamh thar ceann dalta/scoláire atá rollaithe i scoil Lán-Ghaeilge?

Ní Fhéadfar. Ní bhaineann na Ciorcláin ach amháin le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

2. An féidir díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú faoi théarmaí Chiorcláin 0052/2019 agus 0053/2019 i scoileanna atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta?

Is príomhoide mé ar scoil atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Faoi láthair, is cuid de na hábhair atá á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil. Tá iarratas faighte agam ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge. Is é mo thuiscint ná go mbaineann an Ciorclán le scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla amháin.  Faoi láthair tá an Béarla agus an Ghaeilge in úsáid i dteagasc na n-ábhar agus i réimsí eile curaclaim sa scoil ach tá sé i gceist bogadh go comhthéacs ina mbeidh gach ábhar (seachas Béarla) agus réimsí eile curaclaim á dteagasc trí mheán na Gaeilge agus go mbainfidh an scoil stádas amach mar scoil Ghaeltachta. An féidir leis an scoil díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú go dtí go mbainfidh sí stádas amach mar scoil Ghaeltachta?

Baineann na Ciorcláin le scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla amháin. Aithnítear go bhfuil an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ag tacú faoi láthair le roinnt scoileanna atá páirteach sa Scéim atá i mbun próisis chun athrú ó bheith ina scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla go scoileanna a bheidh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Sa chás go dtuairiscíonn scoil atá páirteach sa Scéim, ar an mBunachar Sonraí ar Líne do Bhunscoileanna (POD) nó ar an mBunachar Sonraí ar Líne d’Iar-bhunscoileanna (P-POD) mar shampla, go bhfuil an Béarla mar theanga theagaisc sa scoil (in ábhair seachas Béarla), is féidir leis an scoil téarmaí Chiorclán 0052/2019 nó 0053/2019 mar is cuí, a chur i bhfeidhm. Sa chás go ndeonaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge, ba cheart a nótáil go mbeidh feidhm ag an ndíolúine go gcríochnaíonn an dalta/scoláire a c(h)uid oideachais iar-bhunscoile.

3. An bhféadfaidh scoláire a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici agus atá rollaithe i scoil lán-Ghaeilge iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar ar an nGaeilge?

Ní Fhéadfaidh. Ní bhaineann na ciorcláin ach amháin le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

4. An bhféadfar díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú do dhalta/scoláire a bhfuil oideachas á chur air nó uirthi sa bhaile nó atá ag freastal ar scoil nach bunscoil nó iar-bhunscoil aitheanta í?

Tá na Ciorcláin maidir le díolúine ó staidéar ar an nGaeilge le feidhmiú i gcás daltaí/scoláirí atá rollaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta. Dá bhrí sin, ní fhéadfar díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú do dhalta/scoláire a bhfuil oideachas á chur air nó uirthi sa bhaile nó atá ag freastal ar scoil nach bunscoil nó iar-bhunscoil aitheanta í.   

5. Cad iad na cúinsí ina bhféadfaidh scoil breithniú a dhéanamh ar cheadú díolúine ó staidéar ar an nGaeilge?

Ní fhéadfar breithniú ar cheadú díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a dhéanamh i gcás bunscoileanna ach amháin sna cúinsí atá leagtha síos i gCodanna 2.2a, 2.2b, 2.2c agus 2.2d de Chiorclán 0052/2019 agus i gCodanna 2.2a, 2.2b agus 2.2c de Chiorclán 0053/2019 d’iar-bhunscoileanna.

6. An bhfuil aon chásanna nó aon chúinsí eile ina bhféadfaidh scoil breithniú a dhéanamh ar cheadú díolúine ó staidéar ar an nGaeilge?

Is sna cásanna nó sna cúinsí atá leagtha síos i ngach ceann de na fo-ailt i gCuid 2.2 de na Ciorcláin agus iontu sin amháin is féidir breithniú a dhéanamh ar cheadú díolúine ó staidéar ar an nGaeilge.

7. Má bhogann dalta/scoláire ó scoil/rang speisialta go dtí scoil/rang príomhshrutha, an gá dó nó di iarratas a dhéanamh ar Theastas díolúine ó staidéar ar an nGaeilge?

Ní gá. Tá Daltaí/Scoláirí i scoileanna/ranganna speisialta díolmhaithe gan teastas díolúine a bheith ina seilbh acu. Má tá díolúine ag dalta/scoláire ó staidéar ar an nGaeilge, féadfaidh an díolúine sin a bheith i bhfeidhm ar feadh a c(h)uid oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile.

Ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do dhaltaí a bhfuil díolúine ó staidéar ar an nGaeilge acu nuair a dhéanann an Roinn na tuairisceáin scoile a bhailíochtú chun críocha íocaíochtaí deontais agus leithdháilte múinteoirí, is gá fós do scoileanna sonraí maidir le daltaí/scoláirí a bhfuil díolúine ó staidéar ar an nGaeilge acu a thaifeadadh ar na Bunachair Sonraí ar Líne do Bhunscoile agus d’Iar-bhunscoileanna agus an chúis atá leis an díolúine a thabhairt, iad siúd atá ag aistriú ó scoil/rang speisialta chuig an scoil/rang príomhshrutha san áireamh.

8. An bhféadfar díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú do dhalta atá 11 ½ agus é nó í ag rollú i mbunscoil in Éirinn den chéad uair?

I gcás iarratais arna dhéanamh faoi fho-alt 2.2a de na Ciorcláin, féadfar díolúine a cheadú sa chás go bhfuair an dalta a c(h)uid oideachais suas go dtí 12 bhliain d'aois (nó suas go dtí an bhliain deiridh dá c(h)uid oideachais bunscoile agus an bhliain sin san áireamh) lasmuigh den Stát agus sa chás nach raibh deis aige/aici dul i mbun staidéir ar an nGaeilge.

Má tá a c(h)uid oideachais bunscoile curtha i gcrích ag dalta lasmuigh den stát agus nach raibh staidéar ar an nGaeilge san áireamh san oideachas bunscoile sin, agus má tá Príomhoide na Scoile sásta go bhfuil fianaise ann ina leith sin, féadfar díolúine a cheadú sa chás sin.

I gcás iarratais arna dhéanamh faoi fho-alt 2.2d, féadfaidh díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a bheith ag leanbh de chuid taidhleora eachtraigh nó ionadaí chonsalachta beag beann ar aois an linbh.

I gcásanna den sórt sin, nuair nach bhfuil aon tuiscint ar an mBéarla ag an dalta nuair a dhéantar é nó í a rollú, ba chóir diantacaíocht i leith Béarla mar Theanga Bhreise (EAL) a chur ar fáil dó/di mar ullmhúchán do rannpháirtíocht iomlán an dalta i gCuraclam Teanga na Bunscoile ar leibhéal atá ag teacht lena c(h)umas.

9. An bhféadfaidh dalta atá ag rollú i scoil in Éirinn agus nach bhfuil aon tuiscint aige/aici ar Bhéarla ná ar Ghaeilge díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a fháil?

Má tá na forais i gcomhair iarratais ag teacht leis na cúinsí eisceachtúla arna leagan síos i gCuid 2.2 de na Ciorcláin agus má shásaíonn an dalta na critéir sin, féadfar díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú dó/di.

Mura bhfuil, i gcomhréir le Cuid 4 den Chiorclán, ba chóir diantacaíocht i leith Béarla mar Theanga Bhreise (EAL) a chur ar fáil don dalta mar ullmhúchán do rannpháirtíocht iomlán an dalta i gCuraclam Teanga na Bunscoile ar leibhéal atá ag teacht lena c(h)umas.

10. Cad iad na trialacha ba chóir a úsáid nuair atá iarratas i dtaca le díolúine ó staidéar ar an nGaeilge á bhreithniú?

Tá treoir maidir le roghnú triallacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne:

https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/Díolúine-ón-Gaeilge.html

Tabhair ar aird:Níl i scór gnóthachtála litearthachta ag/faoi bhun an deichiú peircintíl sa Léamh Focal nó sa Léamhthuiscint nó sa Litriú ach gné amháin de na critéir nach mór a chur san áireamh nuair atá iarratais maidir le díolúine ó staidéar ar an nGaeilge á bpróiseáil ag teacht le fo-alt 2.2c de na Ciorcláin.

11. Cad is triail scoite ann?

Triail aonair is ea triail scoite ina ndéantar scil litearthachta amháin a mheas – sa chás seo triail ar Léamh Focal ar Léamhthuiscint nó ar Litriú.

Féach anseo atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

12. An leor triailscór ag/faoi bhun an deichiú peircintíl i dtriail amháin chun díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú?

Ní leor. Chomh maith le triailscór ag/faoi bhun an deichiú peircintíl i dtriail amháin (Léamh Focal, Léamhthuiscint nó Litriú), ní mór go mbeadh an dara rang ar a laghad bainte amach ag an dalta/scoláire agus go mbeadh deacrachtaí foghlama suntasacha agus dianseasmhacha á léiriú aige/aici ainneoin fáil a bheith aige/aici ar chur chuige difreálaithe i dtaca le foghlaim teanga agus litearthachta thar thréimhse ama. Tá fianaise dhoiciméadach ina leith sin de dhíth lena n-áiritear Plean Tacaíochta Scoláire ina mionsonraítear:

  • Athbhreithnithe rialta ar riachtanais foghlama mar chuid de thimthriall leanúnach measúnaithe
  • Beartú spriocanna
  • Idirghabháil agus athbhreithniú atá bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear triailscóir (léamh focal, léamhthuiscint, litriú, scóir eile teanga/litearthachta) ag príomhphointí an athbhreithnithe.

13. Cad atá i gceist le deacracht foghlama suntasach agus dianseasmhach?

Is deacrachtaí foghlama suntasacha iad deacrachtaí foghlama atá dianseasmhach ainneoin idirghabháil agus athbhreithniú leanúnach.   I gcomhthéacs an chiorcláin seo is dócha go mbeidh tacaíochtaí breise de dhíth ar scoláire a bhfuil deacrachtaí suntasacha litearthachta aige nó aici, ar deacrachtaí iad atá chomh mór sin agus go bhfanann a gcuid scór faoi bhun an deichiú peircintíl agus nach léir go bhfuil aon fheabhas ag teacht air nó uirthi ainneoin na hidirghabhála.   

Cuirtear tuilleadh eolais agus tacaíocht do scoileanna ina leith sin ar fáil in Riachtanais Speisialta Oideachais: Contanam Tacaíochta.

14. Cad é an t-achar ama chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chuige difreálaithe i leith teanga sula bhféadfar díolúine a cheadú?

Níl aon achar ama saintreorach ann chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chuige difreálaithe i leith foghlaim teanga agus litearthachta i mBéarla agus i nGaeilge. Is faoi bhainistíocht na scoile atá sé an cheist a bhreithniú, i gcomhréir leis na prionsabail ionchuimsitheachta a chuireann taca faoin gCiorclán agus i gcomhairle le tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) an dalta, an múinteoir ranga, na múinteoirí oideachais speisialta agus an dalta, má tharlaíonn sé go léiríonn an fhianaise i gComhad Tacaíochta an Scoláire deacrachtaí suntasacha agus dianseasmhacha foghlama thar thréimhse ama. Tá tuilleadh eolais do scoileanna maidir leis an bpróiseas sin ar fáil in Riachtanais Speisialta Oideachais: Contanam Tacaíochta..

15. An leor tuairisc shíceolaíochta nó tuairisc ó speisialtóir míochaine iomchuí ina ndeimhnítear deacracht shuntasach foghlama nó triailscór ag/faoi bhun an deichiú peircintíl chun díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú?

Ní leor. Níl tuairsc shíceolaíochta nó tuairisc ó speisialtóir míochaine riachtanach a thuilleadh. Má tá tuairisc den chineál sin ar fáil cheana féin, d'fhéadfadh eolas úsáideach a bheith inti chun bonn eolais a chur faoi na réimsí ina bhfuil gá le hidirghabháil.

16. An leor tuairisc shíceolaíochta nó tuairisc ó speisialtóir míochaine iomchuí ina moltar díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú chun díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú?

Ní leor. Níl tuairsc shíceolaíochta riachtanach a thuilleadh chun díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú.

Féadfaidh an scoil tuairiscí síceolaíochta a bheith aici i dtaca le roinnt scoláirí.  D'fhéadfaidís sin a bheith úsáideach mar chúnamh chun eolas a thabhairt don scoil maidir le riachtanas agus chun idirghabháil a shainaithint, ach ní riachtanas iad a thuilleadh agus níl siad mar phríomhdhoiciméad tacaíochta maidir le díolúine ón nGaeilge a cheadú agus is ceist don scoil an díolúine sin.  Cé go bhféadfaí díolúine a mholadh i dtuairisc sheachtrach, is faoin scoil atá sé a chinneadh an bhfuil an fhianaise acu, (tacaíocht leanúnach, freagairt d’idirghabháil, agus an leibhéal reatha riachtanais faoi mar a aithnítear é i dtástáil scoile) nuair atá na cúinsí eisceachtúla inar cheart díolúine a cheadú á mbreithniú acu.

17. An gá don scoil an tástáil atá riachtanach a dhéanamh nó an féidir í sin a dhéanamh lasmuigh den scoil?

Cé go bhféadfadh an scoil fianaise sheachtrach/tuairisc ar thoradh triallach ag/faoi bhun an deichiú peircintíl a bheith ina seilbh aici, is faoin scoil atá sé a chinneadh an bhfuil an fhianaise acu ar thacaíocht leanúnach, ar fhreagairt d’idirghabháil, agus an leibhéal reatha riachtanais faoi mar a aithnítear é i dtástáil scoile nuair atá na cúinsí eisceachtúla inar cheart díolúine a cheadú á mbreithniú acu.

Tá eolas breise maidir le roghnú triallacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne: https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/Díolúine-ón-Gaeilge.html

Tá ábhar tacaíochta sa bhreis i gcomhair scoileanna ar fáil in Riachtanais Speisialta Oideachais: Contanam Tacaíochta.

18. An gá go ndéanfaí dalta/scoláire a bhfuil díolúine ó staidéar ar an nGaeilge aige nó aici a eisiamh ón rang Gaeilge?

Ag teacht le polasaí ionchuimsitheachta na Roinne, táthar ag súil go gcuirfidh scoileanna deiseanna ar fáil do na daltaí go léir a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus in imeachtaí cultúrtha a bhaineann leis an nGaeilge ar bhealach fónta agus a oiread agus is féidir agus ar leibhéal atá oiriúnach dá riachtanais foghlama agus spreagtar scoileanna chun an méid sin a dhéanamh.

19. An bhfuil dalta/scoláire a bhfuil díolúine ó staidéar ar an nGaeilge aige nó aici díolmhaithe chomh maith ó staidéar ar theangach iasachta?

Is le díolúine ó staidéar ar an nGaeilge amháin a bhaineann Ciorcláin 0052/2019 agus 0053/2019. I gcás go gceadaítear díolúine ó staidéar ar an nGaeilge, níor chóir a mheas gurb ionann é sin agus díolúine ó staidéar ar an nGaeilge agus ar theangacha eile. I gcomhréir le Rialacha agus Cláir do Mheánscoileanna (2004) agus leis an gCreat don tSraith Shóisearach 2015, tá staidéar ar theangacha iasachta roghnach.

20. An meastar go bhfuil scoláire a bhfuil díolúine aige nó aici ó staidéar ar an nGaeilge, díolmhaithe freisin ó Theangacha Iasachta i dtaca le dul isteach sa tríú leibhéal?

Is leis an institiúid aonair a bhaineann na riachtanais iontrála don tríú leibhéal. D'fhéadfadh roinnt institiúidí tríú leibhéal an riachtanas a bhaineann le teanga iasachta a tharscaoileadh i gcás scoláire a bhfuil díolúine ó staidéar ar an nGaeilge aige nó aici. Ba chóir do thuismitheoirí/chaomhnóirí eolas a chur ar riachtanais iontrála den sórt sin maidir leis an tríú leibhéal agus ar aon impleachtaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn de bharr díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a bheith ag duine.

21. An bhféadfaidh mé achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na scoile gan díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú do mo leanbh?

Tá sé d’údarás ag an bpríomhoide, thar ceann an bhoird bainistíochta, díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú i gcomhréir leis na critéir arna leagan síos sna Ciorcláin. Ní mór do phríomhoide na scoile na nósanna imeachta atá leagtha síos sna Ciorcláin agus sna Treoirlínte a leanúint nuair atá iarratas ar dhíolúine á bhreithniú.

Mura bhfuil an tuismitheoir/caomhnóir sásta gur lean an príomhoide na nósanna imeachta cuí nuair a bhí cinneadh á dhéanamh ceadú díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a dhiúltú, ansin féadfaidh an tuismitheoir/caomhnóir Foirm Achomhairc um Dhíolúine ón nGaeilge a chomhlánú ina leagtar amach an chúis/na cúiseanna a bhfuil achomharc á dhéanamh in aghaidh an chinnidh agus na cúinsí ina meastar nár cuireadh an próiseas i bhfeidhm mar ba cheart.

Ba chóir an Fhoirm Achomhairc um Dhíolúine ón nGaeilge a chur isteach laistigh de 30 lá féilire ón dáta ar cuireadh cinneadh na scoile gan díolúine a cheadú in iúl i scríbhinn don/do na tuismitheoir(í)/c(h)aomhnóir(í).

22. Cá seolfaidh mé Foirm Achomhairc um Dhíolúine ón nGaeilge?

Féadfar an Fhoirm Achomhairc um Dhíolúine ón nGaeilge a chur isteach ar ríomhphost: Irishexemptionappeal@education.gov.ie nó tríd an bpost chuig Rannóg an Airgeadais Scoileanna agus na mBunachar Sonraí, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N37 X659.

23. Táim 18 mbliana d'aois. An bhféadfaidh mé iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar ar an nGaeilge nó achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh gan díolúine a cheadú dom?

Féadfaidh scoláire a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici a (h)iarratas féin a dhéanamh i gcomhair díolúine ó staidéar ar an nGaeilge. Féadfaidh scoláire a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici achomharc a dhéanamh freisin in aghaidh chinneadh na scoile gan díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a cheadú dó nó di.

24. Cad iad na himpleachtaí atá ann do mo leanbh mura ndéanfaidh sé nó sí staidéar ar an nGaeilge?

Is de réir rogha Ollscoil na hÉireann atá riachtanais na Gaeilge chun máithreánú agus na riachtanais iontrála do chúrsaí/chláir staidéir in Ollscoil na hÉireann. Tá neamhspleáchas ag coláistí agus ag ollscoileanna eile freisin i dtaca lena riachtanais iontrála féin a shocrú. D'fhéadfadh na riachtanais sin a bheith faoi réir athraithe agus dá bhrí sin tá sé tábhachtach go mbeadh teacht ag scoileanna ar an eolas cuí. Is féidir teacht ar eolas maidir le riachtanais iontrála ar shuíomhanna gréasáin na gcoláistí. Go hiondúil, bíonn teacht ag múinteoirí gairmthreorach ar an eolas sin ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Tá sé tábhachtach go gcuirfí tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas gur riachtanas iontrála atá sa Ghaeilge chun rochtain a fháil ar chláir i gcomhair oideachas tosaigh múinteoirí (bunleibhéal) a sholáthraítear sna ceithre Institiúid Ardoideachais atá á maoiniú ag an stát.

  • Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 (www.mie.ie)
  • Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach (www.mic.ul.ie
  • Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 (www.dcu.ie)
  • Roinn Froebel don Bhunoideachas agus d’Oideachas na Luath-Óige, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Contae Chill Dara (www.maynoothuniversity.ie)

Socraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna na riachtanais iontrála do na cláir thuas lena n-áirítear na croí-ábhair Gaeilge, Béarla agus Matamaitic. Tá eolas faoi na riachtanais iontrála ar fáil ar https://www.education.ie/ga/Foireann-Oideachais/Eolas/Do-Mhúinteoirí-Nua/Oideachas-Tosaigh-do-Mhúinteoirí-ITE-Bunscoile.html

25. Cá bhfaighidh mé Foirm Achomhairc um Dhíolúine ón nGaeilge?

Ó shuíomh gréasáin na Roinne:

https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/Díolúine-ón-Gaeilge.html

26. Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais/ sonraí teagmhála?

Tá tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne:

https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/Díolúine-ón-Gaeilge.html