Múnla Seirbhíse
Chomh maith le roinnt mhaith seirbhísí síceolaíochta eile agus sárchleachtas idirnáisiúnta, tá glactha ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) le múnla comhairliúcháin seirbhíse. Tá an fócas ar mhúinteoirí a chumasú le hidirghabháil a dhéanamh go héifeachtúil le daltaí a dtéann a gcuid riachtanas ó éadrom go dian agus ó neamhbhuan go buan.
Baineann síceolaithe úsáid as cur chuige comhairliúcháin atá dírithe ar réiteach faidhbe agus ar réitigh chun cur an méid is féidir le torthaí dearfacha do na daltaí sin. Féachann NEPS le scoileanna a spreagadh le húsáid a bhaint as próiseas measúnaithe agus idirghabhála atá bunaithe ar chontanam trína nglacann gach scoil freagracht as measúnú tosaigh, pleanáil oideachais agus idirghabháil feabhais do dhaltaí le deacrachtaí foghlama, mothúcháin nó iompraíochta.
Féadfaidh múinteoirí dul i gcomhairle lena síceolaí NEPS más gá sin ag an gcéim seo den phróiseas. Ní bheidh baint ag an síceolaí le leanbh aonair le haghaidh idirghabháil dhian ach amháin i gcás mainneachtana dul chun cinn réasúnach a dhéanamh, in ainneoin iarrachtaí is fearr na scoile i gcomhairle le NEPS.
Tá an próiseas seo molta agus curtha in iúl do scoileanna sna treoirlínte agus sna hábhair acmhainne seo a leanas:
Eolas do Bhunscoileanna
Riachtanais Speisialta Oideachais – Contanam Tacaíochta
- Treoirlínte do Mhúinteoirí - Íoslódáil PDF
- Pacáiste Acmhainní do Mhúinteoirí - Íoslódáil PDF

Deacrachtaí Iompraíochta, Mothúcháin agus Sóisialta – Contanam Tacaíochta
- Treoirlínte do Mhúinteoirí - Íoslódáil PDF

Eolas d’Iarbhunscoileanna
Contanam Tacaíochta d’Iarbhunscoileanna
- Treoirlínte do Mhúinteoirí - Íoslódáil PDF
- Pacáiste Acmhainní do Mhúinteoirí - Íoslódáil PDF

Foirne Tacaíochta Dalta
- PDF do Threoir maidir le Foireann a Bhunú nó le hAthbhreithniú a Dhéanamh ar Fhoireann atá ann Cheana.

Eolas atá coitianta do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna
Comhad Tacaíochta Dalta
- Treoirlínte - Íoslódáil PDF
- Foirm -Íoslódáil DOC
Tá forléargas agus na príomhghnéithe den mhéid atá idir lámha againn i NEPS leagtha amach thíos.
