Eolas
Faisnéis Nua do Mhúinteoirí
Tá aon réimse dhéag de Théarmaí agus Coinníollacha Fostaíochta do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus Iarscoileanna Aitheanta a chomhdhlúthú, mar seo a leanas:
- An riachtanas clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
- Teidlíochtaí Reachtúla ar Shaoire Bhliantúil agus Laethanta Saoire Phoiblí
- Scéim Saoire Bhreoiteachta
- Teidlíochtaí ar Shaoire Mháithreachais
- Scéim Saoire Atharthachta
- Teidlíochtaí ar Shaoire Uchtála
- Scéim Sos Gairme
- Scéim Postroinnte
- Scéim Saoire do Chúramóirí
- Teidlíochtaí ar Shaoire Tuismitheora
- Saoire Neamhíoctha
Sa leabhar leictreonach dar teideal ”Téarmaí agus Coinníollacha Fostaíochta Múinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta” - Eagrán 2 gheofar aon chaibidil déag maidir leis na réimsí thuasluaite. Gabhann an tEagrán seo áit Eagrán 1 agus anuas ar sin gabhann sé áit gach ciorcláin, meabhráin, rialach agus rialacháin maidir leis na réimsí seo a eisíodh roimhe seo.
Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Rialaíonn Rannóg Téarmaí agus Coinníollacha na Roinne téarmaí agus coinníollacha fostaíochta múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna aitheanta. Is é an rannóg seo a rialaíonn agus a dhéanann monatóireacht ar theidlíochtaí reachtúla agus neamhreachtúla múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta ar shaoire.
Faisnéis Seirbhíse
Roghnaigh na míreanna sa tábla thíos chun faisnéis a fháil ar an sos/tsaoire i dtrácht:
Cur síos