Eolas
Téarmaí agus Coinníollacha Fostaíochta
I gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta” tá 11 Scéim Saoire do mhúinteoirí cláraithe atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta mar seo a leanas:
- Caibidil 1: Scéim Saoire Bhreoiteachta
- Caibidil 2: Scéim Saoire Mháithreachais
- Caibidil 3: Scéim Saoire Uchtála
- Caibidil 4: Scéim Saoire Atharthachta
- Caibidil 5: Scéim Saoire Thuismitheoireachta
- Caibidil 6: Scéim Saoire Cúramóirí
- Caibidil 7: Scéim Sos Gairme
- Caibidil 8: Scéim Postroinnte
- Caibidil 9: Scéim um Athshannadh Sealadach le haghaidh Múinteoirí Bunscoile
- Caibidil 10: Saoire Bhliantúil Reachtúil/Saoirí Poiblí
- Caibidil 11: Saoire Neamhíoctha
Tagann an Ciorclán seo in áit Chaibidlí a Dó go dtí a hAon Déag d’Eagrán 2 de na “Téarmaí agus Coinníollacha Fostaíochta do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta” agus in áit na gciorclán, meabhrán, rialacha agus rialacháin i leith na gcineálacha saoire seo, a bhí ann roimhe seo.
Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta (SNAanna)
Is é ról Rannóg Téarmaí agus Coinníollacha Múinteoirí/SNAanna rialú a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a rialaíonn múinteoirí agus SNAanna atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta.
Eolas faoi na Seirbhísí
Roghnaigh ó na míreanna sa tábla thíos le haghaidh eolais ar na Sosanna/Saoirí ábhartha:
Cur síos
Eolas maidir leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta do mhúinteoirí agus do SNAanna.
Roghnaigh ón liosta thíos le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar cuí.