TBSP

Scéim Theagmhála Baile Scoile agus an Phobail (TBSP)

Scéim Theagmhála Baile Scoile agus an Phobail (TBSP)

Faoin Scéim DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna), tá an Scéim TBSP ar fáil do na scoileanna uile DEIS Banda Uirbeach 1, Banda Uirbeach 2 agus Iarbhunscoileanna DEIS. Tarraingíodh scoileanna tuaithe DEIS siar ó sheirbhís an Chomhordaitheora Tuaithe faoi TBSP i Meán Fómhair na bliana 2011.

Is féidir liosta de na scoileanna DEIS uile a íoslódáil ó Liosta na scoileanna DEIS.

Tugann an Leabhrán Eolais do scoileanna DEIS ag glacadh páirt sa Scéim Theagmhála Baile Scoile agus an Phobail eolas do scoileanna DEIS i mBanda Uirbeach 1, Banda Uirbeach 2 agus Iarbhunscoileanna DEIS faoin Scéim TBSP. 

Féach freisin Imlitir na Roinne Imlitir 0058/2013 Sannachán Chomhordaitheoirí Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail laistigh de scoileanna DEIS maidir leis na rialacháin agus nósanna imeacht atá le cur i bhfeidhm maidir le sannachán Chomhordaitheoirí TBSP laistigh de scoileanna DEIS. Tá leagan leasaithe de "Treoirlínte faoi úsáid an Deontas Teagmháil Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP)" laistigh Chiorclán 0058/2013 (Alt sé).

Ón 1 Eanáir 2014, aistríodh feidhmeanna reachtúla BNLO faoin Acht Oideachais (Leas) 2000, chuig an nGníomhaireacht nuabhunaithe um Leanaí agus an Teaghlach Tusla (an Ghníomhaireacht) agus díscaoileadh BNLO. Fanann freagracht as na seirbhísí a bhíodh á sholáthar ag BNLO anois le Seirbhísí Leasa Oideachais (SLO) na Gníomhaireachta nua, atá mar ghníomhaireacht stáit freagrach as leas agus torthaí do leanaí a fheabhsú. Leanann obair na Scéime TBSP mar chuid riachtanach de Sheirbhísí Leasa Oideachais comhtháite na Gníomhaireachta i scoileanna DEIS. Fanann an Roinn Oideachais agus Scileanna freagrach as leithdháileadh na gComhordaitheoirí TBSP ar scoileanna.

Teagmháil

R-phost:social_inclusion@education.ie

Seoladh: An Roinn Oideachais agus Scileanna, An tAonad um Chuimsiú Sóisialta, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hÍarmhí, N37 X659

Teil: (090) 648 3764 /3772

Féach Freisin