Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol
I 2011, d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun Litearthacht agus Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011- 2020 tar éis próiseas comhairliúcháin cuimsitheach.
Leagtar amach sa straitéis spriocanna chun feabhas a chur ar chaighdeáin litearthachta agus uimhearthachta atá le baint amach faoin mbliain 2020.
14 Márta, 2017 - Sheol an tAire Oideachais & Scileanna, an tUasal Richard Bruton, TD, tuairisc ar an Athbhreithniú Eatramhach den Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don fhoghlaim agus don Saol (2011-2020): Athbhreithniú Eatramhach 2011-2016; Spriocanna Nua 2017-2020 inniu.
Achoimre mar Eolas do Bhunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna – Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta 2011 – 2020: Athbhreithniú Eatramhach ar an Straitéis agus Spriocanna Nua (2017-2020)
Cliceáil ar na naisc thíos chun breathnú ar thuarascáil na Straitéise agus chun tuilleadh faisnéise a fháil:
Féach Freisin- Acmhainní Litearthachta agus Uimhearthachta do Thuismitheoirí: www.helpmykidlearn.ie
- An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta: www.ncca.ie
- An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí: www.pdst.ie
- Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Iar-bhunscoileanna): www.npcpp.ie
- Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Bunscoileanna): www.npc.ie
|