Laethanta Saoire Scoile Dátaí
Filleadh ar Scoil
Treochlár chun filleadh ar scoil go hiomlán
Laethanta Saoire an tSamhraidh
Ceanglaítear ar scoileanna bheith ar oscailt ar feadh 167 lá ar a laghad ar leibhéal na hiar-bhunscoile agus ar feadh 183 lá ar a laghad ar leibhéal na bunscoile. Ní laethanta saoire caighdeánaithe iad na laethanta saoire samhaidh agus féadfaidh scoileanna laethanta lánroghnacha a úsáid chun a chinneadh cén uair go beacht a thosóidh agus a chríochnóidh an scoilbhliain.
Is gnách go n-athosclófar scoileanna le linn na seachtaine ar a dtiteann an chéad lá de mhí Mheán Fómhair. Féadfaidh an scoilbhliain tosú sa tseachtain roimh an tseachtain ar a dtiteann an chéad lá de mhí Mheán Fómhair, áfach, i gcás gur gá déanamh amhlaidh chun cloí leis an gceanglas foriomlán atá ann go mbeadh an scoil ar oscailt ar feadh 167 lá ar a laghad ar leibhéal na hiar-bhunscoile nó ar feadh 183 lá ar a laghad ar leibhéal na bunscoile.
Ba cheart duit na dátaí beachta a sheiceáil le do scoil.
Sosanna caighdeánaithe don Nollaig, don Cháisc agus don lár-théarma
Tá na sosanna caighdeánaithe don Nollaig, don Cháisc agus don lár-théarma sa chéad agus sa dara téarma de na scoilbhlianta 2020/21, 2021/22 agus 2022/23 le fáil faoi Chiorclán 0005/2020 Caighdeánú na Scoilbhliana i leith Bunscoileanna & Iar-bhunscoileanna do na scoilbhlianta 2020/21, 2021/22 agus 2022/23