Bearta atá le glacadh ag scoileanna d’fhonn costas éidí scoile agus costais eile a laghdú
Tá cinneadh déanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna bearta a fhoilsiú atá le glacadh ag scoileanna d’fhonn costas éidí scoile agus costais eile a laghdú. Measann an tAire gur gá níos mó béime a chur ar chostas éidí scoile agus costais eile a laghdú.
Sa Phlean Gnímh don Oideachas 2016-2019 leagtar amach go n-eiseodh an Roinn Imlitir nua chuig údaráis scoile agus Boird Oideachais agus Oiliúna maidir le beartas éide scoile agus costais eile agus maidir leis an ngá le níos mó béime a chur ar chostas éide scoile agus costais eile a laghdú. Bailíodh tuairimí Comhairlí Náisiúnta na dTuismitheoirí agus comhpháirtithe oideachais eile agus cíoradh iad, agus baineadh leas astu agus an Imlitir á cur le chéile.
Bearta atá le glacadh ag scoileanna d’fhonn costas éidí scoile agus costais eile a laghdú
Iarrann an tAire ar údaráis scoile na bearta seo a leanas a ghlacadh chun costas éidí scoile agus costais eile a laghdú.
Prionsabail um chleachtas atá éifeachtach ó thaobh costais a bhfuil le glacadh leo
Ba chóir d’údaráis scoile glacadh leis na prionsabail seo a leanas atá éifeachtach ó thaobh costais de. Cuirfidh siad níos mó béime ar chostas éidí scoile agus costais eile a laghdú:
(a) Ba chóir gach cuid d’éide scoile a bheith le ceannach ó shiopaí éagsúla;
(b) Níor chóir ach suaitheantais ar féidir iad a iarnáil air nó a fhuáil air a úsáid;
(c) Am ar bith is féidir, ba chóir earraí cineálacha seachas earraí brandáilte a shonrú (m. sh. éide, éadaí, táibléid TF, trealamh spóirt srl..)
(d) Cuir liosta de na hearraí riachtanacha uile ar fáil do thuismitheoirí agus cuir in iúl an costas is dócha a bheidh ar na hearraí riachtanacha seo sna siopaí is fearr luacha;
(e) Cuir scéim iasachta leabhar ar fáil;
(f) Deireadh a chur, de réir a chéile, le leabhair oibre nach féidir a athúsáid, idir seo agus Meán Fómhair 2018 agus
(g) Má tá socrú soláthair eisiach i bhfeidhm, ba chóir tairiscintí a lorg go rialta.
Dul i gcomhairle le tuismitheoirí
Ba chóir do scoileanna dul i gcomhairle le tuismitheoirí maidir lena dtuairimí agus moltaí i dtaobh tionscnamh chun costais a laghdú. Ba chóir ceistneoir teimpléadach a phléann na prionsabail um chleachtas atá éifeachtach ó thaobh costais de a sheoladh chuig tuismitheoirí uair amháin i gceann gach trí bliana. Ba chóir don mBord Bainistíochta athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar chostas na n-earraí siúd a éilítear ar thuismitheoirí a cheannach agus ba chóir an t-eolas seo a chur ar fáil do phobal na scoile.
Scoileanna a chúiteamh as glacadh le prionsabail um chleachtas atá éifeachtach ó thaobh costais de
Cuirtear in iúl do scoileanna go bhfuil ar intinn ag an Aire Oideachais agus Scileanna scoileanna a thugann fianaise go bhfuil glactha acu leis na prionsabail um chleachtas atá éifeachtach ó thaobh costais de a chúiteamh de réir mar atá acmhainní ar fáil. Tá sé i gceist go bhféadfaí sin a dhéanamh trí bhiseach a chur ar dheontais chaipitíochta do scoileanna.
Líne ama do chur i ngníomh
Aithnítear go mb’fhéidir go bhfuil socruithe déanta ag scoileanna maidir le héidí scoile cheana féin i haghaidh Meán Fómhair 2017. Más é sin atá i gceist ba chóir do scoileanna an Imlitir seo a chur i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2017 ar aghaidh.
Féach an nasc thíos chuig Imlitir 0032/2017, le do thoil. Féach leis, an nasc chuig leagan Béarla den Imlitir.
Ceisteanna faoin imlitir seo
Ba chóir ceisteanna faoin imlitir seo a sheoladh trí ríomhphost chuig plds@education.gov.ie