le haghaidh an fhaisnéis is déanaí
Scoileanna agus Aimsir Chrua
Eachtraí de thairbhe na Drochaimsire
Má dhéantar dochar don scoil mar gheall ar dhrochaimsir, ní mór d’údaráis na scoile teagmháil a dhéanamh lena soláthraithe árachais lom láithreach. Má dhearbhaíonn do sholáthraí árachais nach gclúdaíonn siad an damáiste nó má tá do scoil clúdaithe ag Slánaíocht an Stáit, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le maoiniú na Scéime Oibreacha Éigeandála. Seo a leanas na sonraí teagmhála:
Fón:
Ríomhphost
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfaomhfar maoiniú Oibreacha Éigeandála go cúlghabhálach seachas nuair atá fógra tugtha don Roinn roimh ré. Mura féidir leat dul i dteagmháil lenár bhfoireann ar an bhfón, déan cinnte de, le do thoil, go seolann tú na sonraí seo a leanas ach ríomhphost a chur chuig emergency_works@education.gov.ie.
Ainm, Seoladh agus Uimhir Rolla na Scoile
Cur síos gairid ar an dochar a rinneadh agus ar na hoibreacha cóirithe atá riachtanach
Meastachán ar chostais na n-oibreacha (cuirtear i gcuimhne do scoileanna trí mheastachán a fháil maidir leis seo)