Éagsúlacht Phátrúnachta


Is é spriocdháta na suirbhéanna Meán Oíche Dé hAoine 8 Feabhra, 2013


Cad atá i gceist leis seo go léir?

Cé go soláthraíonn an Stát bunoideachas saor in aisce, is iad comhlachtaí pátrúnachta a bhunaíonn scoileanna agus a shainíonn éiteas na scoileanna sin agus a cheapann boird bhainistíochta a reáchtálann na scoileanna ó lá go lá. 

Tá an formhór mór (96%) de bhunscoileanna na hÉireann faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht sainaicmí creidimh agus thart ar 90% de na scoileanna sin faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. 

Tá a fhios againn go léir go bhfuil athrú mór tagtha ar shochaí na hÉireann le blianta beaga anuas.  Tá teaghlaigh lena mbaineann roinnt mhaith náisiúntachtaí, reiligiún agus prionsabail chreidimh éagsúla ina gcónaí anseo anois.  Caithfear ár gcóras oideachais a chur in oiriúint dá bhrí sin don saol nua seo lena chinntiú go léireofar meas ar thraidisiúin éagsúla agus ar chreidimh éagsúla na ndaltaí.

Fóram faoi Phátrúnacht Bunscoileanna

In 2011, bhunaigh an tAire Oideachais agus Scileanna grúpa saineolaithe chun dul i gcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh faoin gcaoi ar féidir le bunscoileanna níos mó traidisiún, reiligiún agus prionsabail chreidimh éagsúla a chuimsiú.  

In Aibreán 2012, ghlac agus d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, T.D. Tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais.

I Meitheamh 2012, mar chuid dá fhreagra ar mholtaí na tuarascála sin, thosaigh an tAire próiseas nua le féachaint an féidir roinnt scoileanna atá á reáchtáil ag an Eaglais Chaitliceach a aistriú chuig comhlachtaí pátrúnachta scoile eile i 44 ceantar ar fud na tíre.  Tugadh faoin bpróiseas seo ar bhonn píolótach sna ceantair seo a leanas: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, An Baile Nua, an Tuarascáil don Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua ar na suirbhéanna píolótacha a bhaineann le roghanna tuismitheoirí maidir le pátrúnacht bunscoileanna.(lena n-áirítear An Choill Mhór Thiar agus Beaumont), Baile Átha Troim agus an Trá Mhór.  I mí na Nollag 2012 foilsíodh  

Tá suirbhéanna á ndéanamh anois sna ceantair atá fágtha. [Cliceáil anseo chun liosta de na ceantair a fháil]

*Tabhair faoi deara le do thoil gur baineadh Baile Chill Dara den liosta bunaidh de na ceantair a bhfuil suirbhé le déanamh orthu tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí pátrúnachta.

Cén chaoi a dtarlóidh sé sin?

Is é  an chéad chéim eile sa phróiseas seo ná iarraidh ar thuismitheoirí / ar chaomhnóirí  gach linbh atá idir 0 agus 12 bhliain d'aois sna ceantair sin a rá linn cad iad na cineálacha bunscoileanna ar mhaith leo go bhfreastalódh a leanaí orthu. Is éard atá i gceist ná a fháil amach cá mhéad éileamh atá i measc tuismitheoirí / caomhnóirí maidir le rogha níos leithne a bheith acu ó thaobh cineálacha scoile sna ceantair sin a bhfuil rogha theoranta iontu faoi láthair.  Úsáidfear freagraí na dtuismitheoirí / na gcaomhnóirí le féachaint cad iad na hathruithe atá riachtanach, más gá aon athrú a dhéanamh, chun go mbeidh rogha níos leithne ann ó thaobh bunscoileanna sna ceantair sin.

Cé atá incháilithe chun an suirbhé a chomhlánú?

Tuismitheoirí / caomhnóirí gach linbh atá 0 go 12 bhliain d'aois sna ceantair a bhfuil suirbhé á dhéanamh orthu.  Breathnófar ar do rogha sa cheantar ina bhfuil cónaí ort agus ann amháin.

Cineálacha Pátrúnachta

Rangaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna bunscoileanna faoi láthair mar scoileanna sainchreidmheacha, idirchreidmheacha agus il-sainchreidmheacha a chuireann oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla nó na Gaeilge.

Pátrúnacht shainchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht pobal amháin creidimh.  Cuireann a leithéid de scoil oideachas reiligiúnach ar fáil de réir thraidisiúin, chleachtais agus phrionsabail chreidimh an phobail reiligiúnaigh faoi leith.  D'fhéadfadh sí oideachais níos leithne a chur ar fáil freisin faoi reiligiún agus éascú a dhéanamh ar iarrachtaí tuismitheoirí / caomhnóirí ó thraidisiúin chreidimh eile oideachas reiligiúnach a chur ar fáil ina gcóras creidimh féin.

Pátrúnacht idirchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht nó iontaobhas níos mó ná pobal creidimh reiligiúnaigh amháin.  Soláthraíonn a leithéid de scoil deiseanna éagsúla maidir le hoideachas reiligiúnach.

Pátrúnacht il-sainchreidmheach: Rangaítear dhá chineál bunscoile mar scoileanna il-sainchreidmheacha i gcomhthéacs na hÉireann:

  • Ar an gcéad dul síos, tá na scoileanna sin nach gcuireann oideachas reiligiúnach ar fáil mar mhúnlú dá ndaltaí i rith an lae scoile, ach a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus faoi phrionsabail chreidimh éagsúla.  Más mian leo, is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí socrú a dhéanamh i scoileanna den sórt sin chun oideachas reiligiúnach sainchreidmheach a chur ar fáil dá leanaí lasmuigh d'uaireanta scoile.
  • Ar an dara dul síos, tá na scoileanna sin a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus a chuireann roinnt múnlú creidimh ar fáil le haghaidh sainchreidimh éagsúla, ar iarratas tuismitheoirí, i rith an lae scoile, thar thréimhse 3 nó 4 seachtaine.

Cur síos ar Phátrúnacht

Scaip an Roinn liosta na gceantar ar gach pátrún agus d'iarr sí orthu liosta a sholáthar de na ceantair ina bhfuil spéis acu teacht chun bheith ina bpátrún.  D'iarr an Roinn orthu freisin cur síos gairid a dhéanamh ar an tsamhail phátrúnachta atá acu. Níl pátrún ar bith liostaithe sa suirbhé ach na pátrúin a chuir in iúl go raibh spéis acu a bheith ina bpátrún i gceann de na ceantair atá liostaithe sa suirbhé.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi sholáthraithe pátrúnachta, cliceáil anseo.

Cad a tharlóidh ansin?

Foilseoidh an Roinn Oideachais agus Scileanna tuarascálacha mionsonraithe faoi thorthaí na suirbhéanna.  Déanfar é sin ar bhealach a léireoidh meas iomlán ar rúndacht agus ar chearta cosantasonraí gach duine a thabharfaidh freagra. Féach an prótacal um chosaint sonraí le do thoil.

Cuirfidh torthaí an tsuirbhé ar ár gcumas a fháil amach cad é leibhéal an éilimh i measc tuismitheoirí maidir le héagsúlacht níos leithne a bheith ann ó thaobh rogha scoileanna de sna ceantair roghnaithe.  Má aithnítear go bhfuil éileamh den sórt sin ann, pléifear na roghanna i gcomhpháirtíocht leis na pátrúin agus leis na pobail scoile lena mbaineann maidir leis an gcaoi a bhféadfaí úinéireacht roinnt scoileanna a aistriú.

Ní bhunófar scoileanna breise sna ceantair de thoradh an phróisis seo.