03 Nollaig, 2019 - Aimsítear i mórstaidéar idirnáisiúnta go bhfuil daltaí na hÉireann i measc na ndaltaí is fearr feidhmíocht i litearthacht léitheoireachta

Fáiltíonn an tAire McHugh roimh fhoilsiú na dtorthaí ón gClár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) don bhliain 2018, áit a léirítear go bhfuil daltaí go mór os cionn an mheáin i léitheoireacht, in eolaíocht agus i matamaitic

D’fháiltigh Joe McHugh T.D., an tAire Oideachais agus Scileanna, inniu (Dé Máirt an 3 Nollaig 2019) roimh na torthaí ón gClár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) don bhliain 2018. Léirítear sna torthaí go bhfuil daltaí 15 bliana d’aois na hÉireann i measc na ndaltaí is fearr feidhmíocht i litearthacht léitheoireachta agus go bhfuil siad go mór os cionn mheán ECFE i matamaitic agus in eolaíocht.

Déantar an suirbhé PISA gach trí bliana agus is é an aidhm atá leis feidhmíocht daltaí 15 bliana d’aois a thomhas i dtrí réimse, mar atá léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht.

Áirítear na nithe seo le príomhfhionnachtana na measúnuithe a rinneadh sa bhliain 2018:

  • Tá Éire sa 4ú háit as 36 thír ECFE agus sa 3ú háit as 27 dtír Aontais Eorpaigh (AE) ó thaobh litearthacht léitheoireachta de.
  • Tá Éire san 8ú háit as na 77 gcinn de thíortha/réigiúin a ghlac páirt sa suirbhé PISA don bhliain 2018 ó thaobh litearthacht léitheoireachta de.[1]
  • Maidir le léitheoireacht, tá ag Éirinn i bhfad níos lú daltaí ísealfheidhmíochta (11.8% faoi bhun leibhéal 2) agus i bhfad níos mó daltaí ardfheidhmíochta (12.1% ag leibhéil 5 agus 6) ná meán ECFE.
  • Léirítear sna torthaí ón suirbhé PISA go bhfuil an difríocht feidhmíochta idir scoileanna in Éirinn níos ísle ná meán ECFE.
  • In Éirinn, tá an difríocht idir scoileanna (i.e. an difríocht idirscoile) ó thaobh feidhmíocht daltaí i litearthacht léitheoireachta de cothrom le thart ar leath na difríochta ar an meán ar fud thíortha ECFE.[2]
  • Is féidir a mheas, dá bhrí sin, gur measartha cothrom atá na hiar-bhunscoileanna in Éirinn agus go bhfuil feidhmíocht os cionn an mheáin acu sna trí réimse measúnachta.

Dúirt an tAire McHugh: “Tá ag éirí leis an díriú atáimid ag cur ar chóras oideachais cothrom a chruthú. Ábhar misnigh ar leith is ea go bhfuil an difríocht idir scoileanna i bhfad níos lú ná an difríocht atá le feiceáil i dtíortha eile sna torthaí seo ón suirbhé PISA.

“Is féidir an-chuid den rath sin a chur síos don díriú atá an Rialtas ag cur ar an gclár DEIS.

“Tá sárchaighdeáin léitheoireachta ag daltaí Éireannacha. Tá siad i measc na ndaltaí is fearr sa réimse sin. Tá an líon daltaí ísealghnóthachtála i measc an lín is ísle sna 77 dtír a tástáladh.

“Is dea-staid í sin agus ní mór aitheantas a thabhairt ina leith do na tionscnaimh oideachais atá á gcur chun cinn ag an Roinn, lena n-áirítear an Straitéis Náisiúnta um Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol (2011-2020), agus don dóigh a bhfuil siad á nglacadh ag ár scoileanna, a bhuí le tiomantas ár múinteoirí.

“Tríd is tríd, tá na torthaí i matamaitic agus in eolaíocht measartha seasmhach agus tá ár ndaltaí ag feidhmiú os cionn an mheáin. Mar sin féin, is féidir linn feabhsú tuilleadh. Táim muiníneach go gcuirfear feabhas ar smaointeoireacht chriticiúil ár ndaltaí de bharr na n-athruithe atá á ndéanamh sa tSraith Shóisearach. Tá níos mó i gceist leis anois ná na fíricí agus an t-eolas a theagascaimid dár ndaoine óga, ach tá sé i gceist leis freisin a fháil amach conas is féidir leo úsáid a bhaint astu sin.

“Tá an Rialtas tiomanta don ghlacadh leis an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (STEM) a chur chun cinn. Príomhní ina leith sin is ea an líon ban óg a thugann faoi na hábhair sin a mhéadú. Beimid ag cur na dtorthaí ón suirbhé PISA san áireamh agus muid ag breithniú na ngníomhartha a dhéanfar sa chéad Phlean Forfheidhmithe STEM eile ón mbliain 2020 i leith.

“Ina theannta sin, mar chuid dár n-obair chun tuilleadh teicneolaíochta a sholáthar i scoileanna, tá €110 milliún infheistithe ag an Rialtas i TFC sa seomra ranga ón mbliain 2017 i leith. Infheisteofar €100 milliún sa bhreis faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna de chuid Thionscadal Éireann 2040, rud a chinnteoidh go mbeidh daltaí níos inniúla i dteicneolaíochtaí a úsáid don oideachas.”

Formáid tástála ríomhaire-bhunaithe is ea an suirbhé PISA don bhliain 2018. Bhí réamhthaithí ar an gcineál sin tástála ag geall le leath na ndaltaí Éireannacha a rinne na trialacha. Rinne níos mó na 5,000 dalta Éireannach san iomlán iad.

Tugadh tástáil ríomhaire-bhunaithe isteach den chéad uair sa suirbhé PISA don bhliain 2015. Dá bharr sin, bhí an suirbhé PISA in ann na daltaí a thástáil ó thaobh an chumais atá acu chun scileanna imscrúdaitheacha eolaíocha a úsáid i dturgnaimh fhíorúla. Méadaíodh an céatadán de na míreanna sin sa bhliain 2018, rud a bhí ag teacht leis an mbéim mhéadaitheach atá á leagan ar thomhas a dhéanamh ar chumas na ndaltaí chun scileanna eolaíocha a úsáid, in ionad an t-eolas atá acu ar fhíricí eolaíocha a thomhas.

Ní raibh taithí ar an gcuraclam nua eolaíochta ag ach 2% de na daltaí Éireannacha a rinne an triail don suirbhé PISA don bhliain 2018. Sa bhabhta den suirbhé PISA a bheidh ar siúl sa bhliain 2021, beifear in ann a mheas ar bhealach níos fearr cé chomh héifeachtach agus atá na hathruithe sa tSraith Shóisearach.

Fionnachtana eile ón suirbhé PISA don bhliain 2018

  • I gcomparáid leis an meán ar fud thíortha ECFE, is ísle an céatadán de dhaltaí ísealfheidhmíochta atá ag Éirinn sna trí réimse uile.
  • Is fearr feidhmíocht na gcailíní ná feidhmíocht na mbuachaillí ó thaobh léitheoireachta de. Tá difríocht 23.2 phointe scóir eatarthu sa réimse sin.[3]
  • Is measartha seasmhach a bhí feidhmíocht na ndaltaí Éireannacha in eolaíocht agus i matamaitic – agus í os cionn mheánscóir ECFE – idir an bhliain 2015 agus an bhliain 2018.
  • Tá feidhmíocht na gcailíní in eolaíocht beagáinín níos fearr ná feidhmíocht na mbuachaillí san ábhar sin. Mar sin féin, ní mheastar na torthaí a bheith suntasach ó thaobh staitistice de.
  • Maidir le heolaíocht, bhí daltaí Éireannacha sa 17ú háit as 37 dtír ECFE, san 11ú háit as 28 dtír AE agus sa 22ú háit as 78 gcinn de thíortha/réigiúin rannpháirteacha.
  • Is ísle ná an meán an líon daltaí ísealfheidhmíochta in eolaíocht atá ag Éirinn.
  • Maidir le matamaitic, bhí daltaí Éireannacha sa 16ú háit as 37 dtír ECFE agus san 21ú háit as 78 gcinn de thíortha/réigiúin rannpháirteacha.
  • Is ísle ná an meán an líon daltaí ísealfheidhmíochta i matamaitic atá ag Éirinn.

Tuilleadh faisnéise:

Is féidir an tuarascáil náisiúnta ar an suirbhé PISA don bhliain 2018 in Éirinn a rochtain ag www.erc.ie.

Is féidir tuarascálacha idirnáisiúnta ar an suirbhé PISA don bhliain 2018 a rochtain ag www.oecd.org/pisa.

Is féidir míreanna samplacha ó litearthacht léitheoireachta, eolaíocht agus matamaitic an tsuirbhé PISA a fheiceáil sa tuarascáil náisiúnta d’Éirinn. Is féidir iad a dhéanamh go hidirghníomhach ag www.oecd.org/pisa.

CRÍOCH

Aguisín A

Cúlra ar an Suirbhé PISA don bhliain 2018

Is é atá sa Chlár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) ná tionscadal de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) a bhfuil mar aidhm leis a thomhas cé chomh maith is atá daltaí 15 bliana d’aois ullmhaithe chun déileáil leis na dúshláin a bhféadfadh siad teacht orthu sa todhchaí, lena n-áirítear san oideachas.

Déantar an suirbhé PISA gach trí bliana agus measúnaítear daltaí i dtrí réimse, mar atá léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht, lena linn.

Tá an suirbhé PISA bunaithe ar shampla randamach daltaí 15 bliana d’aois i ngach ceann de na tíortha rannpháirteacha. Sa bhliain 2018, ghlac breis agus 500,000 dalta 15 bliana d’aois i 79 gcinn de thíortha/gheilleagair páirt sa suirbhé PISA. Áiríodh leo na 37 gcinn uile de thíortha ECFE. In Éirinn, ghlac 5,577 ndalta ó 157 scoil páirt sa suirbhé.

De na tíortha/geilleagair a ghlac páirt ann, bhailigh 78 gcinn sonraí gnóthachtála a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid.

Ba í litearthacht léitheoireachta an mór-réimse measúnachta sa bhliain 2018. Measúnaíodh eolaíocht agus matamaitic mar mhionréimsí. Is é an Foras Taighde ar Oideachas a chuireann an suirbhé PISA chun feidhme in Éirinn thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna.

In Éirinn, ba i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2018 a rinneadh Príomhstaidéar an tsuirbhé PISA. Roghnaíodh na daltaí ó chúig leibhéal bliana: An Chéad Bhliain/an Dara Bliain (1.9%), an Tríú Bliain (61.6%), an Idirbhliain (27.9%) agus an Cúigiú Bliain (8.5%).

De na daltaí a ghlac páirt sa suirbhé, cailíní a bhí i 49.8% díobh agus buachaillí a bhí i 50.2% díobh (céatadáin ualaithe).

Scálaíodh trialacha an tsuirbhé PISA de réir mheán ECFE a bhí cothrom le 500 pointe. Bhí diall caighdeánach 100 pointe ann sa chéad timthriall a raibh mórstádas ag réimse ar leith ann – litearthacht léitheoireachta sa bhliain 2000, matamaitic sa bhliain 2003, agus eolaíocht sa bhliain 2006 Fágann sé sin gur féidir an fheidhmíocht sa bhliain 2015 a nascadh leis na timthriallta sin agus le timthriallta ina dhiaidh sin.

Cén dóigh a riartar an suirbhé PISA?

Tá an suirbhé PISA á stiúradh ag ballrialtais trí ECFE. Déantar amhlaidh ar bhonn leasanna atá comhroinnte agus bunaithe ar bheartais. Ón mbliain 2015 i leith, tá an suirbhé PISA á bhainistiú ag cuibhreannas cúig institiúid, agus é faoi stiúir ag an Educational Testing Service (ETS) sna Stáit Aontaithe. Is é an Foras Taighde ar Oideachas a chuireann an suirbhé PISA chun feidhme in Éirinn thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna.

In Éirinn, ba iad cigirí ón Roinn Oideachais agus Scileanna, cigirí ar scor, príomhoidí, agus ionadaithe ón bhForas Taighde ar Oideachas a riar an suirbhé PISA don bhliain 2018.

Chun an príomhstaidéar a dhéanamh, roghnaíodh sampla ionadaíoch 157 scoil in Éirinn chun páirt a ghlacadh sa suirbhé PISA don bhliain 2018. Ba é Westat, ceann de na heagraíochtaí i gcuibhreannas idirnáisiúnta an tsuirbhé PISA, a roghnaigh an sampla sin.

Chun samplaí atá ionadaíoch don tír ar leith a fháil sa suirbhé PISA, tugann gach tír eolas do Westat faoi na saintréithe den iar-bhunoideachas atá ábhartha ón taobh struchtúrach, déimeagrafach agus acadúil de. Ar ndóigh, bíonn siad difriúil ó thír go tír.

In Éirinn, grúpáladh scoileanna ar an bhfráma samplála (liosta de na scoileanna uile ina raibh daltaí a bhí incháilithe le haghaidh an tsuirbhé PISA) de réir mhéid a rolla (scoil mhór, scoil mheánmhéide nó scoil bheag, ag brath ar an líon daltaí 15 bliana d’aois a bhí ar an rolla) agus de réir earnála (meánscoil, scoil Boird Oideachais agus Oiliúna/gairmscoil, pobalscoil/scoil chuimsitheach).

Laistigh de gach ceann de na naoi ngrúpa iarmhartacha, cuireadh na scoileanna in ord de réir an chéatadáin de dhaltaí baineanna 15 bliana d’aois a bhí sa scoil agus de réir ceathairíl shocheacnamaíoch, bunaithe ar an gcéatadán de dhaltaí i scoil a raibh tarscaoileadh acu ó tháillí a íoc as scrúduithe an Teastais Shóisearaigh. I ngach scoil roghnaithe, roghnaíodh suas le 44 dhalta 15 bliana d’aois (iad sin a rugadh sa bhliain 2002) chun páirt a ghlacadh sa suirbhé.

Cé na nithe a mheasúnaítear sa suirbhé PISA?

Dírítear i ngach timthriall den suirbhé PISA ar ‘mhór-réimse’ amháin – litearthacht léitheoireachta, litearthacht mhatamaitice nó litearthacht eolaíochta. Is ar an mór-réimse sin a chaitear an chuid is mó den am tástála. Tugtar cuntas gnóthachtála nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna i leith na ‘mionréimsí’.

Ba í Litearthacht Léitheoireachta an mór-réimse sa suirbhé PISA don bhliain 2018. Ba iad matamaitic agus eolaíocht na mionréimsí sa suirbhé sin. Ba í Litearthacht Léitheoireachta an mór-réimse sna blianta 2009 agus 2000 freisin. Ós rud é go ndearnadh tástáil níos grinne ar an gcumas i Litearthacht Léitheoireachta sna blianta 2000, 2009 agus 2018, creideann ECFE gur féidir teacht ar shonraí treochta níos cruinne do Litearthacht Léitheoireachta trí fheidhmíocht na ndaltaí sna blianta sin a chur i gcomparáid le chéile.

Díríodh ar léitheoireacht mar mhór-réimse sa suirbhé PISA don bhliain 2018. Tomhaistear ann cumas na ndaltaí sna nithe seo a leanas:

Faisnéis a aimsiú; Tuiscint; agus Meastóireacht agus Machnamh a dhéanamh.

Bailítear sa suirbhé PISA freisin faisnéis chomhthéacsúil a thógtar ó cheistneoirí a chomhlánaíonn daltaí agus príomhoidí, mar aon le faisnéis áirithe a thógtar ó fhoinsí náisiúnta (amhail bunachar sonraí iar-bhunscoile na Roinne Oideachais agus Scileanna). Áiríodh iad seo a leanas leis na ceistneoirí a riaradh in Éirinn sa bhliain 2018:

  • an croícheistneoir do dhaltaí
  • ceistneoir gearr roghnach do dhaltaí ar TFC
  • ceistneoir gearr roghnach do dhaltaí ar Ghairmeacha san Oideachas
  • ceistneoir gearr roghnach do dhaltaí ar Fholláine
  • croícheistneoir scoile do phríomhoidí scoile nó dá n-ainmní/dá n-ainmnithe
  • ceistneoir do thuismitheoirí
  • ceistneoir a forbraíodh ar leibhéal náisiúnta do mhúinteoirí Bhéarla na Sraithe Sóisearaí.

 Tá sé beartaithe ag an bhForas Taighde ar Oideachas tuilleadh tuarascálacha a fhoilsiú bunaithe ar na torthaí ó na suirbhéanna sin.

Cé na difríochtaí idir na trialacha a rinneadh sa bhliain 2018 agus measúnuithe a rinneadh níos luaithe mar chuid den suirbhé PISA?

Ba mar thriail ‘peann luaidhe agus páipéar’ a riaradh an triail ar dtús. Ón mbliain 2015 i leith, tá an suirbhé PISA á riar go hiomlán ar ríomhaire i bhformhór na dtíortha rannpháirteacha, lena n-áirítear gach tír de ECFE.

Bhain 70 ceann de na 79 dtír rannpháirteacha, Éire ina measc, úsáid as ardán ríomhairebhunaithe chun an measúnú a riar. A bhuí le feabhsuithe a tugadh isteach sa suirbhé PISA don bhliain 2015, bhíothas in ann tuilleadh ceisteanna trialach a chur in aghaidh an réimse.

Athruithe ar an triail Litearthachta Léitheoireachta

Is é is aidhm don suirbhé PISA tomhas a dhéanamh ar an gcumas atá ag daltaí scileanna litearthachta léitheoireachta a úsáid sa ghnáthshaol. Tá an triail PISA don bhliain 2018 ag teacht leis na hathruithe atá tagtha ar an tuiscint atá againn ar chineál na litearthachta léitheoireachta. Tháinig an chuid is mó de na hathruithe sin as cineál athraitheach na léitheoireachta – mar shampla, chun doiciméid ar líne, suíomhanna Gréasáin agus na meáin shóisialta a léamh anois, teastaíonn scileanna litearthachta nach raibh coitianta sa bhliain 2000. I dtimthriall na bliana 2018, ba é a bhí i gceist leis na hábhair a úsáideadh sa triail litearthachta léitheoireachta ná formáidí nua téacs dhinimiciúil a bhfuil feidhmiúlachtaí breise acu, mar shampla iltéacsanna, hipearnaisc, nascleanúint agus roghchláir anuas.

Mar aon le formáidí nua ábhair thrialach agus míre trialach a fhorbairt, tugadh tástáil oiriúnaitheach do thíortha ríomhairebhunaithe isteach sa suirbhé PISA don bhliain 2018 freisin ar mhaithe le feabhas a chur ar chruinneas agus cothroime na trialach léitheoireachta. Tá an triail oiriúnaitheach do leibhéal cumais gach dalta - tosaíonn daltaí ar thacar coiteann míreanna ar dtús agus, ag eatraimh dhifriúla, téann siad ar aghaidh go míreanna níos éasca nó níos deacra ansin, bunaithe ar a bhfeidhmíocht roimhe.

Athruithe eile ar an triail

Ba é a bhí i gceist leis an measúnú ar litearthacht eolaíochta sa bhliain 2018 ná fo-thacar míreanna trialach a tógadh ón measúnú ar eolaíocht sa bhliain 2015. Cuireadh míreanna treochta ó thimthriallta roimhe i láthair, in éineacht le hábhair spreagtha nua d’eolaíocht. Forbraíodh na hábhair sin don mheasúnú ar eolaíocht sa suirbhé PISA don bhliain 2015. Áiríodh leis na cineálacha míre nua sin míreanna idirghníomhacha, ar ina leith a iarradh ar dhaltaí turgnaimh a ionsamhlú trí roinnt athróg a rialú ag an aon am amháin agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí, agus tagairt á déanamh don cheist lena mbaineann.

Tosca comhthéacsúla atá le cur san áireamh le linn féachaint ar fheidhmíocht agus ar threochtaí

  • Tá an suirbhé PISA ina mheasúnú ríomhairebhunaithe (ón mbliain 2015 i leith) agus áirítear leis na trialacha i léitheoireacht agus in eolaíocht anois formáidí míre nua agus modh measúnaithe a bhfuil seans ann nach bhfuil daltaí in Éirinn cleachta leo.
  • Leanann an líon balltíortha de ECFE de bheith ag méadú. Fágann sé sin go dtagann athrú tréimhsiúil ar mheán ECFE de réir mar a théann tíortha nua isteach ann. Ina theannta sin, ní ionann B-S-J-Z (Béising, Shang-hai, Jiangsu agus Zhejiang) - An tSín sa bhliain 2018 agus B-S-J-G - An tSín sa bhliain 2015 sa mhéid is gur cuireadh cúige amháin, Zhejiang, in áit cúige eile, Guangdong.
  • Tá meán ECFE ag laghdú go seasta i ngach ceann de na trí réimse sna timthriallta is déanaí den suirbhé PISA.
  • Maidir leis na daltaí in Éirinn a ghlac páirt sa suirbhé PISA sa bhliain 2018, ar daltaí iad a tógadh ó leibhéil dhifriúla ghráid idir an chéad bhliain agus an cúigiú bliain (agus a bhformhór sa tríú bliain), rinne siad staidéar, nó bhí siad ag déanamh staidéar, ar mheascán ábhar a bhí bunaithe ar shiollabais Teastais Shóisearaigh a foilsíodh roimh an mbliain 2012. Rinne siad staidéar, nó bhí siad ag déanamh staidéar, ar roinnt ábhar faoi na sonraíochtaí nua don tSraith Shóisearach freisin, ó tugadh athruithe chéim a haon isteach sa bhliain 2014.
  • Ba sa bhliain 2014 a tugadh an tsonraíocht do Bhéarla isteach. Dá bhrí sin, rinne na daltaí uile a ghlac páirt sa suirbhé PISA don bhliain 2018 staidéar faoin tsonraíocht nua. 
  • Ba sa bhliain 2016 a tugadh an tsonraíocht nua d’eolaíocht isteach agus ba i mí an Mheithimh 2019 a shuigh an chéad ghrúpa daltaí an scrúdú lena mbaineann. Dá bhrí sin, rinne níos lú ná 2% de na daltaí a ghlac páirt sa suirbhé PISA don bhliain 2018 staidéar faoin tsonraíocht nua d’eolaíocht. 
  • Ba i mí Mheán Fómhair 2018 a tugadh an tsonraíocht nua do mhatamaitic isteach. Dá bhrí sin, ní dhearna aon daltaí a ghlac páirt sa suirbhé PISA don bhliain 2018 staidéar faoin tsonraíocht nua. 
  • Sna timthriallta is déanaí, tháinig laghdú beag ar an gcéatadán de dhaltaí atá ag feidhmiú de réir na leibhéal is airde in eolaíocht agus i matamaitic. B’ísle i bhfad an líon daltaí ardghnóthachtála i matamaitic sa bhliain 2018 ná sa bhliain 2012. 
  • Tá céatadán réasúnta íseal daltaí ardfheidhmíochta againn in Éirinn i gcomparáid le tíortha a bhain meánscóir chomhchosúla amach i matamaitic agus in eolaíocht. 
  • Tá sé beartaithe ag an bhForas Taighde ar Oideachas roinnt anailísí breise a fhoilsiú sa bhliain 2020-2021 ar théamaí atá ábhartha don bheartas, amhail folláine daltaí, teicneolaíocht dhigiteach, litearthacht léitheoireachta agus feidhmíocht daltaí i scoileanna DEIS sa suirbhé PISA.

Aguisín B

Scóir i Litearthacht Léitheoireachta

Scóir in Eolaíocht

Scóir i Matamaitic

[1] Is bunaithe ar 36 thír atá meán ECFE do litearthacht léitheoireachta sa bhliain 2018 agus is bunaithe ar 37 dtír atá an meán do mhatamaitic agus d’eolaíocht. Tá an tuairisciú ar shonraí litearthachta léitheoireachta an tsuirbhé PISA don bhliain 2018 i dtaca leis an Spáinn á iarchur go dtí go n-imscrúdófar patrúin fho-optamacha freagartha. De bhreis air sin, déantar tagairt sa tuairisciú do 78 gcinn de thíortha/gheilleagair (77 gcinn i gcás litearthacht léitheoireachta de bharr na torthaí i dtaca leis an Spáinn a bheith á n-imscrúdú), cé gur ghlac 79 gcinn de thíortha/réigiúin páirt sa suirbhé PISA don bhliain 2018. Ní rabhthas in ann comparáideacht idirnáisiúnta iomlán na dtorthaí do Vítneam a dhearbhú ag an am a foilsíodh an tuarascáil.

[2] Agus í cothrom le 11.1%, is íseal in Éirinn atá an difríocht idirscoile mar chéatadán den mheániomlán difríochta i bhfeidhmíocht léitheoireachta ar fud thíortha ECFE. Is ionann an meán ar fud thíortha ECFE agus 29.0%.

[3] Tugtar míniú ar phointí scóir ECFE i Nótaí d’Eagarthóirí