12 Lúnasa, 2019 - Fógraíonn an tAire McHugh critéir nua chun díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú

Ciorcláin nua le cur i bhfeidhm i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ó thús na scoilbhliana nua

 

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. inniu (Luain 12 Lúnasa) critéir nua do scoileanna chun díolúintí a dheonú do scoláirí ó staidéar na Gaeilge.

Tar éis comhairliúchán fairsing poiblí, níos luaithe i mbliana, ar na dréacht-leasuithe ar an gcóras, cuirfear i bhfeidhm ciorcláin leasaithe do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna don scoilbhliain 2019/2020.

Déanfar na ciorcláin nua a eisiúint i mí Mheán Fómhair agus tiocfaidh siad in ionad na rialacha ar dhíolúintí atá ann faoi láthair agus atá ann le breis agus 25 bliana.

Dúirt an tAire McHugh: “Tá sé i bhfad thar am ollchóiriú a dhéanamh ar an gcóras chun díolúintí a dheonú ó staidéar na Gaeilge. Trí phríomhathruithe a dhéanamh beidh an córas níos cothroime agus níos tacúla do scoláirí agus beifear ag deimhniú ag an am céanna go bhfuil fáil chothrom ag gach leanbh ar staidéar na Gaeilge.”

Léiríodh freagairt nach bhfacthas a leithéid cheana ar an gcomhairliúchán poiblí ar cheist na ndíolúintí, a tharla idir 7 Nollaig 2018 agus 18 Eanáir 2019, agus ina ndearna 11,109 freagróirí aonair a dtuairimí a léiriú.

Dúirt an tAire McHugh: “Léiríodh spéis thar na bearta sa chomhairliúchán poiblí. Sin é an fáth go ndearna mise cinneadh síneadh breise a chur leis isteach sa Bhliain Nua. Thacaigh formhór na ndaoine a ghlac páirt ann leis na hathruithe a bhí á mholadh. Creidim go bhfuil na critéir nua cóir agus cothrom agus go bhfuil córas nua na ndíolúintí níos mó chun dáta le cleachtais theagaisc agus go dtacaíonn siad le samhlacha agus go gcuidíonn siad le deireadh a chur le débhríocht bainteach le díolúintí.”

 

Áirítear mar chuid de na príomhathruithe sna ciorcláin leasaithe:

 

  • Ní bhainfidh na critéir nua ach le scoileanna atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla.

 

  • Ní bheidh ar scoláirí i scoileanna speisialta ná i ranganna speisialta atá mar chuid de scoileanna príomhshrutha iarratas a dhéanamh ar dhíolúine a éileamh.

 

  • Ní bheidh gá feasta le measúnuithe síceolaíochta chun iarratas do dhíolúine a phróiseáil.

 

  • Ní dhéanfar díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú do scoláirí ach i gcúinsí a bhíonn annamh agus eisceachtúil.

 

  • Tá na critéir aois-ábhartha a bhaineann le cinntí ar dhíolúintí á n-athrú ó aon bhliain  déag d’aois go dhá bhliain déag d’aois, rud a chuireann an ciorclán de réir bhliain dheiridh an bhunoideachais.

 

  • Leanfar leis an socrú gur é/í príomhoide na scoile a dhéanfaidh an cinneadh maidir le díolúine a dheonú.

 

  • Ní cóir glacadh le cinneadh go dtí go dtarlaíonn mionphlé le tuismitheoir nó caomhnóir an scoláire, leis na múinteoirí oideachas speisialta agus leis an scoláire.

 

Dúirt an tAire McHugh: “Ní cóir an cinneadh a dhéanamh go héadrom maidir le díolúine a dheonú ó staidéar na Gaeilge. Cinneadh tábhachtach atá i gceist a mbeidh tionchar aige ar fhoghlaim thodhchaí an fhoghlaimeora. Tá tuiscint níos fearr á fháil ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas agus le teanga a staidéar ó aois óg agus léiríonn staidéir go gcuidíonn a leithéid le gastacht meabhrach, go mbíonn sé níos éasca dá réir an tríú teanga nó teangacha eile a fhoghlaim agus go gcuidíonn sí le gnóthachtáil acadúil linbh a thacú in ábháir eile, cosúil le Matamaitic.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd uile a d’fhreagair do phróiseas an chomhairliúcháin phoiblí, rud a chuidigh go mór le heolas a sholáthar chun na ciorcláin a chríochnú.”

Déanfar na ciorcláin nua, mar aon le miontreoracha, a eisiúint chuig scoileanna sna seachtainí atá le teacht agus beidh fáil orthu ar láithreán gréasáin na Roinne ag tús na scoilbhliana.

 

CRÍOCH

 

Nótaí don Eagarthóir:

Príomhathruithe sna ciorcláin leasaithe ar dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge

 

Teanga teagaisc na scoile

Is i scoileanna atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla amháin atá na ciorcláin leasaithe le feidhmiú toisc gur gá do scoláirí atá cláraithe i scoileanna agus i suíomhanna lán-Ghaeilge a bheith páirteach i staidéar na Gaeilge chun an chuid eile den churaclam a rochtain.

 

Scoileanna speisialta agus ranganna speisialta

Tá sé luaite go sonrach sna ciorcláin leasaithe nach gá do scoláirí i scoileanna speisialta ná i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha iarratas a dhéanamh ar dhíolúine. Aithnítear i gcónaí an neamhspleáchas agus an discréid atá ag údarás na scoile chun an curaclam a chur in oiriúint le freastal, ar an mbealach is fearr, ar riachtanais aonair scoláirí. 

 

Na cúinsí inar féidir díolúintí a dheonú agus critéir ábhartha eile

Tá na critéir aois-ábhartha athraithe ó aon bhliain déag go dhá bhliain déag d’aois i gcás scoláirí:

  1. a fuair a gcuid oideachais go dhá bhliain déag d’aois (nó go dtí an bhliain dheireanach dá mbunoideachas agus an bhliain sin san áireamh) lasmuigh den stát
  2. a bhí cláraithe roimhe sin mar scoláirí aitheanta i mbunscoileanna agus atá á n-athchlárú tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, ar an gcoinníoll go bhfuil trí bliana i ndiaidh a chéile, ar a laghad, caite ó bhí siad cláraithe cheana sa stát agus go bhfuil an scoláirí dhá bhliain déag d’aois, ar a laghad, agus iad ag athchlárú. 

 

Scoláirí le deacrachtaí foghlama suntasacha

Tá sé leagtha amach sa chiorclán leasaithe gur féidir díolúine a dheonú i gcúinsí ina léirítear deacrachtaí foghlama suntasacha ag scoláirí agus iad leanúnach in ainneoin fáil a bheith acu ar chur chuige difreáilte don fhoghlaim agus don litearthacht thar thréimhse ama. Ina leithéid de chúinsí, is féidir breathnú ar iarratas maidir le díolúine a dheonú nuair a  bhíonn scoláire tar éis teacht chomh fada le rang a dó ar a laghad agus, ag am an iarratais, go mbíonn scór caighdeánach aige/aici ar thriail scoite i léamh focal i léamhthuiscint nó litriú atá ag/faoi bhun an 10ú peircintíl.

 

Measúnuithe Síceolaíochta

Ní bhaintear úsáid níos mó as Sainuimhir Intleachta Meánach/Os Cionn an Mheáin mar shonraitheoir diagnóiseach. Bunaithe ar na dréacht-chiorcláin leasaithe, ní bheidh gá feasta le measúnuithe síceolaíochta chun iarratais do dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge a phróiseáil. 

 

Meicníocht achomhairc

Tá soláthar sna ciorcláin leasaithe don achomharc ar chinneadh scoile chun deonú ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge a dhiúltú. Bunóidh an tAire painéal daoine a bhfuil saineolas acu ar fhoghlaim leanaí óna bhféadfaí Bord um Phróiseas Achomhairc a chur le chéile, ar bhonn eatraimh, faoi réir ag athbhreithniú ar an bhfeidhmiú tar éis dhá bhliain. Thabharfadh sé seo deis do na próisis nua socrú síos fad a bhíonn an Bille um Chairt Tuismitheoirí agus Daltaí le hachtú. Tá sé i gceist cruinniú den Bhord um Phróiseas Achomhairc a thionól faoi dhó sa bhliain chun breathnú ar chásanna nach bhféadfaí a réiteach ag leibhéal na scoile. Déanfar an Bord a chomhdhéanamh ó phainéal ar a mbeidh saineolaithe ábhartha ar nós Cigirí/iar-Chigirí, síceolaithe/iar-shíceolaithe ó NEPS agus oideachasóirí (m.sh. ó Institiúidí Ardoideachais).   

 

Athbhreithniú

Tá an Roinn tiomanta d’fheidhmiú na gciorlán leasaithe a athbhreithniú tar éis dhá bhliain le deimhniú go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm mar is cóir agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar aon cheisteanna nó débhríochtaí a d’fhéadfadh eascairt le linn na tréimhse sin.

 

Freagairt ar an gComhairliúchán

 

Foilseofar an tuarascáil dheiridh ar an gcomhairliúchán poiblí ar dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge ar an láithreán gréasáin sna seachtainí atá le teacht.

 

  • D’fhreagair 11,109 duine aonair don suirbhé idir 7 Meán Fómhair 2018 agus 18 Eanáir 2019. Is i mBéarla a bhí 95% de na freagairtí.

 

  • Thuairiscigh 57% de na freagróirí gur tuismitheoirí iad; 41% gur múinteoirí iad; 17% gur scoláirí iad.

 

  • Chuir 24 eagraíocht agus 125 duine aonair aighneachtaí scríofa ar fáil. Bhain na heagraíochtaí i gcoitinne le cúig chineál páirtithe leasmhara– tuismitheoirí, múinteoirí, bainistíocht scoileanna, ollscoileanna, eagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí míchumas agus riachtanas spisialta.

 

  • Rinne oifigigh na Roinne cruinnithe a thionól le dhá eagraíocht – Foras na Gaeilge agus Cumann Disléicse na hÉireann – mar thoradh ar éilimh chun tuilleadh plé a dhéanamh ar na haighneachtaí.