Inniu, d’fhógair Joe McHugh T.D. an phátrúnacht ar 12 bhunscoil nua atá le bunú in 2019.
I ngach cás, ghlac an tAire le moltaí an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN). Fógraíodh na scoileanna seo i mí Aibreáin 2018 chun freastal ar roinnt ceantar ar fud na tíre ina bhfuil méadú ar na brúanna déimeagrafach.
Dúirt an tAire McHugh: “Tá bunú na scoileanna nua seo mar chuid ríthábhachtach de phleananna lena dheimhniú go mbíonn dóthain áiteanna scoile ar fáil chun freastal ar an gcohórt daltaí ag an mbunleibhéal a bheidh ag dul i méid sna blianta atá le teacht. Leanfar ag cur áiteanna breise ar fáil leis an soláthar atá ann faoi láthair a leathnú, mar atá sa Chlár Sé Bliana um Infheistíocht Chaipitil i Scoileanna 2016-2021.”
Dúirt an tAire: “Bíonn rogha na dtuismitheoirí mar phríomhchinntitheach anois nuair a bhíonn socrú á dhéanamh maidir le pátrúnacht scoileanna nua agus cuireann sé áthas orm a chur in iúl go bhfuil roghanna na dtuismitheoirí mar a léiríodh tríd an bpróiseas le feiceáil go soiléir sna cinntí a rinne mise ar an bpátrúnacht don 12 scoil nua seo.
“D’fhógair mé cheana, i gcomhréir le moltaí an GBSN, gur í an phátrúnacht ar scoil nua 8 seomra ranga atá le bunú in 2019 chun freastal ar limistéir um phleanáil scoileanna Dhroim Conrach_ Marino_ Áth Cliath1 ná gaelscoil faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta.
“Táim sásta go bhfuil rath ar roinnt comhlachtaí pátrúnachta éagsúla sa phróiseas pátrúnachta seo agus cuireann sé seo éagsúlacht phátrúnachta ar fáil do thuismitheoirí na gceantar seo.”
Contae | Ceantar | An Phátrúnacht a bronnadh | Méid na Scoile | Teanga an Teagaisc |
Corcaigh | An Glaisín_ Cathair Chorcaí | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
Baile Átha Cliath | Baile an Bhóthair_ An Charraig Dhubh | An Foras Pátrúnachta | 8 seomra ranga | Gaeilge |
| Domhnach Míde_ Binn Eadair_BÁC13 | Oideachas le Chéile | 16 seomra ranga | Béarla |
| Baile Átha Cliath 6_ Cluain Sceach & BÁC 6W | Oideachas le Chéile | 16 seomra ranga | Béarla |
| Baile na nGabhar_ Stigh Lorgan_DLR | Oideachas le Chéile | 16 seomra ranga | Béarla |
| Cill Easra _ Ráth Eanaigh_ Cluain Trabh | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
| Sord Thuaidh | BOOÁCDL | 8 seomra ranga | Béarla |
| Sord Theas | BOOÁCDL | 8 seomra ranga | Béarla |
Cill Dara | Léim an Bhradáin | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
| Maigh Nuad | An Foras Pátrúnachta | 8 seomra ranga | Gaeilge |
An Mhí | Dún Seachlainn | BOOLM | 8 seomra ranga | Béarla |
Cill Mhantáin | Cill Chúile _ Baile an Chinnéidigh | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
Táthar ag súil go ndéanfar na bunscoileanna seo a bhunú i gcóiríocht shealadach ar dtús, fad a bhíonn réiteach á dhéanamh chun cóiríocht bhuan a sholáthar mar chuid de Chlár Deartha agus Tógála na Roinne. Tá bainisteoir tionscadail ceaptha ag an Roinn chun cuidiú le cóiríocht scoile idirlinne do scoileanna a bheidh ag oscailt i mí Mheán Fómhair 2019 agus tá réiteach aitheanta do roghanna cóiríochta idirlinne do gach ceann de na scoileanna.
Cuirfidh an 13 bhunscoil nua atá le bunú in 2019 líon suntasach áiteanna breise ar fáil do dhaltaí sna ceantair ar a mbeidh siad ag freastal agus, eatarthu, beidh sé mar acmhainn acu freastal ar suas le 3,328 dalta bunscoile nuair a bhíonn said lánfhorbartha.
Dúirt an tAire: “Táim go mór san airdeall faoi éileamh soiléir na dtuismitheoirí ar éagsúlacht soláthair i ngach ceantar ina bhfuil scoileanna nua le bunú. Is mian liom buíochas a ghabháil le tuismitheoirí as páirt a ghlacadh sa phróiseas. Rinneadh na hiarratais uile a mheas ar bhonn na gcritéar foilsithe, lena n-áirítear méid na héagsúlachta atá sna scoileanna atá ann cheana agus fairsinge na héagsúlachta atá le soláthar ag an scoil nó na scoileanna nua.”
Tá forbairt tagtha ar an bpróiseas leis an teanga teagaisc a bheidh i gceist i scoil nua a chur san áireamh mar chuid de phróiseas an mheasúnaithe. Ciallaíonn sé seo go mbíonn rogha na dtuismitheoirí Béarla nó Gaeilge a bheith mar mheán teagaisc mar ghnéith lárnach den phróiseas maidir le pátrúnacht a mheas agus a mholadh.
Dúirt an tAire, “Tá an-áthas orm go mbeidh trí ghealscoil I measc na dtrí bhunscoil déag atá le bunú in 2019, rud a léiríonn ardleibhéal éilimh ó thuismitheoirí do sholáthar Ián-Ghaeilge sna ceantair sin.”
Thug an GBSN faoi deara freisin go leanann an dul chun cinn maith atá á dhéanamh ag an Roinn maidir le roghanna na Gaeilge a bhreathnú agus tá cur síos sa tuairisc atá curtha ar fáil ag an Roinn don Ghrúpa ar an tslí ina bhféadfaí deiseanna breise a chruthú chun an soláthar trí mheán na Gaeilge a leathnú, lena n-áirítear rannpháirtíocht réamhghníomhach le pátrúin lán-Ghaeilge atá ann cheana faoin éileamh, an féidearthacht atá ann scoileanna lán-Ghaeilge atá ann cheana a mhéadú agus/nó na riachtanais do scoileanna nua.
Cuirfear tús i mbliana, freisin, leis an bpróiseas pátrúnachta don cheithre bhunscoil agus don chúig iar-bhunscoil atá le bunú i mí Mheán Fómhair 2020.
Chuir an tAire a bhuíochas in iúl do bhaill Ghrúpa Bunaithe na Scoileanna Nua dá n-ionchur luachmhar sa phróiseas chun próiseas oibiachtúil agus trédhearcach a dheimhniú.
Tá níos mó eolais ar fáíl anseo: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Scoil-Nua-a-Bhunú/Scoil-Nua-a-Bhunú.html
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Is iad na Pátrúin a bheidh ar an 12 bhunscoil nua ná:
Contae | Ceantar | An Phátrúnacht a bronnadh | Méid na Scoile | Teanga an Teagaisc |
Corcaigh | An Glaisín_ Cathair Chorcaí | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
Baile Átha Cliath | Baile an Bhóthair_ An Charraig Dhubh | An Foras Pátrúnachta | 8 seomra ranga | Gaeilge |
| Domhnach Míde_ Binn Eadair_BÁC13 | Oideachas le Chéile | 16 seomra ranga | Béarla |
| Baile Átha Cliath 6_ Cluain Sceach & BÁC 6W | Oideachas le Chéile | 16 seomra ranga | Béarla |
| Baile na nGabhar_ Stigh Lorgan_DLR | Oideachas le Chéile | 16 seomra ranga | Béarla |
| Cill Easra _ Ráth Eanaigh_ Cluain Trabh | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
| Sord Thuaidh | BOOÁCDL | 8 seomra ranga | Béarla |
| Sord Theas | BOOÁCDL | 8 seomra ranga | Béarla |
Cill Dara | Léim an Bhradáin | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
| Maigh Nuad | An Foras Pátrúnachta | 8 seomra ranga | Gaeilge |
An Mhí | Dún Seachlainn | BOOLM | 8 seomra ranga | Béarla |
Cill Mhantáin | Cill Chúile _ Baile an Chinnéidigh | Oideachas le Chéile | 8 seomra ranga | Béarla |
Tá gach ceann de na scoileanna á bhunú chun freastal ar riachtanas déimeagrafach aitheanta.
Tá an t-eolas faoi na socruithe a bhaineann le pátrúnacht na scoileanna seo ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. Féach an nasc thuas.
Tá mionsonraí Thuairiscí na Measúnuithe do gach ceann de na ceantair atá i gceist foilsithe freisin ar láithreán gréasáin na Roinne.
An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo in 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn breithniú déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte. Ghlac an tAire McHugh le moltaí an Ghrúpa i gcás gach ceann de na ceithre hiar-bhunscoileanna atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2019.
Is iad baill Reatha an GBSN ná:
- Joe Hamill Uasal (Cathaoirleach), Rúnaí ar scor na Roinne Ealaíona, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
- An tOllamh Gerry Mac Ruairc, Ceann, Scoil an Oideachais, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh;
- An tOllamh Sarah Moore, Ollamh le Teagasc agus Foghlaim, Ollscoil Luimnigh.
Féach an nasc thuas