04, Eanair, 2019 - An leibhéal spéise is mó riamh sa chomhairliúchán ar dhíolúintí ón nGaeilge i scoileanna

Cuireann an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. síneadh le tréimhse an chomhairliúcháin

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna  Joe McHugh T.D. go bhfuil an Roinn tar éis an líon aighneachtaí is mó riamh a fháil ón bpobal ar dhíolúintí ar staidéar na Gaeilge i scoileanna. Bhí os cionn 2,100 freagairt curtha isteach ar an suirbhé ar líne faoin tseachtain roimh Nollaig agus tá freagairtí breise ag teacht isteach ó shin. Tá sé seo ar cheann de na freagairtí is mó riamh ar chomhairliúchán dá leithéid ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

“Is cúis áthais dom an t-ardleibhéal spéise seo a fheiceáil sa chomhairliúchán maidir le díolúintí a dheonnú ó staidéar na Gaeilge,” a dúirt an tAire Joe McHugh. “Léiriú é seo ar an tábhacht a bhaineann le ceist theagasc na Gaeilge do mhórchuid daoine agus ar na tuairimí láidre atá ag daoine de gach aois faoi theagasc ár dteanga náisiúnta.”

Tá tuairimí á lorg, ón gcomhairliúchán a sheol an tAire ar 7 Nollaig 2018, ar bhealaí inar féidir le scoláirí iarratas díolúine a dhéanamh ó staidéar na Gaeilge i scoileanna. Léiríonn taighde a d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais an bhliain seo caite nach raibh ag éirí go maith leis na rialacha atá ann faoi láthair, a théann siar go dtí na 1990í, agus nach raibh siad ailínithe leis na socruithe reatha chun acmhainní breise a bhronnadh ar leanaí le riachtanais speisialta oideachais i scoileanna. Mar chuid den chomhairliúchán, d’fhoilsigh an tAire Joe McHugh dréacht-shocruithe nua agus tá an comhairliúchán ag lorg tuairimí ón bpobal faoi na moltaí seo. Tá na moltaí agus an suirbhé ar fáil ag https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/ 

“Tá sé i gceist leis an suirbhé ar líne gur féidir é a rochtain go héasca agus gur féidir a chur ar chumas baill den phobal a dtuairimí a chur isteach ar na hathruithe atá á mholadh ar bhealach áisiúil agus simplí,” arsa an tAire McHugh. Iarrann an suirbhé ar fhreagróirí léiriú a thabhairt an é go bhfuil siad ag ‘Aontú go láidir, ag ‘Aontú’, ag ‘Easaontú’, nó ag ‘Easaontú go láidir’ le roinnt de phríomhghnéithe na moltaí agus tá rogha ar fáil freisin chun tuairimí breise i scríbhinn a sholáthar.

“Is dóigh liom go léiríonn an leibhéal rannpháirtíochta sa suirbhé an rath a bhaineann le cur chuige simplí agus díreach a ghlacadh nuair a bhítear ag iarraidh ar an bpobal faoina dtuairimí,” arsa an tAire McHugh. “Táim an-sásta gur roghnaigh os cionn leath de na freagróirí (56%) tuairimí breise a léiriú freisin sna freagairtí a cuireadh isteach roimh Nollaig.”

“I ngeall ar an ardleibhéal spéise atá léirithe sa suirbhé, tá sé socraithe agam síneadh breise a chur leis an spriocdháta go dtí an Aoine, 18 Eanáir 2019,” a dúirt an tAire McHugh. “Tá na hoifigigh in Aonad Polasaí Curaclaim agus Measúnachta na Roinne sásta freisin glacadh le heolas breise i scríbhinn ó aon duine nó aon eagraíocht ar leith más mian leo cur lena n-aighneacht ar líne.”

Is féidir fiosruithe faoin gcomhairliúchán nó aighneachtaí breise a chur go díreach chuig ríomhphost tiomnaithe: consultation_exempti@education.gov.ie

“Bainfidh mise úsáid as torthaí an tsuirbhé chun na socruithe do dhíolúintí a leasú agus a chríochnú, agus dá réir sin mholfainn do scoláirí, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus d’aon duine eile a bhfuil spéis acu sa teanga páirt a ghlacadh ann. Is léir go dtógfaidh sé roinnt seachtainí anailís a dhéanamh ar na sonraí agus ar na tuairimí atá á fháil againn, ach tá sé i gceist agam an córas mar atá a fheabhsú chomh luath agus is féidir don chéad bhliain acadúil eile,” arsa an tAire.

NÓTAÍ don EAGARTHÓIR

Naisc chuig na doiciméid

An páipéar comhairliúchán a sheol an tAire (na dréacht chiorcláin nua san áireamh) ar fáil anseo

Comhairliúchán Páipéar Comhairliúcháin ar Threo an Pholasaí sa Todhchaí maidir le Díolúintí ó Staidéar ar an nGaeilge

Is féidir an suirbhé a rochtain anseo: https://www.surveymonkey.com/r/Dioluinti_on_nGaeilge

Tá Tuarascáil Taighde na Cigireachta ar Dhíolúintí ar fáil anseo:

Tuarascáil Taighde Athbhreithniú ar Bheartas agus Cleachtas maidir le Díolúintí ó Staidéar ar an nGaeilge

Is féidir fiosruithe faoin gcomhairliúchán nó aighneachtaí breise a chur go díreach chuig ríomhphost tiomnaithe: consultation_exempti@education.gov.ie

Eolas breise agus rochtain na ndoiciméad uile ar fáil ag:

https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/

Cé na hathruithe atá déanta inniu ag an Aire maidir leis an gcomhairliúchán?

Ar 7 Nollaig 2018, sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D., comhairliúchán poiblí ag éileamh tuairimí na bpáirtithe leasmhara ar an treo sa todhchaí chun díolúintí a bhronnadh ó staidéar na Gaeilge. Ar dtús, ba é 11 Eanáir 2019 an spriocdháta a bhí ann chun aighneachtaí a fháil. Cuireann fógra an lae inniu síneadh leis an spriocdháta go dtí 18 Eanáir 2019.

Áirítear sa chomhairliúchán ceisteanna suirbhé mar aon leis an deis tuairimí breise a léiriú. Chuir an comhairliúchan ar líne teorainn 120 focal leis na tuairimí. Shoiléirigh an tAire gur féidir eolas breise i scríbhinn a chur isteach chuig seoladh ríomhphoist tiomnaithe ina Roinne:  consultation_exempti@education.gov.ie

Cén fáth go bhfuil an comhairliúchán ag tarlú?

Tá na socruithe reatha chun díolúintí a dheonú leagtha amach i gciorcláin na Roinne a eisíodh sna 1990í. Tá tuiscint dhoimhin faighte idir an dá linn ar fhoghlaim leanaí, agus go háirithe ar riachtanais speisialta oideachais leanaí, agus ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheagnachas. Nuair a seoladh an comhairliúchán, luaigh an tAire de réir mar a bhí curaclaim theanga nua agus leasuithe oideachais á gcur i bhfeidhm, go bhfuil sé trathúil anois machnamh a dhéanamh ar shocruithe níos oiriúnaí chun tacú le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla agus ag an am céanna, freastal a dhéanamh ar an uile leanbh i dtimpeallacht foghlama ionchuimsitheach.

Cé na socruithe atá ann faoi láthair do dhíolúintí? Cén fáth gur gá iad a athrú?

Faoi na ciorcláin a scríobhadh sna 1990í, rinneadh an t-údarás maidir le díolúintí a dheonnú ó staidéar na Gaeilge a tharmligean chuig scoileanna. In 2016, rinneadh díolúint ó staidéar na Gaeilge a dheonnú ar díreach faoi bhun 1% de dhaltaí bunscoile (5,358 daltaí) agus beagán os cionn 9% de scoláirí iar-bhunscoile (32,483 daltaí).

Léiríonn taighde ar an gcleachtas ar dhíolúintí a dheonnú deacrachtaí a bhí ag príomhoidí scoile maidir le téarmaí na gciorclán a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm. D’eascair doiléire agus easpa comhleanúnachta mar thoradh ar an bhfeidhmiú.

Mar aon leis sin, léirigh an taighde, mar shampla, go luaitear go minic catagóirí raichtanais speisialta oideachais nach bhfuil luaite sna ciorcláin mar aon le riochtaí ábhartha eile mar fhórais do dhíolúine. Tá roinnt scoláirí a mbíonn díolúine acu ó staidéar na Gaeilge ach a leanann leis an staidéar ar theanga nua-iasachta do scrúduithe Stáit.

Nuair a bhí an próiseas comhairliúcháin á sheoladh aige dúirt an tAire McHugh: “Tá a lán athruithe tarlaithe le 25 bliana anuas, sa tsochaí i gcoitinne agus tríd an gcóras oideachais.  Is gá dúinn a dheimhniú go mbíonn an deis ag ár leanaí uile a bheith gafa lenár dteanga agus ár gcultúr dúchais de réir a gcumas.”

Cad atá i gceist leis an gComhairliúchán?

Clúdaíonn an Páipéar Comhairliúcháin dréacht de na ciorcláin leasaithe do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ina gcuirtear i láthair na príomhathruithe atá molta maidir leis na próisis, na cúinsí agus na critéir chun díolúintí a dheonnú ó staidéar na Gaeilge. Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a léiriú trí fhreagairt, i suirbhé ar líne, do na moltaí atá beartaithe. 

Tá sé i gceist leis an gcomhairliúchán go mbaileofar tuairimí ó dhaltaí agus ó scoláirí, ó thuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, bainistíocht scoile, ceardchumainn múinteoirí agus gairmeoirí eile atá gafa leis an soláthar oideachais a thacú mar aon le baill den mhórphobal i gcoitinne. Tá sé mar aidhm a dheimhniú go nglanfaidh na ciorcláin leasaithe aon débhríocht faoin na próisis agus na cleachtais chun díolúintí a dheonnú agus go gcuirfear, da réir, na critéir i bhfeidhm ar bhealach níos cothroime agus níos cothromasaí maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonnú ar dhaltaí /scoláirí.