09 Bealtaine, 2018 - An tAire Bruton ag Soláthar Athleasú Stairiúil D’Iontrálacha Scoileanna

Leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 maidir le ról an chreidimh in iontrálacha scoileanna arna fhaomhadh ag an rialtas. 

Ní bheidh cead ag bunscoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar reiligiún; déanfar reiligiúin mhionlaigh a chosaint  

Inniu (Dé Céadaoin, 9 Bealtaine 2018), d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., trí leasú Chéim na Tuarascála don Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 a mbeidh éifeacht stairiúil acu ar an dóigh a mbeidh rochtain ag páistí ar a mbunscoil áitiúil. 

Comhlíonann fógra an lae inniu eochairghníomh sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas atá ag an Aire, plean arb é a sprioc barr feabhais san Eoraip a bhaint amach do sheirbhís oideachais agus scileanna na hÉireann faoi 2026.

Déanfaidh na leasuithe, a d’fhaomh an rialtas inné (Dé Máirt), athruithe tábhachtacha i dtrí eochair-réimse trí: 

a)     Deireadh a chur le ról an reiligiúin in iontrálacha scoileanna i mbeagnach gach scoil

b)     Foráil a dhéanamh do Ghaelscoileanna le tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil Gaeilge acu

c)     Foráil a dhéanamh i leith an tAire ceangal a chur ar scoil rang speisialta a oscailt do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu, nuair a mheasann an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta go bhfuil gá leis. 

Ról an reiligiúin i ligean isteach i mbunscoileanna 

Is é is aidhm leis an leasú seo freastal ar riachtanais gach tuismitheora i ndóigh atá cóir cothrom. 

Agus é ag fógairt an athraithe, dúirt an tAire: “Tá sé míchothrom go ndéantar leithcheal ar pháiste gan reiligiún de rogha ar pháiste a bhfuil reiligiún aige agus atá ina chónaí achar suntasach ar shiúl, agus gan rochtain ar an scoil áitiúil. Níor chóir go mothódh tuismitheoirí go mbeadh brú orthu a bpáiste a bhaisteadh le rochtain a fháil ar a scoil áitiúil.” 

“Cé go bhfuil éiteas Caitliceach ag 90% dár gcuid bunscoileanna, léiríonn figiúirí le gairid go bhfuil thar 20% (agus tá an figiúr ag dul i méad) den phobal atá ag aois tuismitheora neamhreiligiúnach. Ar a bharr sin, léiríonn staidreamh ar phóstaí le gairid nár tharla ach thart ar 51% de na póstaí i searmanas Caitliceach.” 

Cuirfidh an leasú atá á fhoilsiú ag an Aire inniu deireadh leis an reiligiún mar chritéar is féidir a úsáid in iontrálacha scoileanna in níos mó ná 95% dár mbunscoileanna. Faoin dlí nua atá molta, beidh cosaint ann lena dhéanamh cinnte go mbeidh rochtain ag páiste ó reiligiún mionlaigh ar scoil dá reiligiún féin fós.  

Aimsíonn an t-athrú seo cothromaíocht idir cearta trí ghrúpa éagsúla: teaghlaigh ó reiligiún mionlaigh, teaghlaigh Chaitliceacha, agus teaghlaigh neamh-shainchreidmheacha.

 

  • Mar gheall ar chomh beag atá siad taobh istigh den phobal trí chéile, thiocfadh go mbeadh sé an-deacair ar theaghlaigh ó reiligiún mionlaigh rochtain a fháil ar scoileanna dá n-éiteas féin. Mar gheall ar na hathruithe seo, beidh páistí ó reiligiún mionlaigh in ann rochtain a fháil ar scoileanna dá leithéid. Tá an eisceacht seo ann, do pháistí ó reiligiún mionlaigh, de      thairbhe nach bhfuil ach 1 as gach 20 de na scoileanna ina scoil den éiteas mionlaigh agus tá gá ann a dhéanamh cinnte go mbeidh rochtain ag páistí ó reiligiún mionlaigh ar oideachas trína n-éiteas féin, más sin is rogha leo.
  •  
  • Beidh teaghlaigh Chaitliceacha ábalta i gcónaí a bpáistí a chur ar scoileanna Caitliceacha; agus beidh scoileanna Caitliceacha ábalta a n-éiteas a chosaint, óir is scoileanna Caitliceacha iad 18 scoil as gach 20 againn agus mar sin, beidh teacht ag teaghlaigh Chaitliceacha áitiúla ar oideachas Caitliceach i gcónaí, más sin is rogha leo.
  •  
  • Gheobhaidh páistí neamh-shainchreidmheacha anois, i gcás breis agus 95% de scoileanna (gach scoil seachas scoileanna a bhfuil éiteas mionlaigh acu ar féidir go dtabharfadh siad tús áite do pháistí arb ionann a n-éiteas reiligiúnda), go caithfear leo ar nós gach teaghlaigh eile ó thaobh ligean isteach de. 

Ní bheidh tionchar ag na hathruithe seo ach ar bhunscoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu (timpeall 20%), atá suite den chuid is mó i gceantair mhóra uirbeacha. 

Is gá, i gcás scoileanna nach bhfuil ró-éileamh orthu, go ligfí isteach gach iarrthóir, beag beann ar chreideamh. 

Foráil i leith scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil Gaeilge acu 

Ceadóidh an leasú seo ar an mBille Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2016 do scoileanna lán-Ghaeilge (nuair is é a bpolasaí é) tús áite a thabhairt do dhaltaí a bhfuil líofacht chuí chainte acu sa Ghaeilge, de réir a n-aoise, sa chás go mbeadh an baol ann go lagófaí an líofacht sin mura ligfí an dalta isteach i scoil lán-Ghaeilge. 

Faoin leasú beidh ceangal ar na scoileanna sin a chur san áireamh cé acu atá sainriachtanas oideachasúil ag an bpáiste agus measúnú á dhéanamh ar cad é an leibhéal Gaeilge comhréireach le haois, i gcás an pháiste sin. 

Déanann an leasú seo foráil gur gá don iarrthóir (tuismitheoir) fianaise a chur ar fáil don scoil go bhfuil líofacht chomhréireach le haois i labhairt na Gaeilge ag an bpáiste. Tá an rogha ag an tuismitheoir maidir leis an bhfianaise is mian leis/léi a chur ar fáil. Is féidir, mar shampla, go dtabharfaí fístaifeadadh a léireodh líofacht an pháiste. B’fhéidir gurbh fhearr le tuismitheoirí teacht ar an scoil i gcóir agallaimh agus ceadófar sin. 

Foráil i leith an tAire ceangal a chur ar scoil rang speisialta a oscailt do pháistí le sainriachtanais oideachasúla acu 

Tabharfaidh an leasú seo an chumhacht don Aire ceangal a chur ar scoil rang nó ranganna speisialta a oscailt sa chás gur aithin an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta an gá le soláthar dá leithéid sin sa cheantar. Déanfaidh seo forlíonadh ar na forálacha atá sa Bhille cheana féin a chuirfidh áit ar fáil sa chás nach mbeidh páiste a bhfuil sainriachtanas oideachasúil aige/aici in ann áit a fháil i scoil, agus beidh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta in ann áit i scoil a shannadh don pháiste. 

Arsa an tAire: “Tá an rialtas seo tiomanta go mbeidh an deis ag gach páiste ag a bhfuil sainriachtanas oideachasúil, lánacmhainneacht a bhaint amach. Sa bhliain 2018, tá chóir a bheith €1.8 milliún, nó chóir a bheith aon chúigiú cuid de bhuiséad iomlán an oideachais, á infheistiú san Oideachas Speisialta, rud is geall le méadú 43% ó 2011.” 

D’fhógair an tAire nach mbeadh aon mhoill air, tar éis achtachán an Bhille tosach feidhme a thabhairt do na forálacha a foilsíodh inniu maidir le ról an reiligiúin i ligean isteach i scoileanna agus an chumhacht rang speisialta a oscailt sa chaoi go mbainfeadh siad sin le páistí a bheadh ag tosú ar an scoil sa scoilbhliain 2019/2020. Beidh an fhoráil maidir leis an nGaeilge ar obair a luaithe a bheidh tosach feidhme iomlán ag an mBille.

Nótaí d’Eagarthóirí: 

D’fhoilsigh an tAire an Bille um Oideachas (Ligean isteach i scoileanna) 2016 ar an 6ú Iúil 2016. Tá sé mar chuspóir ag an mBille cur chuige a bhunú do pholasaí ligean isteach i scoileanna atá níos fearr do thuismitheoirí, atá níos cothroime agus níos comhleanúnaí. Baineann an polasaí ar ligean isteach le chóir a bheith 4,000 bunscoil agus iar-bhunscoil sa tír agus cinnteoidh seo go mbeidh próiseas cothrom iontrála do gach dalta. Tá forálacha sa Bhille seo i leith na nithe seo a leanas: 

  • a chinntiú, sa chás nach bhfuil ró-éileamh ar scoileanna (timpeall 80% de scoileanna) go dtugtar áit do gach dalta a iarrann sin;
  • cosc a chur ar liostaí feithimh, lena chinntiú nach mbeidh tuismitheoirí isteach i gceantar nua, nó tuismitheoirí a bhfuil áitreabh ar cíos acu, faoi mhíbhuntáiste;
  • cosc a chur ar tháillí maidir le ligean isteach i scoileanna nach ngearrann táillí oideachasúla;
  • ceangal a chur ar gach scoil a bpolasaí ligean isteach a fhoilsiú, a mbeidh iontu mionsonraí maidir lena socruithe do dhaltaí nach dtoilíonn bheith páirteach sa teagasc reiligiúnda;
  • ceangal a chur ar gach scoil comhairle a dhéanamh le tuismitheoirí agus iad a chur ar an eolas sa chás go mbeidh athrú ar a bpolasaithe ligean isteach;
  • Foráil a dhéanamh sa chás nach féidir le dalta (bíodh sainriachtanais oideachais air/uirthi nó ná bíodh) áit a fháil i scoil, agus cead a thabhairt don gComhairle um Oideachas Speisialta nó do Tusla (Gníomhaireacht Páiste agus Teaghlaigh) áit a shannadh i scoil don pháiste.
  • Den chéad uair, ní bheidh cead ag scoil a bhfuil ró-éileamh uirthi níos mó ná 25% dá n-áiteanna a leithdháileadh ar pháistí iardhaltaí (faoi láthair níl aon bhac mar sin ann agus d’fhéadfadh scoil a n-áiteanna uile a leithdháileadh ar pháistí iardhaltaí) 

Chuaigh an Bille thar Chéim an Choiste ar an 28ú Iúil 2017 agus anois rachaidh sé ar aghaidh go Céim na Tuarascála. 

Tá leasuithe Chéim na Tuarascála i leith na trí ábhar seo a leanas faofa ag an Rialtas– 

a)     Ról an reiligiúin i mbunscoileanna

b)     Foráil i leith scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil Gaeilge acu

c)     Foráil i leith an tAire ceangal a chur ar scoil rang speisialta a oscailt do pháistí ag a bhfuil sainriachtanais oideachasúla

(a)         Ról an reiligiúin i ligean isteach i mbunscoileanna 

Beidh leasú ar Alt 7(3)(c) ar an Acht um Stádas Comhionann 2000 i gceist leis na leasuithe molta seo. 

Faoi na leasuithe molta, beidh bunscoil aitheanta ag sárú ar an Acht um Stádas Comhionann 2000, má bhíonn sé mar chuid dá polasaí ligean isteach go dtugtar tús áite d’iarrthóirí ar de reilgiún nó ar de shainaicme chreidimh faoi leith iad.

Mar sin féin ceadóidh na leasuithe do dhalta ó reiligiún mionlaigh áit a lorg ar bhunscoil aitheanta a reachtálann clár teagaisc nó oideachais religiúnda atá gaolmhar, nó arb ionann é, agus éiteas reiligiúnda an dalta atá i gceist. Ina leith sin, déanfaidh na leasuithe na forálacha seo a leanas – 

  • Ní mór don iarrthóir ráiteas a chur ar fáil don scoil a dhearbhaíonn gur ball é an dalta de reilgiún mionlaigh agus fianaise a chur ar fáil chuige sin.   
  • Is féidir le bunscoil aitheanta cinneadh a dhéanamh dalta a ligean isteach ar cuireadh isteach ar áit ar a s(h)on má bhíonn siad sásta gur ball é an dalta de reilgiún mionlaigh agus má chuireann an scoil clár teagaisc nó oideachais ar fáil atá gaolmhar, nó arb ionann é agus éiteas reiligiúnda an dalta.
  • I gcás scoileanna a ligeann isteach daltaí ar de reilgiún mionlaigh iad, ní bheidh cead na daltaí sin a rangú de réir sainaicme nó reiligiún an dalta atá i gceist. Sásóidh iarrthóirí na riachtanais nó ní shásóidh; ní bheidh cead ag scoileanna reiligiúin mhionlaigh a rangú os ceann a chéile ach beidh cead acu daltaí a ligean isteach, ar bhonn cothrom, daltaí den reiligiún mionlaigh céanna nó dalta ar de reiligiún mionlaigh iad atá cosúil leis sin atá ag an scoil.
  • Beidh ceangal ar na scoileanna sin a leagan amach go soiléir ina bpolasaí ligean isteach go ligfidh siad isteach dalta ar de reiligiún mionlaigh iad de réir an leasaithe.
  • Sainmhíneofar reiligiún mionlaigh mar reiligiún ag a bhfuil ballraíocht nach mó ná 10% den daonra, de réir an Daonáirimh agus foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. 

Is é cuspóir na leasuithe a chinntiú gur féidir le duine ó mhionlach reiligiúnda áit a aimsiú i scoil atá ag teacht leis an gcreideamh reiligiúnda sin. Beidh cead ag scoil dalta a ligean isteach ar an mbonn sin ach ní bheidh ceangal uirthi sin a dhéanamh. Faoin scoil a bheidh sé dalta a ligean isteach de réir a bpolasaí ligean isteach agus an Achta. 

Tá an cur chuige seo, a fhéachann lena chinntiú go mbeidh teacht ag daltaí ó mhionlaigh reiligiúnda ar áiteanna i scoileanna, ag teacht leis an gcomhairle dhlithiúil a chuir Oifig an Ard-Aighne ar fáil. Cuireann an chomhairle dhlithiúil saincheisteanna bunreachtúla san áireamh a bhaineann le sainchosaint a chur ar fáil do pháistí ó mhionlaigh reiligiúnda.  

Ní bheidh cead ag ball de shainaicme chreidimh, nach religiún mionlaigh é, tús áite a lorg i scoil ar bhonn reiligiúnda. De réir na sonraí daonáirimh is déanaí, is Caitlicigh iad 78% den daonra. Ós bunscoileanna Caitliceacha iad 2,802 scoil de na 3,123 bunscoil atá ann (90%), beidh teacht i gcónaí ag páistí Caitliceacha ar áiteanna i mbunscoileanna Caitliceacha ar an mbonn go riarann tromlach mór na mbunscoileanna sa stát ar theagasc reiligiúnda agus/nó clár oideachais reiligiúnda an chreidimh Chaitlicigh.  

(b)      Foráil i leith scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil Gaeilge acu 

Cinnteoidh na leasuithe molta gur féidir le scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge, más mian leo, critéar roghnaithe a chur ina bpolasaí ligean isteach a thugann tús áite do dhalta, agus aon sainriachtanas san áireamh, a bhfuil leibhéal comhréireach le haois faighte aige/aici i labhairt na Gaeilge, agus sa chás go mbeadh an baol ann go lagófaí an líofacht sin mura ligfí an dalta sin isteach i scoil lán-Ghaeilge. 

Aithníonn an cur chuige na deacrachtaí a d’fhéadfadh bheith ag iarrthóirí ag teacht ar an líon beag scoileanna a chuireann oideachas ar fáil i nGaeilge, go háirithe ag an dara leibhéal. Níl sé inmhianaithe ó thaobh an bheartais phoiblí de srian a chur le deiseanna daltaí a bhfuil leibhéal cumais bainte amach acu sa teanga ó leanúint dá n-oideachas trí mheán na Gaeilge. Féachann an leasú lena chinntiú gur féidir leis na daltaí sin tús áite a fháil i scoileanna dá leithéid agus aon bhaol a chealú go lagófaí a gcumas an Ghaeilge a labhairt. 

Faoin leasú molta, beidh cinneadh ag an scoil dalta a ligean isteach ar an mbonn seo bunaithe díreach ar an bhfianaise a roghnaíonn an t-iarrthóir a chur ar fáil mar chuid dá (h)iarratas. Ní féidir leis an scoil iachall a chur agallamh nó measúnú a dhéanamh mar chuid den phróiseas seo. Tá an cur chuige seo ag teacht leis na cuspóirí beartais phoiblí atá ag an mBille toirmeasc a chur ar agallamh nó measúnuithe ar chumas acadúil nó acmhainn maidir le ligean isteach i scoileanna. Mar sin féin is féidir le hiarrthóir leibhéal comhréireach le haois i labhairt na Gaeilge a léiriú más sin is mian, trína dhearbhú go bhfuil an dalta ar fáil le haghaidh agallaimh nó cruinnithe chun na críche seo. 

(c)     Foráil i leith an tAire ceangal a chur ar scoil rang speisialta a oscailt do pháistí ag a bhfuil sainriachtanais oideachasúla. 

Tabharfaidh na leasuithe molta de chumhacht don Aire ceangal a chur ar scoil soláthar breise a dhéanamh i leith oideachais do pháistí ag a bhfuil sainriachtanais oideachasúla. San áireamh ina leithéid bheadh rang speisialta a oscailt nó méadú a dhéanamh ar an líon ranganna speisialta i scoil bunaithe ar mholadh ón gComhairle um Oideachas Speisialta (COS). Faoin leasú, roimh fheidhmiú na cumhachta seo beidh céimeanna áirithe teagmhála idir an Aire, an COS, bord stiúrtha agus Pátrún scoile. 

Tá an fhoráil seo riachtanach lena chinntiú sa chás go mbeidh bearna sa soláthar do pháistí ag a bhfuil sainriachtanais oideachasúla, aitheanta ag an COS, agus nach bhfuil aon scoil toilteanach soláthar den sórt a chur ar fáil, gur féidir an bhearna a líonadh go héifeachtach tríd an tAire treoir a chur chuig an scoil. Cuirfidh an treoir ceangal ar an scoil foráil bhreise a dhéanamh i leith oideachas páistí ag a bhfuil sainriachtanais oideachasúla. Nuair a bheidh an próiseas seo arna thionscnamh, beidh líon céimeanna ann le haghaidh comhairliúcháin chuí leis na scoileanna atá i gceist agus le haghaidh deiseanna i gcóir cásanna chur i leith an Aire taobh istigh de thráthchlár sainiúil.  

Déanann an chumhacht seo foráil chomh maith, sa chás nach mbeifear ar aon intinn leis an Aire faoi na socruithe cóiríochta is gá le feidhm a thabhairt d’fhógra an Aire an scoil soláthar breise a chur ar fáil i dtaca le páistí ag a bhfuil sainriachtanais oideachasúla, gur féidir go gcuirfeadh an tAire an cheist shocruithe cóiríochta chun eadrána de réir an Achta um Eadrán, 2010. Beidh de thoradh ar an eadrán idir an Aire agus an úinéir go mbeidh réiteach neamhspleách éifeachtach ar aon easaontas faoi na socruithe cóiríochta is gá le feidhm a thabhairt don fhógra. Níor ghá go mbeadh an nua-thógáil i gceist le socruithe cóiríochta is gá chun na críche seo. Beidh na socruithe seo difriúil ó scoil go scoil ag brath ar chúinsí áitiúla agus maidir leis na gnáthcheisteanna faoi acmhainn, srianta spáis, agus cúinsí áitiúla eile. Cuirfidh toradh na headrána ceangal ar na páirtithe sa chás go dtabharfaidh an tAire fógra don scoil. Déanann an leasú seo foráil i leith an tAire an cinneadh sin a dhéanamh, tar éis measúnaithe breise ar an gceist agus teagmháil reachtúil leis an mbord stiúrtha agus leis an bPátrún ar na ceisteanna eile (ie. ceisteanna nach mbaineann le socruithe cóiríochta), a bhaineann le cé acu is cóir don scoil an soláthar sin a dhéanamh nó nach cóir. 

Beidh an fhoráil i bhfeidhm ar gach scoil faoin Acht Oideachais 1998, lena n-áirítear scoileanna a ghearrann táillí.