14ú Márta, 2017 - Spriocanna nua uaillmhianacha don Litearthacht agus don Uimhearthacht leagtha amach ag an Aire Bruton

Feabhsúchán spriocdhírithe sa Mhatamaitic agus sa léitheoireacht do scoileanna uile – 50% de dhaltaí rang a sé le feidhmiú ag na leibhéil is airde sa léitheoireacht agus sa Mhatamaitic faoi 2020

Méadú 42% i líon na ndaltaí rang 6 i mbunscoileanna faoi mhíbhuntáiste ag feidhmiú ag na leibhéil is airde sa Mhatamaitic

Fócas faoi leith ar scileanna uimhearthachta agus digiteacha

Sheol an tAire Oideachais & Scileanna, an tUasal Richard Bruton, TD, spriocanna nua uaillmhianacha don Litearthacht agus don Uimhearthacht inár scoileanna inniu mar chuid den uaillmhian leis an seirbhís oideachais is fearr san Eoraip a bhaint amach laistigh de dheich mbliana.

Léiríonn an tuairisc a foilsíodh inniu gur baineadh amach na spriocanna uile a bhí leagtha síos do léitheoireacht agus don Mhatamaitic ag an mbunleibhéal sa Straitéis Litearthachta agus Uimhreachta 2011 agus go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le baineadh amach na spriocanna ag leibhéal iarbhunscoile.  Dearbhaíonn na torthaí láidre is déanaí sa Chlár Idirnáisiúnta Measúnóireachta Mac Léinn (PISA) agus sna Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta (TIMSS) na torthaí seo (féach thíos).

Cé gur tuar dóchais iad na treochtaí is déanaí, is léir go bhféadfaí feabhas a chur ar an Matamaitic. Is chuige sin go bhfuil na spriocanna nua atá leagtha síos ag an Aire Bruton an-uaillmhianach ar fad ó thaobh na huimhearthacta de.  Léiríonn An Plean Gníomhaíochta don Oideachas a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige an seirbhís oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip a dhéanamh as an seirbhís Éireannach laistigh de dheich mbliana, sraith gníomhartha uaillmhianacha le feabhas níos fearr a chur ar ár bhfeidhmíocht sa Mhatamaitic, lena n-áirítear códú agus ríomheolaíocht tríd an gcuraclam scoile a thabhairt isteach, Ráiteas Beartais Náisiúnta cuimsitheach ar Oideachas STEM i scoileanna agus céimeanna nua uaillmhianacha le múinteoirí Matamaitice a uas-sciliú.

Tá sé leagtha amach ag an Aire Bruton gur príomhthosaíocht é dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais le linn a aireachta.  Is chuige sin, go bhfuil spriocanna áirithe socraithe ag an Aire Bruton inniu don chéaduair don litearthacht agus don uimhearthacht laistigh de scoileanna faoi mhíbhuntáiste mar chuid den straitéis seo. Ní raibh a leithéid de spriocanna curtha san áireamh sa bhunstraitéis a foilsíodh i 2011. Mar shampla, tá sé mar sprioc againn go dtiocfaidh méadú 42% i líon na ndaltaí i mbunscoileanna uirbeacha DEIS Banda 1 atá ag feidhmiú ag na leibhéil is airde sa Mhatamaitic i rang a sé faoi 2020. Tacaíonn foilseachán an Phlean DEIS 2017 ag an Aire, ina ndéantar €15m breise a infheistiú chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais gach bliain.

Beidh béim níos mó curtha ar dhaltaí ardghnóthachtála agus ar ghnóthachtáil sa litearthacht a dhaingniú, litearthacht don agus trí mheán na Gaeilge ach go háirithe agus ar scileanna digiteacha litearthachta ár bhfoghlaimeoirí a fheabhsú.

Ar na príomhthosaíochta a áirítear sa Tuairisc ar an Straitéis Náisiúnta tá:

·        Tús áite a thabhairt d’fhorbairt an churaclaim Matamaitice ag an mbunscoil agus ag an iarbhunscoil trí athfhorbairt a dhéanamh ar churaclam bunscoile na Matamaitice, ina dtugtar isteach scileanna ríomhaireachta agus scileanna smaointeoireachta cruthaitheacha agus códú.

·        An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí lena cuid tacaíochtaí litearthachta agus uimhearthachta do mhúinteoirí a bheachtú.

·        Athbhreithniú a dhéanamh ar an méid ama atá tugtha don Matamaitic ag an mbunleibhéal le cinntiú a dhéanamh de go bhfuil an méid ama ag teacht le riachtanais foghlaimeoirí.

·        Curaclaim nua don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ag an mbunscoil agus iarbhunscoil, a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a fheabhsú mar Theanga 1 i nGaelscoileanna agus an Ghaeilge mar theanga 2 i scoileanna Béarla

·        Ag tacú le cleachtóirí ECCE agus le múinteoirí sna hionaid Luath-Thosaitheoirí le creat curaclaim Aistear a chur i bhfeidhm go cuimsitheach agus forbairt ar leith ar scileanna luath-litearthachta agus uimhearthachta.

·        Tacaíocht don aistriú idir suíomhanna oideachais, m.sh. an t-aistriú ó thimpeallacht na luathbhlianta go dtí bunscoileanna trí theimpléid tuairiscithe a fhorbairt do chleachtóirí ECCE, scoileanna agus tuismitheoirí, bunaithe ar thaighde agus ar thástálacha.

Ø Dul i mbun taighde ar shlite chruthaitheacha agus nuálacha chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ina ról mar oideachasóirí.

Dúirt an tAire Bruton:  

“Is bunscileanna iad a bheith liteartha agus uimheartha gur ceart a bheith ag gach uile duine óg ag fágáil na scoile dóibh má tá siad lena mbarrchumais a bhaint amach”.

“Cé go bhfuil ag éirí go maith linn sa léitheoireacht, d’fhéadfadh feabhas a chur ar an Matamaitic.  Léiríonn an Plean Gníomhaíochta don Oideachas, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige an seirbhís oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip a dhéanamh as an seirbhís Éireannach laistigh de dheich mbliana, sraith gníomhartha uaillmhianacha le feabhas níos fearr a chur ar ár bhfeidhmíocht leis an mbearna a laghdú leis na daoine is fearr san Eoraip sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ach go háirithe.  Beidh muid ag forbairt curaclam Matamaitice nua, ag an mbunscoil, lena n-áirítear scileanna ríomhaireachta agus scileanna smaointeoireachta cruthaitheacha agus códú, agus athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr agus ar an méid ama a thugtar don churaclam matamaitice ar an iomlán.  Cuirfimid Ráiteas Beartais ar Oideachais STEM i bhfeidhm agus céimeanna nua uaillmhianacha le múinteoirí Matamaitice a uas-sciliú. Beidh an-tionchar ar fad ag an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna agus ag infheistiú €210m freisin, le linn a ré, ar chur i bhfeidhm an athraithe.

“Ba cheart go mbeadh an deis ag gach páiste barrchumais a bhaint amach, beag beann ar a gcúinsí.  Tá tábhacht ar leith ag an oideachas dul i ngleic le míbhuntáiste.  Tá sé mar aidhm ag ár bPlean DEIS a foilsíodh le déanaí spriocanna daltaí i scoileanna faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú. Is mian liom, mar shampla, go dtiocfaidh méadú 42% ar líon na ndaltaí i mbunscoileanna uirbeacha faoi mhíbhuntáiste atá ag feidhmiú ag na leibhéil is airde sa Mhatamaitic i rang a sé faoi 2020”.

“Léiríonn an Tuairisc an dul chun cinn suntasach atá déanta ó 2011. Ba cheart go mbeadh gach uile duine an-bhródúil as an méid atá bainte amach go dtí seo.  Baineann cuid mhór den rath seo le tiomantas na gcleachtóirí ECCE, múinteoirí agus ceannairí scoile, tuismitheoirí agus bainisteoirí scoile, foireann sheirbhísí tacaíochta de chineálacha éagsúla, oideachasóirí múinteora, réimse leathan foras eile, gníomhairí agus eagraíochtaí agus na daoine óga ach go háirithe a d’oibrigh chomh crua sin lena gcuid scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú. 

Creidim go gcumasóidh na spriocanna nua a leagadh amach agus na gníomhaíochtaí aitheanta laistigh den Tuairisc seo béim a dhíriú ar na torthaí is fearr a bhaint amach dár bhfoghlaimeoirí agus ar deireadh thiar, ag déanamh cinnte de go bhfuil an deis ag na páistí uile a mbarrchumais sa saol a bhaint amach”.

Críoch

NÓTAí DON EAGARTHÓIR

Tá an Tuairisc, ina bhfuil spriocanna nua agus nuashonraithe ann, ar fáil ag:

http://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Litearthacht-agus-Uimhearthacht/Litearthacht-agus-Uimhearthacht.html

Torthaí PISA agus TIMSS

·        Sa léitheoireacht, bhí daltaí Éireannacha 15 bliain d’aois sa 3ú áit as 35 tír ECFE, sa 2ú áit i measc tíortha AE, agus sa 5ú áit as na tíortha uile a bhí rannpháirteach i PISA 2015.

·        Sa Mhatamaitic, bhí daltaí Éireannacha 15 bliain d’aois sa 13ú áit as 35 tír ECFE, sa 9ú áit i measc tíortha AE, agus sa 18ú áit as na tíortha uile a bhí rannpháirteach i PISA 2015.

·        Bhí daltaí Éireannacha rang 4 sa 9ú áit as 49 tír sa Mhatamaitic (méadú ó 17ú áit as 50 tír i 2011), i TIMSS 2015.

·        Bhí daltaí dara bliain sa 9ú áit as 39 tír sa Mhatamaitic, (níl aon staidéar ar na mallaibh inar féidir comparáid a dhéanamh leis seo), i TIMSS 2015.

Athbhreithniú Eatramhach ar an Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020

Sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna an Straitéis Náisiúnta i mí Iúil 2011: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020 (an Straitéis).  Leagann an Straitéis fís shoiléir amach, ina bhfuil spriocanna le caighdeán a ardú sa litearthacht agus san uimhearthacht sna luathbhlianta, ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile faoi 2020.

Phléigh an t-Athbhreithniú Eatramhach le torthaí taighde, idir thorthaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus le próiseas comhairliúcháin le réimse leathan páirtithe leasmhara.  Tháinig deireadh leis mall i 2016, nuair a foilsíodh tuairiscí Clár Idirnáisiúnta Measúnóireachta Mac Léinn (PISA) 2015 agus Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta (TIMSS) 2015.

Ní thagann an Tuairisc ar an Athbhreithniú Eatramhach in ionad na Straitéise (2011 – 2020). Is í an Straitéis croílár, agus beidh sí mar chroílár, ár gcóras oideachais, le spriocanna litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú go 2020.  Aithníonn an Tuairisc príomhspriocanna uimhearthachta, litearthachta, DEIS agus gníomhaíochtaí ar leith, chomh maith le spriocanna nua, a chuireann leo siúd sa Straitéis agus a chuidíonn lenár sprioc leis an córas oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip a bheith againn.

Tugann aiseolas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise go dtí seo le tuiscint go bhféadfadh gur mó an bhéim ar an litearthacht ná ar uimhearthacht.  Ní mór béim níos mó a chur ar uimhearthacht anois, leis an ‘mórathrú’ a dhéanamh a chuideoidh lenár n-aidhm bheith ar cheann de na tíortha is fearr san Eoraip.

Sa bhreis ar bhéim a chur ar uimhearthacht, ní mór aird a dhíriú go 2020 ar:

Ø Dul i ngleic le Míbhuntáiste Oideachais – agus spriocanna a bheith ann a cheanglóidh an clár litearthachta agus uimhearthachta leis an bplean DEIS 2017.

Ø Na daltaí ardghnóthachtála a chumasú lena mbarr acmhainn a bhaint amach, i bhfianaise na dteachtaireachtaí láidre ó líon measúnachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a léiríonn go bhfuil foghlaimeoirí Éireannacha ardghnóthachtála ar gcúl ar a gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.

Ø Gnóthachtáil sa litearthacht a dhaingniú – ní mór béim níos mó a chur ar litearthacht don agus tríd an Gaeilge a fheabhsú agus ar scileanna litearthachta digiteacha ár bhfoghlaimeoirí a fheabhsú.

I bhfianaise na dtorthaí san Athbhreithniú Eatramhach, ní mór tabhairt faoi na gnéithe seo a leanas ó 2017-2010:

Ø Spriocanna leasaithe a chur i bhfeidhm atá uaillmhianach

Ø An bhéim a dhíriú go huile agus go hiomlán ar ár bpríomhspriocanna – uimhearthacht, feabhas do dhaltaí i scoileanna DEIS, daltaí ardghnóthachtála, litearthacht sa Ghaeilge agus scileanna litearthachta digiteachta a fheabhsú

Ø Aird a dhíriú ar phríomhspriocanna trí ghníomhartha aitheanta sa Tuairisc.

Beidh na torthaí ó staidéar náisiúnta agus idirnáisiúnta breise, chomh fada le PISA 2021, mar shlat tomhais ar an dul chun chinn atá déanta ar feadh ré feidhme na Straitéise.

Spriocanna athbhreithnithe agus nua

Léiríonn na torthaí ó staidéir ar nós Measúnachtaí Náisiúnta Léamh an Bhéarla agus na Matamaitice (NAERM) 2014 agus an Clár um Measúnú Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) 2015 an dul chun cinn atá déanta sa léitheoireacht agus sa Mhatamaitic.  Tá cuid mhór dena spriocanna don ghnóthachtáil sa léitheoireacht agus sa Mhatamaitic, socraithe sa Straitéis i 2011, bainte amach i mbeagán níos mó ná leathbhealaigh trí ré fheidhme na Straitéise.

Leis an mbéim a choiméad go dtí 2020, chuathas siar ar na spriocanna, go háirithe sna réimsí sin a bhí bainte amach nó beagnach bainte amach don tagarmharc a bhí socraithe i 2011.  Léirigh an t-athbhreithniú eatramhach bearna sa ghnóthachtáil idir scoileanna faoin méid is mó míbhuntáiste (DEIS Banda uirbeach 1 ag an mbunscoil) agus scoileanna eile.  Tá sraith spriocanna discréideacha aitheanta sa litearthacht agus san uimhearthacht do scoileanna DEIS, nasctha leis an bPlean DEIS 2017 Leis an mbéim seo a choimhéad cohórt,.  Ar deireadh, tá sprioc bhreise curtha san áireamh leis an mbéim ar an ngrúpa eochairthosaíochta de dhaltaí ardghnóthachtála.

1.   Tógáil ar fheabhsúcháin sa léitheoireacht agus sa Mhatamaitic do bhunscoileanna uile.

Measúnuithe Náisiúnta ar Léitheoireacht an Bhéarla agus Matamaitic – Gach Bunscoil
  Sprioc do 2020 socraithe sa Straitéis 2011[1] Staid Reatha (NAERM 2014)Sprioc Nua go dtí 2020
Léitheoireacht:  Leibhéal 3 nó níos airdeRang a dó40%46%50%
Rang a sé40%44%50%
Léitheoireacht: Leibhéal 1 nó níos ísle

Rang a dó

 

30%22%20%
Rang a sé30%25%20%

Matamaitic:

Leibhéal 3 nó níos airde

Rang a dó40%47%53%
Rang a sé40%42%50%
Matamaitic:  Leibhéal 1 nó níos ísle

Rang a dó

 

30%26%20%
Rang a sé30%27%20%

2.   Béim a chur ar an mbearna a lagdú idir gnóthachtáil léitheoireachta agus Matamaitice daltaí i scoileanna DEIS Banda 1 agus daltaí sna bunscoileanna uile

Measúnuithe Náisiúnta ar Léitheoireacht an Bhéarla agus Matamaitic – Gach BunscoilBunscoileanna DEIS Banda 1
  Sprioc do 2020 socraithe sa straitéis 2011Staid Reatha  (NAERM 2014)Sprioc Nua go dtí 2020
Léitheoireacht: Leibhéal 3 nó níos airdeRang a dóNíl aon sprioc chomhfhreagrach sa straitéis 201118%25%
Rang a sé21%27%

Léitheoireacht:

Leibhéal  1 nó níos ísle

Rang a dó44%40%
Rang a sé47%40%
Matamaitic: Leibheál 3 nó níos airdeRang a dóNíl aon sprioc chomhfhreagrach sa straitéis 201121%30%
Rang a sé19%27%
Matamaitic: Leibhéal 1 nó níos ísleRang a dó52%45%
Rang a sé50%42%

3.   Tógáil ar fheabhsúchán sa léitheoireacht agus sa Mhatamaitic do na hiarbhunscoileanna         uile. Cuirfear béim faoi leith ar riachtanais na ndaltaí den ghnóthachtáil is airde.

Clár um Measúnú Idirnáisiúnta Daltaí – Gach iarbhunscoil
  Sprioc do 2020 socraithe sa Straitéis 2011[2]Staid Reatha   (PISA 2015)Sprioc Nua go dtí 2020[3]
Litearthacht sa Léitheoireacht: Leibhéal 4 nó níos airdeDaltaí cúig bliana déag d’aois

34%

 

37%40%
Litearthacht sa Léitheoireacht: Leibhéal 5 nó níos airde (Gnóthachtálaithe is fearr)Daltaí cúig bliana déag d’aoisNíl aon sprioc chomhfhreagrach sa straitéis 201111%12%
Litearthacht sa Léitheoireacht: Leibhéal 1 nó níos ísleDaltaí cúig bliana déag d’aois8.5%10%8.5%

Matamaitic:

Leibhéal 4 nó níos airde

Daltaí cúig bliana déag d’aois31%31%36%

Matamaitic: Leibhéal 5 nó níos airde

(Gnóthachtálaithe is fearr)

Daltaí cúig bliana déag d’aoisNíl aon sprioc chomhfhreagrach sa straitéis 201110%13%

Matamaitic:

Leibhéal 1 nó níos ísle

Daltaí cúig bliana déag d’aois10.5%15%10.5%

4.   Béim a chur ar an mbearna a lagdú idir gnóthachtáil sa léitheoireacht agus Matamaitic daltaí in iarbhunscoileanna DEIS agus daltaí sna iarbhunscoileanna uile.

Clár um Measúnú Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) – DEIS Iarbhunscoil
  Sprioc do 2020 socraithe sa Straitéis 2011Staid Reatha (PISA 2015)Sprioc nua go dtí 2020
Litearthacht sa Léitheoireacht: Leibhéal 4 nó níos airdeDaltaí cúig bliana déag d’aois

Níl aon sprioc chomhfhreagrach sa straitéis 2011

 

28%33%
Litearthacht sa Léitheoireacht: Leibhéal 5 nó níos airde (Gnóthachtálaithe is fearr)Daltaí cúig bliana déag d’aois7%10%
Litearthacht sa Léitheoireacht: Leibhéal 1 nó níos ísleDaltaí cúig bliana déag d’aois16%12%

Matamaitic:

Leibhéal 4 nó níos airde

Daltaí cúig bliana déag d’aoisNíl aon sprioc chomhfhreagrach sa straitéis 201123%29%

Matamaitic:

Leibhéal 5 nó níos airde

(Gnóthachtálaithe is fearr)

Daltaí cúig bliana déag d’aois6%10%

Matamaitic:

Leibhéal 1 nó níos ísle

Daltaí cúig bliana déag d’aois22%16%
       

5.   Méadú breise a dhaingniú ar líon na ndaltaí atá ag roghnú Ardleibhéil sna scrúduithe Matamaitice sa Sraith Shóisearach agus san Ardteistiméireacht leis na spriocanna a bhaint amach a bhí socraithe i 2011, ar bhealach tomhaiste, faoi 2020.

Glacadh le hArdleibhéal sa Matamaitice sa Sraith Shóisearach agus san Ardteistiméireacht 
 Staid i 2011Staid Reatha (2016)Sprioc 2020
Matamaitic sa tSraith Shóisearach: Iarrthóirí Ardleibhéal

45%

 

55%60%

Matamaitic na

hArdteistiméireachta:

Iarrthóirí Ardleibhéal

17%28%30%


[1]Tháinig na torthaí  is deireanaí ag an bpointe sin ó NAERM 2009

[2]Tháinig na torthaí  is deireanaí ag an bpointe sin ó PISA 2009

[3] Tá spriocanna nua socraithe i ngach réimse a bhfuil na spriocanna ón Straitéis 2011 bainte amach cheana féin