Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan TD, go reáchtálfar píolóta de shamhail nua chun acmhainní breise múinteoireachta a leithdháileadh ar scoileanna do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i 47 scoil le linn na scoilbhliana 2015/16, de réir mar a mhol an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.
Tar éis próiseas roghnaithe a ceapadh chun a chinntiú go mbeadh ionadaíocht ag an raon ba mhó ab fhéidir de scoileanna i dtreo is go gcuirfí san áireamh aicmiú mar scoil faoi mhíbhuntáiste, meascán inscne, méid na scoile agus earnáil na scoile, thoiligh 47 Scoil(28 bunscoil agus 19 iar-bhunscoil) páirt a ghlacadh sa tionscadal píolótach ar bhonn deonach.
Tá sonraí faoi na scoileanna a bheidh ag glacadh páirte sa tionscadal píolótach leis seo ag Aguisín 1.
Áireofar ar an tionscadal píolótach scoileanna as ceantair éagsúla den tír ar mhéideanna agus ar chineálacha éagsúla.
Dúirt an tAire inniu: “Bíodh is go raibh tacaíocht ghinearálta ann don tsamhail nua leithdháilte atá molta i measc earnáil na scoileanna agus eagraíochtaí atá ionadaíoch do thuismitheoirí agus do dhaoine faoi mhíchumas, ní raibh am ann chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna atá fágtha ar fad in am chun an tsamhail nua a chur i bhfeidhm ina hiomláine do 2015.
“D’fhonn an fuinneamh a choinneáil taobh thiar de mholadh naComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, tá tionscadal píolótach curtha ar bun agam a reáchtálfar le linn na scoilbhliana 2015/16. Is gá an córas leithdháilte a leasú agus táim tiomanta don sprioc sin a bhaint amach.
“Forbraíodh an tionscadal píolótach seo mar sin chun triail a bhaint as an tsamhail i líon áirithe scoileanna agus chun deis a chruthú tomhas a dhéanamh ar an toradh praiticiúil a bheadh ar an tsamhail a chur i bhfeidhm i scoileanna píolótacha, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar eispéiris foghlama scoileanna, príomhoidí agus daltaí, agus ar thuairimí tuismitheoirí.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
In 2012 d’iarr an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, comhairle polasaí a chur ar fáil ar an gcaoi ab fhearr chun tacú le mic léinn a raibh riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna.
Iarradh ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta an tsamhail a bhí ann cheana chun acmhainní a leithdháileadh ar scoileanna d’fhonn tacú le páistí a raibh riachtanais speisialta oideachais acu a bhreithniú agus a mheas an bhféadfaí feabhsúcháin a dhéanamh.
I mí Bealtaine 2013, d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta Comhairle Polasaí uaithi maidir le Supporting Students with Special Educational Needs in Schools.’
http://ncse.ie/wp-content/uploads/2014/09/Supporting_14_05_13_web.pdf
Cinneadh sa pháipéar sin gur gá leasú a dhéanamh ar an tsamhail reatha chun breis is 11,000 post breise tacaíochta foghlama a leithdháileadh, de bharr go bhfuil an tsamhail reatha bunaithe ar dhiagnóis a bheith le fáil a bheadh, b’fhéidir, deacair a aimsiú, agus go mbeadh an baol ann go ndéanfaí páistí a dhiagnóisiú mar pháistí a mbeadh riachtanas speisialta oideachais acu, ar mhaithe le cúinsí leithdháilte acmhainne seachas ar chúiseanna sláinte.
Moladh samhail tacaíochta athbhreithnithe a fhorbairt lena dtabharfaí do scoileanna chomh maith breis solúbthachta maidir le tacaíocht a leithdháileadh ar dhaltaí de réir mar a bhíonn riachtanais oideachais acu seachas samhail a bheadh bunaithe go príomha ar dhiagnóis mhíchumais a bhaineann le haicme de riachtanais oideachais speisialta.
Iarradh ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta Meitheal Oibre a chur ar bun chun togra a fhorbairt maidir le bealach níos fearr chun na tacaíochtaí seo a leithdháileadh.
I mí Meitheamh 2014, i dTuarascáil Mheitheal Oibre na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta arna stiúradh ag an Uasal Eamon de Staic, moladh samhail nua chun tacaíocht múinteora acmhainne a leithdháileadh ar scoileanna a bheadh bunaithe ar riachtanais phróifílithe gach aon scoile, seachas ar mhíchumas diagnóisithe páistí aonair.
Moladh go mbeadh leithdháileadh tacaíochtaí breise múinteoireachta ar scoileanna bunaithe ar dhá eilimint feasta:
· Eilimint bunaithe ar phróifíl oideachais na scoile; agus
· Eilimint bhonnlíne a sholáthraítear do gach scoil phríomhshrutha ar mhaithe le tacú leis an gcuimsiú agus le cosc a chur leis na deacrachtaí foghlama, agus ar mhaithe leis an luath-idirghabháil.
http://ncse.ie/wp-content/uploads/2014/09/Allocating_resources_1_5_14_Web_accessible_version_FINAL.pdf
I mBealtaine na bliana seo, tar éis dul i gcomhairle leis na Comhpháirtithe Oideachais, d’fhógair an tAire go gcuirfí píolóta den tSamhail Nua ar bun do mhí Mheán Fómhair 2015, d’fhonn feidhmiú na samhla a thástáil i líon áirithe scoileanna roimh don tsamhail a bheith curtha i bhfeidhm ina hiomláine.
Tá an píolóta ceaptha chun an tsamhail leithdháilte a thástáil agus chun tástáil a dhéanamh ar an mbealach a mbíonn scoileanna in ann acmhainní a imlonnú de réir riachtanas sainaitheanta na mac léinn, agus leibhéal a gcuid riachtanas á chur sa chuntas, beag beann ar aon diagnóis ar leith mhíchumais, de réir mar a moladh
i dTuarascáil Mheitheal Oibre na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.
Aguisín 1:Scoileanna atá ag Glacadh Páirte sa Tionscadal Píolótach
Bunscoileanna
| Uimhir Rolla | Ainm na Scoile | Contae | DEIS | Meascán Inscne sa Scoil |
| 20231H | St Benedict's National School | Baile Átha Cliath | | Measctha |
| 19583I | St Josephs Senior NS, Ballymun | Baile Átha Cliath | DEIS 1 | Measctha |
| 15046I | St Stephen's National School | Port Láirge | DEIS 2 | Buachaillí |
| 18057F | Scoil Mhuire | Uíbh Fhailí | | Cailíní Sinsir |
| 20292E | Maynooth Educate Together | Cill Dara | | Measctha |
| 16928B | Scoil Náisiúnta Naomh Philomena | Uíbh Fhailí | DEIS 2 | Cailíní |
| 198460 | Réalt na Maidine | Ciarraí | | Buachaillí |
| 15948C | Clologue National School | Loch Garman | | Measctha |
| 20309S | Mary Mother of Hope | Baile Átha Cliath | | Measctha |
| 03936C | Scoil Náisiúnta (Scoil Mhuire) | An Iarmhí | | Measctha |
| 17493U | Rosenallis National School | Laois | | Measctha |
| 19490B | Scoil Mhuire | Baile Átha Cliath | DEIS 1 | Measctha |
| 17840P | SN Bheinin Naofa | An Mhí | | Cailíní |
| 19837N | Drimnagh Castle CBS NS | Baile Átha Cliath | | Buachaillí |
| 17903N | Cornamaddy NS | An Iarmhí | | Measctha |
| 13632L | Annalitten National School | Muineachán | | Measctha |
| 18246I | SN Baile Mhuine | Corcaigh | | Measctha |
| 17920N | Donard National School | Cill Mhantáin | | Measctha |
| 16829W | Scoil Eoin Pól (Lough an Iubhair) | Dún na nGall | DEIS Scoil Tuaithe | Measctha |
| 18350D | Scoil Náisiúnta Na Hinse | Tiobraid Árann | | Measctha |
| 18598Q | Earnain Mxd NS | An Iarmhí | | Measctha |
| 15257V | Quignamanger National School/St Oliver Plunket | Maigh Eo | | Measctha |
| 19418Q | Castlerahan Central National S | An Cabhán | | Measctha |
| 19817H | St Marys NS Lucan | Baile Átha Cliath | | Measctha |
| 02413L | Scoil Naomh Eoin, Birr | Uíbh Fhailí | | Measctha |
| 16289Q | St. John's NS | Maigh Eo | | Measctha |
| 14625T | Doon Convent NS | Luimneach | | Measctha |
| 20260o | Gaelscoil Chluainin | Liatroim | | Measctha |
| | | | | | |
Iar-bhunscoileanna
| Uimhir Rolla | Ainm na Scoile | Earnáil | Contae | DEIS | Meascán Inscne sa Scoil |
| 70250S | Marino College | Gairmscoil | Baile Átha Cliath | DEIS | Measctha |
| 60480G | Drimnagh Castle Secondary (Meánscoil Iognáid Rís) | Meánscoil | Baile Átha Cliath | | Buachaillí |
| 71450I | Mullingar Community School | Gairmscoil | An Iarmhí | DEIS | Measctha |
| 65370B | St. Joseph's C.B.S | Meánscoil | Tiobraid Árann | | Buachaillí |
| 91505T | St Wolstan's Community School (Girls). | Pobalscoil/Sc. Cuimsitheach | Cill Dara | | Cailíní |
| 60400F | St Vincents | Meánscoil | Baile Átha Cliath | DEIS | Buachaillí |
| 70620C | Coláiste Cois Siúire | Gairmscoil | Cill Chainnigh | DEIS | Measctha |
| 60710U | Muckross Park College | Meánscoil | Baile Átha Cliath | | Cailíní |
| 70960D | Coachford College | Gairmscoil | Corcaigh | | Measctha |
| 64971W | Our Lady Of Mercy Secondary School | Meánscoil | Port Láirge | | Cailíní |
| 62000W | Mary Immaculate Secondary School | Meánscoil | An Clár | | Measctha |
| 91500J | Loreto Community School | Pobalscoil/Sc. Cuimsitheach | Dún na nGall | | Measctha |
| 64610N | St. Colman's College | Meánscoil | Maigh Eo | | Buachaillí |
| 61340S | St Bridgids Secondary School | Meánscoil | Ciarraí | | Cailíní |
| 70400L | Borris Vocational | Gairmscoil | Ceatharlach | | Measctha |
| 61320M | Coláiste Bhréanainn | Meánscoil | Ciarraí | | Measctha |
| 76102K | Gaelcholáiste an Eachréidh | Gairmscoil | Gaillimh | | Measctha |
| 72020L | Moyne College Ballina | Gairmscoil | Maigh Eo | DEIS | Measctha |
| 68077S | Ardscoil na Tríonóide | Meánscoil | Cill Dara | | Measctha |