21 Eanáir, 2015 - Faomhadh an Rialtais don Bhille um Chomhairle Mhúinteoireachta (Leasú) á fhógairt ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan T.D., go bhfuil an Rialtas tar éis faomhadh a thabhairt don Bhille um Chomhairle Mhúinteoireachta (Leasú) an tseachtain seo.  Foilseoidh an tOireachtas an Bille i gcionn cúpla lá.

Tá an Bille ag fónamh ar dhá phríomhaidhm uileghabhálacha: bheith mar bhun agus mar thaca le ról lárnach na Comhairle Múinteoireachta maidir leis na socruithe reachtúla grinnfhiosrúcháin atá le teacht do mhúinteoirí cláraithe, agus na forálacha reachtúla a bhaineann le feidhm na Comhairle Múinteoireachta maidir le feidhmiúlacht chun múineadh a leasú agus a neartú.

Dúirt an tAire: “Beidh an reachtaíocht seo mar bhun agus mar thaca le ról lárnach na Comhairle Múinteoireachta maidir leis na socruithe grinnfhiosrúcháin do mhúinteoirí cláraithe.  Bíonn ról lárnach ag an gComhairle san infreastruchtúr chosaint leanaí ar fad atá ag an stát do scoileanna.  Is é an fáth atá leis seo ná go bhfuil de chumas ag an gComhairle Mhúinteoireachta a chinntiú nach gclárófar mar mhúinteoir duine ar bith nach measann sí gur duine oiriúnach don mhúineadh é/í.  Tá an Bille seo mar bhun agus mar thaca leis an gcumas seo agus sa chaoi sin cinntítear go bhfuil grinnfhiosrúchán an gharda ina chuid dhílis de phróiseas reachtúil cláraithe múinteoirí na Comhairle.

Éascóidh sé le scoileanna chomh maith ceanglais ghrinnfhiosrúcháin an Achta um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin 2012 a chomhlíonadh go héifeachtach nuair a bheidh sé curtha i ngníomh.”

I dteannta le grinnfhiosrúchán an gharda do chlárú tosaigh múinteoirí, tá foráil déanta sa Bhille do ghrinnfhiosrúchán iarghabhálach agus d’athghrinnfhiosrúchán tréimhsiúil na múinteoirí cláraithe go léir.  Dúirt an tAire: “Tá cur chuige simplí curtha ar fáil sa Bhille do ghrinnfhiosrúchán múinteoirí nach ndearnadh grinnfhiosrúchán orthu roimhe seo.  Táim tar éis a phlé leis an gComhairle Mhúinteoireachta an gá lena chinntiú go mbíonn grinnfhiosrúchán déanta ar na múinteoirí cláraithe go léir, agus is fios dom go bhfuil sé de rún acu tosaíocht a thabhairt don obair seo ar feadh bliana tar éis don reachtaíocht seo a bheith achtaithe.  Cuimseoidh na socruithe reachtúla grinnfhiosrúcháin faoin Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin seiceáil i gcomhair aon “bhogfhaisnéise” cuí, mar aon leis an tseiceáil atá ann cheana do chionta coiriúla.  Gné nua thábhachtach de na socruithe grinnfhiosrúcháin é seo.  Is éard is “bogfhaisnéis” ann, nó “faisnéis shainithe” mar a thugtar air san Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, ná faisnéis seachas faisnéis faoi chionta coiriúla atá i seilbh an Gharda Síochána agus a bhfuil tuairim bona fide ann dá barr go bhfuil duine ina bhagairt do pháistí nó do dhaoine soghonta.”

Adúirt an tAire freisin: “Is den tábhacht é go bhfuil foráil sa Bhille seo go mbeidh athnuachan clárúcháin mhúinteora ag brath ar ghéilleadh do cheanglais iarghabhálacha agus do cheanglais athghrinnfhiosrúcháin an Bhille.  Cinntítear leis an mBille freisin go mbeidh bunús docht reachtúil ann le go mbreithneoidh an Chomhairle Mhúinteoireachta, i gcás múinteora ar bith atá ina ábhar do nochtadh neamhfhabhrach grinnfhiosrúcháin, ar cheart clárú an mhúinteora a athnuachan.”

Tá roinnt leasuithe san áireamh sa Bhille chomh maith a neartóidh agus a shoiléireoidh na forálacha in Acht na Comhairle Múinteoireachta a bhaineann le feidhmiúlacht chun múineadh, sula gcuirfear i ngníomh iad.  Ar na leasuithe seo tá:

  • roinnt nithe a leagadh amach faoinar féidir gearán a dhéanamh, mar shampla mí-iompar gairmiúil, tearcfheidhmíocht ghairmiúil nó mí-oiriúnacht mhíochaine
  • leathadh a dhéanamh ar liosta na bpáirtithe ónar féidir fianaise a éileamh mar chuid d’fhiosrúchán i ndáil le feidhmiúlacht chun múineadh
  • a shoiléiriú gur féidir iompar a bhain leis an am roimh achtú an Bhille seo, agus atá ina ábhar imní i dtaca le cosaint leanaí, a imscrúdú i bhfiosrúchán i ndáil le feidhmiúlacht chun múineadh más rud é go mba cion coiriúil an t-iompar i gceist ag an am
  • cur le cumas na Comhairle Múinteoireachta chun déileáil le gearáin lena dtugtar le fios go bhfuil baol ann go ndéanfaí dochar do pháiste nó d’aosach soghonta, trí chumhacht a thabhairt di nochtadh seiceála a lorg i leith an mhúinteora i gceist mar chuid d’fhiosrúchán i ndáil le feidhmiúlacht chun múineadh
  • an cumas a bheith ann chun fiosrúchán i ndáil le feidhmiúlacht chun múineadh a thionscnamh má thugtar le fios le faisnéis i nochtadh seiceála a fuair an Chomhairle ina ról mar idirghabhálaí do na scoileanna go bhfuil baol nó baol féideartha ann go ndéanfaí dochar do pháiste nó d’aosach soghonta
  • an ceanglas a chur ar ceal go mbeadh cinneadh ‘mífheidhmiúlacht chun múineadh’ ann sularbh fhéidir smachtbhanna ar bith a chur i bhfeidhm, agus smachtbhanna nua ‘comhairle, rabhadh nó cáineadh’ a chur ar bun, mar aon le roinnt leasuithe teicniúla agus leasuithe friotail.

Adúirt an tAire: “Is é is aidhm le ról na Comhairle i dtaca le feidhmiúlacht chun múineadh ná caighdeáin a chothabháil agus leanaí a chosaint.  Beidh nósanna imeachta dochta, a bheidh trédhearcach agus cothrom, mar bhun agus mar thaca le hobair na Comhairle.  Nuair a bheas na forálacha seo curtha i ngníomh, beidh sé ar chumas duine ar bith, baill den phobal, fostóirí, múinteoirí agus an Chomhairle Mhúinteoireachta san áireamh, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.  Má tá an t-ábhar tromchúiseach go leor beidh fiosrúchán ann.  Beidh sé ar chumas na Comhairle múinteoir a bhaint den chlár áit a measann sé nach bhfuil an duine feidhmiúil chun múineadh agus áireofar leis seo cásanna ina bhfuil fáthanna a bhaineann le cosaint leanaí i gceist.  Is den tábhacht é a thuiscint, áfach, go mbeidh an cumas a bhaineann le feidhmiúlacht chun múineadh ag fónamh chun réimsí a shainaithint ina bhfuil beart ag teastáil ó mhúinteoirí chun ceisteanna tearcfheidhmíochta nó drochiompair a réiteach.  Tá sé de rún agam na forálacha a bhaineann le feidhmiúlacht chun múineadh a chur i ngníomh a luaithe is féidir tar éis don Bhille a bheith achtaithe.

“Le linn don Bhille bheith á rith tríd an Oireachtas tá fúm leasú a thabhairt isteach chun foráil a dhéanamh d’éisteachtaí i ndáil le feidhmiúlacht chun múineadh a thionól go poiblí sa ghnáthchúrsa, ach go mbeadh eisceachtaí ann áit is gá sin chun cearta daoine aonair a chosaint.  Beidh mé ag iarraidh comhairle na Comhairle Múinteoireachta faoi na fachtóirí a d’fhéadfaí a chur sa chuntas i gcásanna dá leithéid.  Cinnteoidh sé seo go léireoidh creat nua na feidhmiúlachta chun múineadh an dea-chleachtas atá i bhfeidhm i gcás éisteachtaí araíonachta do chomhlachtaí gairmiúla eile.”

Mar fhocal scoir dúirt an tAire: “Tríd is tríd, measaim go gcuirfidh na hathruithe atáthar ag cur chun cinn anois go mór le cosaint páistí in ár scoileanna agus le cothabháil na n-ardchaighdeán múinteoireachta a mbíonn mic léinn agus an pobal ar fad ag súil leo agus iad ag dul dóibh.”

CRÍOCH.

Nótaí d’eagarthóirí

Príomhfhorálacha an Bhille

Déantar foráil sa Bhille do na nithe seo a leanas:

  • bun agus taca reachtúil a chur le ról na Comhairle Múinteoireachta sna socruithe do ghrinnfhiosrúchán múinteoirí cláraithe.
  • cur ar chumas na Comhairle Múinteoireachta sás (leictreonach) sruthlíneach a chur ar bun a chumasóidh scoileanna agus BOOanna chun na ceanglais reachtúla grinnfhiosrúcháin atá le teacht faoinAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin 2012 a chomhlíonadh go tráthúil,
  • grinnfhiosrúchán an Gharda mar chuid dhílis de chlárú tosaigh múinteora
  • bun reachtúil le grinnfhiosrúchán iarghabhálach agus athghrinnfhiosrúchán tréimhsiúil na múinteoirí cláraithe go léir i gcomhthéacs athnuachan an chláraithe
  • roinnt nithe a leagadh amach faoinar féidir gearán a dhéanamh, mar shampla mí-iompar gairmiúil, tearcfheidhmíocht ghairmiúil nó mí-oiriúnacht mhíochaine,
  • cur le cumas na Comhairle Múinteoireachta chun déileáil le gearáin lena dtugtar le fios go bhfuil baol ann go ndéanfaí dochar do pháiste nó d’aosach soghonta, trí chumhacht a thabhairt di nochtadh seiceála a lorg i leith an mhúinteora i gceist mar chuid d’Fhiosrúchán i ndáil le Feidhmiúlacht chun Múineadh 
  • an cumas a bheith ann chun Fiosrúchán i ndáil le Feidhmiúlacht chun Múineadh  a thionscnamh má thugtar le fios le faisnéis i nochtadh seiceála a fuair an Chomhairle ina ról mar idirghabhálaí do na scoileanna go bhfuil baol nó baol féideartha ann go ndéanfaí dochar do pháiste nó d’aosach soghonta
  • leathadh a dhéanamh ar liosta na bpáirtithe ónar féidir fianaise a éileamh mar chuid d’fhiosrúchán i ndáil le feidhmiúlacht chun múineadh
  • a shoiléiriú gur féidir iompar a bhain leis an am roimh achtú an Bhille seo, agus atá ina ábhar imní i dtaca le cosaint leanaí, a imscrúdú i bhfiosrúchán i ndáil le feidhmiúlacht chun múineadh más rud é go mba cion coiriúil an t-iompar i gceist ag an am
  • an ceanglas a chur ar ceal go mbeadh cinneadh ‘mífheidhmiúlacht chun múineadh’ ann sularbh fhéidir smachtbhanna ar bith a chur i bhfeidhm,
  • smachtbhanna nua ‘comhairle, rabhadh nó cáineadh’ a chur ar bun, agus
  • roinnt mionleasuithe teicniúla agus mionleasuithe friotail ar na codanna den Acht a bhaineann le clárú agus feidhmiúlacht chun múineadh, go príomha, agus atá ceaptha chun soiléire agus comhsheasmhachta a chur leis an gcreat foriomlán reachtúil.

Grinnfhiosrúchán múinteoirí nach ndearnadh grinnfhiosrúchán orthu roimhe seo

  • Feidhmíonn na socruithe atá ann faoi láthair do ghrinnfhiosrúchán an Gharda in earnáil na scoileanna aitheanta ar bhonn neamh-reachtúil agus tá siad ar bun i gcás fostaithe nua ó 2006 i leith. Tá méadú ag teacht i gcónaí ar líon na múinteoirí a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu faoi na socruithe neamh-reachtúla agus tá grinnfhiosrúchán déanta ar tuairim is 54,000 de na 90,000 múinteoir ar chlár na Comhairle Múinteoireachta anois.
  • Is múinteoirí buana de ghnáth an 36,000 eile nach ndearnadh grinnfhiosrúchán orthu atá sa scoil chéanna ón am sular tugadh isteach grinnfhiosrúchán neamhreachtúil in 2006.
  • San am a chuaigh thart, bhí sriantachtaí acmhainne i Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda ina mbac ar ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh ar an gcohórt seo múinteoirí.  Ó mhí Iúil 2014 i leith, níl sriantachtaí acmhainne dá leithéid ina bhfadhb a thuilleadh.  Measann an Roinn Oideachais agus Scileanna, áfach, go mb’fhearr agus gur éifeachtúla an rud é ó thaobh na cosanta leanaí de go ndéanfaí grinnfhiosrúchán ar mhúinteoirí dá leithéid faoi na socruithe reachtúla grinnfhiosrúcháin atá le teacht, ar dhá chúis:
    • cuimseofar sna socruithe reachtúla grinnfhiosrúcháin atá le teacht seiceáil do chionta coiriúla agus “bogfhaisnéis” ábhartha ar bith chomh maith leis sin, rud atá mar eilimint thábhachtach nua de na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin agus;
    • nuair a bheas an Bille seo achtaithe, beidh bunús soiléir reachtúil ann le go n-éileoidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar mhúinteoirí dá leithéid dul faoi ghrinnfhiosrúchán agus le go ndéileálfaidh sí le nochtadh neamhfhabhrach grinnfhiosrúcháin ar bith a gheofaí.  Is é an bealach is fearr chun cosaint leanaí a bhaint amach thar na scoileanna aitheanta go léir ná múinteoir a bhaint de chlár na Comhairle Múinteoireachta
  • Beidh sé ina thosaíocht lárnach ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar feadh na céad bliana tar éis do na socruithe reachtúla grinnfhiosrúcháin seo a bheith tugtha isteach ná a chinntiú go gcuirfear grinnfhiosrúchán an chohóirt seo de tuairim is 36,000 múinteoir cláraithe i gcrích a luaithe is féidir.

Socruithe reachtúla grinnfhiosrúcháin faoinAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin 2012

  • Cuirtear ar bun leis an Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin(Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 (Acht an Ghrinnfhiosrúcháin) ceanglais reachtúla maidir le grinnfhiosrúcháin a dhéanamh ar dhaoine atá gafa le hobair le páistí agus aosaigh shoghonta, ar a n-áirítear daoine atá ag obair i scoileanna.
  • Níl tosach feidhme déanta ar Acht an Ghrinnfhiosrúcháin go fóill.  De bharr breithiúnais i gCúirt Achomhairc na RA in 2013 b’éigean athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha maidir le nochtadh faisnéise in Acht an Ghrinnfhiosrúcháin agus i mBille na gCiontuithe Spíonta araon.  Tá an t-athbhreithniú sin curtha i gcrích agus táthar faoi láthair ag dréachtú leasuithe ar Acht an Ghrinnfhiosrúcháin agus leasuithe iarmhartacha ar Bhille na gCiontuithe Spíonta.  Táthar ag súil go dtabharfar na leasuithe seo os comhair an Oireachtais sa seisiún reatha.
  • Cuimseofar sna socruithe reachtúla grinnfhiosrúcháin faoi Acht an Ghrinnfhiosrúcháin nuair a bheidh siad curtha i ngníomh nochtadh “bogfhaisnéise”, rud atá mar ghné thábhachtach nua de na socruithe grinnfhiosrúcháin.  “Faisnéis shainithe” a thugtar ar “bogfhaisnéis” in Acht an Ghrinnfhiosrúcháin, agus is faisnéis í seachas faisnéis faoi chionta coiriúla atá i seilbh an Gharda Síochána agus a bhfuil tuairim bona fide ann dá barr go bhfuil duine ina bhagairt do pháistí nó do dhaoine soghonta.
  • Tá sé beartaithe go mbeidh an Bille um Chomhairle Mhúinteoireachta (Leasú) ag obair in éineacht le hAcht an Ghrinnfhiosrúcháin nuair a bheidh sé achtaithe agus tosach feidhme déanta air.

Próisis araíonachta do mhúinteoirí ag leibhéal na scoile

Baineann forálacha fheidhmiúlacht chun múineadh na Comhairle Múinteoireachta le clárú múinteoirí, ach ní rachaidh siad in áit na nósanna imeachta araíonachta atá ar fáil faoi láthair d’fhostóirí ag leibhéal na scoile.  Beidh nósanna imeachta araíonachta fostaíochta curtha i gcrích, go hiondúil, sula gcuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta fiosrúchán ar bun.  Tá soláthar déanta do na socruithe ag leibhéal na scoile i gCiorcláin 0060/2009 agus 0071/2014 na Roinne Oideachais.