03 Nollaig, 2014 - Grúpa nua Comhairleach um Oideachas sa Luath-Óige á fhógairt ag an Aire O’Sullivan

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, ballraíocht an Ghrúpa nua Chomhairligh um Oideachas sa Luath-Óige.

Cuirfidh an Grúpa comhairle ar an Aire maidir le ceisteanna a bhaineann leis an oideachas san earnáil luath-óige (aoisghrúpa 0-6).

Áirítear ar bhallraíocht an Ghrúpa eagraíochtaí ar nós Start Strong, Early Childhood Ireland agus Barnardos.  Mar aitheantas ar a dtábhacht siúd atá ag obair san earnáil tá ionadaíocht ag Cumann Múinteoirí Éireann, IMPACT, agus Cumann na nGairmithe Chúram Leanaí ar an nGrúpa.

Mar a dúirt an tAire O’Sullivan, “Glacfaidh an Grúpa Comhairleach um Oideachas sa Luath-Óige páirt thábhachtach mar threoir don bheartas san earnáil ríthábhachtach seo sna blianta amach romhainn.  Tá an Grúpa ag baint leasa as an dtaithí atá go forleathan san earnáil agus á tabhairt le chéile i struchtúr foirmeálta.  Guím gach rath ar an nGrúpa lena chuid oibre agus tá fúm comhphlé cuiditheach a bheith agam leis an nGrúpa maidir lena anailís agus lena mholtaí.”

Beart is ea bunú an ghrúpa chomhairligh i measc líon beart atá á dhéanamh ag an Aire O’Sullivan chun caighdeán an oideachais a chur chun cinn agus a fheabhsú do na leanaí is óige againn.  Go luath in 2015 cuirfidh sí tús le hathbhreithniú tábhachtach ar na cláir oideachais agus oiliúna as a dtagann cáilíochtaí sa chúram agus oideachas luath-óige.  Cuirfear tús leis an athbhreithniú le comhairliúchán poiblí.  Sna seachtainí amach romhainn chomh maith earcófar foireann thiomnaithe de chigirí oideachais luath-óige.  Beidh na cigirí seo ag obair chun na caighdeáin oideachais san earnáil a chur chun cinn agus a fheabhsú. 

Dúirt an tAire O’Sullivan mar fhocal scoir, “Tá sé mar thosaíocht ag an Rialtas caighdeáin a fheabhsú agus todhchaí inbhuanaithe ar ardchaighdeán a leagan amach don oideachas luath-óige.  Beidh mé ag obair go dlúth le mo chomhghleacaí, an tAire James Reilly, Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige ar raon tionscnamh a bheidh dírithe ar an oideachas agus an cúram is fearr a chur ar fáil do na saoránaigh is óige againn.”

Críoch.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is mar seo a leanas ballraíocht iomlán an Ghrúpa Chomhairligh um Oideachas sa Luath-Óige:

CNCM

SOLAS

Cumann Ollscoileanna na hÉireann

Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann

Coistí Chondae Chúram Leanaí

Better Start, the National Early Years Quality Support Service

Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Ionadaithe na dTuismitheoirí

Barnardos

Early Childhood Ireland

Start Strong

Cumann na nGairmithe Chúram Leanaí

CME

IMPACT

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

An Roinn Oideachais agus Scileanna

An Roinn Oideachais, Tuaisceart Éireann

Is mar seo a leanas Téarmaí Tagartha an Ghrúpa Chomhairligh:

• Fóram a chur ar fáil do mhalartú na smaointe agus an dea-chleachtais maidir leis an oideachas luath-óige.

• Gníomhaíocht bainteach leis an oideachas atá ann cheana san earnáil luath-óige a a chomhordú.

• Comhairle a chur ar fáil maidir leis na bealaí ina féidir caighdeáin an oideachais luath-óige a neartú.

• A chinntiú go mbreithneofar go hiomlán impleachtaí na gcinntí beartais a ghlacann an Roinn Oideachais agus Scileanna nó a cuid gníomhaireachtaí don earnáil luath-óige.

• Cur le comhtháthú an oideachais luath-óigeisteach i gcontanam foriomlán an oideachais.

• Comhairle a chur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le ceisteanna a bhaineann leis an  oideachas luath-óige agus bonn eolais a chur faoi fhorbairt an bheartais ina leith sin amach anseo.

D’fhéadfadh sé sin breithniú ceisteanna mar iad seo a leanas a chuimsiú cé nach gá go mbeidís seo uileghabhálach: 

o athbhreithniú ar cháilíochtaí luath-óige ar fud na n-earnálacha breisoideachais agus ardoideachais;

o an poitéinseal atá ann chun gairm an chleachtaí luath-óige a rialáil;

o bailiú sonraí agus tomhas na dtorthaí oideachasúla san earnáil luath-óige;

o cur i bhfeidhm leanúnach Chlár Dhearbhú Cáilíochta Shíolta;

o forbairt an bheartais maidir le suíomh réamhscoileanna i mbunscoileanna;

o cuimsiú leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus leanaí gur as cúlraí faoi mhíbhuntaiste iad.

• Pleanáil a dhéanamh i gcomhair fóraim bhliantúil um Oideachas Luath-Óige.

Cuirfidh an Grúpa Comhairleach tuarascáil faoi bhráid an Aire gach sé mhí.