12 Márta, 2014 - Fógra á chur amach ag an Aire Quinn go bhfuil scoileanna nua il-sainchreidmheacha le hoscailt tar éis na suirbhéanna maidir le dífheistiú na pátrúnachta

Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., go bhfuiltear ag súil go mbeidh ceithre bhunscoil á n-oscailt i mí Mheán Fómhair seo chugainn faoi phátrúnacht Ag Foghlaim le Chéile.  Cuid den phróiseas dhífheistiú na mbunscoileanna é seo agus tá sé ag teacht i ndiaidh shuirbhéanna ar thuismitheoirí faoi roghnú na pátrúnachta i 43 cinn de bhailte.

Tá se i gceist scoileanna nua a oscailt sa Trá Mhór, Co. Phort Láirge, Baile Átha Troim, Co. na Mí, agus i Mullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2014.  I mBéal an Átha, Co. Mhuigheo, tá sé deimhnithe ag an Aire Quinn go bhfuil sé faoi chaibidil chomh maith scoil Eaglais na hÉireann (S.N. Bhaile Nua an Fhaoitigh, Baile Easa Caoire) a aistriú go dtí pátrúnacht Ag Foghlaim le Chéile.  Tá sé seo ag tarlú tar éis don Easpag as Eaglais na hÉireann agus do thuismitheoirí na háite toiliú le hathrú pátrúnachta.

Ina theannta sin, dheimhnigh an tAire Quinn go mbeidh an seanfhoirgneamh ina raibh Scoil San Séamas i Lána an Taiscumair, Baile Átha Cliath 8 á úsáid ó mhí Mheán Fómhair amach ag scoil de chuid Ag Foghlaim le Chéile a osclaíodh i gcóiríocht shealadach i mí Mheán Fómhair seo caite.

Chuir an tAire Quinn fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta go nuige seo insna pléanna le pátrúin i ndiaidh na suirbhéanna ar an dífheistiú.  Bíodh is go bhfuil trí cheantar ann nach bhfuil foirgnimh bhuana ar fáil do na scoileanna iontu, mar atá Baile Átha Troim, An Trá Mhór agus Mullach Íde, tá cead oscailte tugtha aige do na scoileanna atá i gcóiríocht shealadach nuathionscanta, d‘fhonn freastal ar an éileamh ó na tuismitheoirí ar bhreis rogha i mbunscoileanna.

“Tá pléanna ar siúl i gcónaí leis na príomhphátrúin Chaitliceacha insna ceantair seo, agus i roinnt ceantar eile, chun cóiríocht bhuan a shainaithint agus a aimsiú.  Caibidlíocht dhíreach, mhóraigeanta a bhí ann leis na pátrúin go dtí seo.  Táim cinnte de go bhféadfar tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh lena gcomhoibriú siúd go léir atá bainteach leis an scéal, agus le tacaíocht ó mo Roinnse,” adúirt an tAire Quinn. 

Roghnaíodh na trí shuíomh, Baile Átha Troim, An Trá Mhór agus Mullach Íde, tar éis do phléanna a bheith déanta leis na pátrúin Chaitliceacha atá ann faoi láthair faoin bhféidearthacht maidir le roghanna don chóiríocht bhuan, agus le Ag Foghlaim le Chéile faoina dtosaíochtaí maidir le ceantair do scoileanna nuathionscanta.

“Táim feasach go mbíonn gá le tréimhse ullmhúcháin chun scoil nua a bhunú: fógra a chur amach faoin scoil, an próiseas rollacháin, ceapadh an Phríomhoide, cead pleanála a fháil nuair is gá sin, agus nithe eile.  Tá an Roinn ag obair go dlúth le Ag Foghlaim le Chéile chun cóiríocht shealadach a aimsiú chun ligint dó scoileanna nua a oscailt a bheidh ag freastal ar phobail nua i mí Mheán Fómhair.” 

Cuid is ea próiseas dífheistithe na mbunscoileanna de chur i bhfeidhm mholtaí as Tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile 2012.

Chuir Cathaoirleach an Ghrúpa, an tOllamh John Coolahan, fáilte roimh an bhfógra a rinneadh inniu.

“I bhfianaise na bpléanna agus an chomhaontaithe faoi dhífheistiú phátrúnachta scoileanna a tharla ag an bhFóram, is ceart fáilte ó chroí a chur roimh fhógra an Aire mar dhul chun cinn suntasach,” adúirt sé.

“Bheinn ag súil, áfach, go gcuirfeadh pátrúin agus pobail scoileanna dlús leis an bpróiseas dífheistithe d’fhonn éascú le soláthar na scolaíochta dá gcomhshaoránaigh gur as córais creidimh eile iad.  Bíodh is go bhfuil na ceisteanna a bhaineann leis an dífheistiú íogair, casta, féadann na torthaí cur go mór leis an bhfolláine shibhialta agus le cothú na comhurraime, chomh maith le bheith ina mbeart bríoch chun cearta na saoránach uile a chosaint.”

Tá pléanna ar siúl i gcónaí  faoi bhunscoileanna nua eile a bhfuiltear ag súil lena n-oscailt faoin bpróiseas dífheistithe faoi 2015.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Quinn, “Níl sa bhfógra a rinneadh inniu ach céim thosaigh ach tá sé tábhachtach mar chéim chun muinín a thabhairt do thuismitheoirí go bhfuilimid i ndáiríre faoi iolrachas a chur ar fáil san oideachas mar aon le fíor-rogha a thabhairt dóibh sa chineál bunscoile a bheidh ina gceantar féin acu”.

 

Nótaí d’Eagarthóirí

•      De bhun Thuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile, gabhadh de láimh suirbhéanna ar chéadroghanna tuismitheoirí i roinnt áirithe ceantar a bhfuil daonra cobhsaí iontu chun a fháil amach cén éileamh a bhí ann ó thuismitheoirí ar rogha níos leithne pátrúnachta ar bhunscoileanna insna ceantair seo.

•      Gabhadh na suirbhéanna ar chéadroghanna tuismitheoirí de láimh ar bhun píolótach ar dtús i gcúig ceantar i bhFómhar na bliana 2012 agus d’fhoilsigh an Roinn tuarascáil fúthu seo i mí na Nollag 2012.  Gabhadh suirbhéanna de láimh i 38 ceantar eile i mí Eanáir agus mí Feabhra 2013.  Foilsíodh tuarascáil mhionsonraithe fúthu seo i mí Aibreáin na bliana sin.

•      Ón anailís a rinneadh ar chéadroghanna tuismitheoirí mar a cuireadh in iúl iad i ngach aon cheann de na 43 ceantar ina ndearnadh an suirbhé iontu, bhí sé le tuiscint go bhfuil dóthain éilimh ó thuismitheoirí i 28 ceantar chun tacú le hathruithe láithreach i bpátrúnacht na scoileanna insna ceantair sin.

•      Tar éis do na tuarascálacha a bheith foilsithe, iarradh ar an bpríomhphátrún (An tEaspag nó an tArdeaspag Caitliceach) i ngach aon cheann de na 28 ceantar roghanna athchumraíochta a bhreithniú a scaoilfeadh cóiríocht scoile do shruth iomlán amháin ar a laghad leis an malairt Pátrúin a bhí mar chéadrogha ag na tuismitheoirí.

•      Go déanach anuraidh, chuir na Pátrúin atá ann faoi láthair tuarascálacha deiridh faoi bhráid faoi na roghanna atá ar fáil.  Dá dheasca sin, bhíothas in ann díriú ar na ceantair ina raibh féidearthachtaí dáiríre i gceist do 2014 agus 2015.

•             I gcás Mhullach Íde, bunaithe ar athbhreithniú a rinneadh roimhe seo ar riachtanais scoile mar a bheidh amach anseo i gceantar Waterside/Dhraighneáin, ailínithe leis an toradh ar an suirbhé ar an dífheistiú i Mullach Íde, tá comhaontaithe leis an nGrúpa um Scoileanna Nua a Bhunú go mbunófar scoil nua sa cheantar seo faoi phátrúnacht Ag Foghlaim le Chéile.  Cuirfear tús leis an scoil i gcóiríocht shealadach atá curtha ar fáil ag Ag Foghlaim le Chéile sa Tobar Naofa i mí Mheán Fómhair seo chugainn.  Táthar ag moladh roghanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha chomh maith do na scoileanna nua i mBaile Átha Troim agus sa Trá Mhór.

•             Beidh an Roinn ag obair go dlúth i gcónaí leis na Príomhphátrúin Chaitliceacha insna ceantair eile chun malairt roghanna pátrúnachta a chur chun cinn insna ceantair sin.