16 Nollaig, 2014 - Toradh Cothrom, Cothromasach Do Na Daoine I gCeist I gCásanna Mí-Úsáide Leanaí Scoile Faofa Ag An Rialtas

Thug an Rialtas faomhadh inniu do thograí ón Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan T.D. socruithe lasmuigh den chúirt a thairiscint dóibh siúd atá ag tabhairt caingne ar an Stát a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí áit a bhfuil na caingne laistigh de théarmaí Chinneadh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus go sásaíonn siad riachtanais áirithe eile.

Athróidh méideanna an tsocraithe de réir chúinsí gach cáis suas go dtí uasmhéid de €84,000, is é sin an socrú a fuair Ms O’Keeffe ón Stát agus an dámhachtain ón mBinse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla á cur san áireamh mar aon leis an méid a raibh ar an Stát a íoc léi de réir mar a chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Adúirt an tAire O’Sullivan, “Gníomh coiriúil é mí-úsáid ghnéasach linbh ag múinteoir nó fostaí eile scoile, a chuireann déistin ar phobal na scoile ar fad.  Mí-úsáid incháinte na cumhachta agus na hiontaoibhe é chomh maith.  Cuireann tuismitheoirí cúram a gcuid páistí ar mhúinteoirí agus ar scoileanna agus is ceart go mbeidís muiníneach go gcuirfear cúram agus caomhnú ar a bpáistí agus iad ar scoil.

“MarAire Oideachais agus Scileanna, is mian liom mo leithscéal a ghabháil arís eile le Louise O’Keeffe, agus leo siúd go léir a ndearnadh mí-úsáid ghnéasach orthu agus iad ina bpáistí scoile – mar gheall ar an mí-úsáid uafar a imríodh orthu, agus mar gheall ar gur mhainníomar go léir i gcoitinne iad a chosaint.  Mar Aire táim tiomanta dona chinntiú go mbeimid i gcónaí ag cur feabhais ar na socruithe cosanta leanaí atá ar bun againn sna scoileanna, i dtreo is nach mbeidh an náire seo orainn i gcoitinne go deo arís.”

Dúirt an tAire gur fhreagairt chothrom, chothromasach ón Stát a bhí sa tairiscint socraithe seo i leith na gcásanna siúd atá laistigh de pharaiméadair bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

Dúirt an tAire nach raibh an Stát, ag déanamh na dtairiscintí socraithe seo dó, ag clúdach dhliteanais lucht déanta na gcoireanna, dhliteanais phátrúin na scoileanna ná dhliteanais na gComhchosaintóirí eile.  I gCás O’Keeffe ní dhearnadh éileamh ar bith in aghaidh bhainisteoir ná phátrún na scoile.

Mar gheall ar gan eolas a bheith ar fáil maidir le cúinsí beachta na 45 cás a bhí tionscanta nuair a tugadh cinneadh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i mí Eanáir 2014 ní fios ag an am seo an líon de na cásanna seo ina dtairgfear socruithe.  Ó mhí Eanáir 2014 i leith tá roinnt cásanna nua tionscanta nó rinneadh iarracht an tAire a uamadh in imeachtaí a bhí tionscanta cheana féin.  Rachaidh an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát i gcomhairle leis na haturnaetha sna cásanna seo chun an cás ina leith a shoiléiriú agus chun tairiscintí socraithe a dhéanamh áit is cuí.  Tá an dóchúlacht ann go mbeidh cásanna ann nach mbeidh laistigh de théarmaí Chinneadh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. 

Dúirt an tAire O’Sullivan go raibh grúpa de chásanna ann a bhain le mí-úsáid ghnéasach leanaí scoile nach raibh curtha ar aghaidh ar chúiseanna éagsúla, ina measc iad siúd ar scoireadh díobh, b’fhéidir, tar éis do litreacha a bheith faighte ón nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.  Dúirt an tAire go raibh tuilleadh cinnteachta ag teastáil maidir le staid chruinn na gcásanna seo agus cé acu ar scoireadh go foirmeálta díobh nó nár scoireadh.  Dúirt sí go raibh sí tar éis a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar na cásanna seo agus tuairisc a thabhairt di fúthu go luath san Athbhliain.  Dúirt sí go dtuairisceodh sí ar ais go dtí an Rialtas fúthu tar éis an athbhreithnithe sin.

Nótáil an tAire nach raibh aon chuid den ailtireacht chosanta leanaí atá ar bun anois ar bun i 1973 nuair a imríodh mí-úsáid uafar ghnéasach ar Louise O’Keeffe.

Adúirt an tAire O’Sullivan, “Bíodh is gur tharla an mhí-úsáid uafar a imríodh arLouise O’Keeffe go luath sna 1970aidí, tá an Rialtas seo tiomanta do chosaint leanaí a chinntiú.  Ó shin i leith tá treoirlínte breisithe cosanta leanaí curtha amach go scoileanna i dtrí chéim agus tugadh isteach an clár Bí Sábháilte go luath sna 1990aidí.  I measc na nósanna imeachta nua sna Measúnaithe Scoile Uile a chuireann Cigireacht na Roinne i gcrích tá athbhreithniú sonrach ar bheartais na scoile i réimse na cosanta leanaí.  I measc na bhforbairtí sonracha eile a cuireadh i gcrích tá tabhairt isteach socruithe seiceála d’fhoireann nua teagaisc agus d’fhoireann eile a earcaítear i scoileanna.

Leis an mBille um Thús Áite do Leanaí atá i mbéal a achtaithe agus le cur i bhfeidhm na dTreoirlínte Tús Áite do Leanaí, táimid i gcónaí ag cur feabhas an-mhór ar an gcóras cosanta leanaí againn sna scoileanna agus i measc an phobail ar fad chomh maith leis sin.”

Dúirt an tAire freisin go raibh athbhreithniú ar siúl, i gcomhar leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, ar na córais reatha agus na córais bheartaithe cosanta leanaí, bídís i scoileanna nó i measc an phobail, d’fhonn a chinntiú go sásaíonn siad na caighdeáin dea-chleachtais.

Críoch