18 Samhain, 2014 - Athnuachan ar an gCóras Printíseachta á fógairt ag na hAirí O’Sullivan agus English

Inniu (18ú Samhain 2014), lainseáil an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan TD, in éineacht leis an Aire Stáit le Freagracht Speisialta maidir le Scileanna, Taighde agus Nuálaíocht, Damien English TD, an Chomhairle Phrintíseachta nua.  Beart is ea bunú na Comhairle Printíseachta atá ina chuid lárnach de chur i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe a rinneadh le gairid ar Chóras Printíseachta na hÉireann.  Tá sé curtha de chúram ach go háirithe ar an gComhairle an phrintíseacht a leathadh isteach in earnálacha nua den gheilleagar.

Ag fógairt bhunú na Comhairle Printíseachta di, dúirt an tAire O’Sullivan “Ó lainseáladh an Chomhairle Phrintíseachta inniu, táim an-mhuiníneach go bhfuil dúshraith den scoth anois againn chun an córas printíseachta a athnuachan in Éirinn.  Táim meáite ar a chinntiú go dtagann na printíseachtaí chun bheith ina samhail láidir, ábhartha foghlama den scoth sa bhreisoideachas agus oiliúint, agus san ardoideachas agus oiliúint araon thar raon leathan, éagsúil ceirdeanna agus earnálacha”.

“Táthar ag glacadh go forleathan leis na printíseachtaí atá ar fáil faoi láthair agus tá siad siúd atá ag tabhairt faoi phrintíseachtaí níos líonmhaire de 47% ná mar a bhí siad cothrom is an am seo anuraidh.  Táimid faoi láthair ag déanamh athbhreithnithe ar inneachar an chúrsa do na printíseachtaí sin chun a chinntiú go gcuireann siad an oiliúint is fearr is féidir ar fáil do dhaoine.  Déanfaidh an Chomhairle Phrintíseachta na hearnálacha a imlíniú dúinn ina féidir le printíseachtaí nua dul chun leasa fostóirí agus fostaithe araon amach anseo.”

Mar chuid de Thionscnamh an Rialtais, An Plean Gníomhaíochta do Jabanna, thug an Roinn  Oideachais agus Scileanna faoi athbhreithniú ar an gcóras printíseachta in Éirinn chun a fháil amach ar cheart an tsamhail atá ann faoi láthair a choinneáil, a oiriúnú nó a mhalartú.  Rinneadh athbhreithniú ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus an tionscail araon chun a chinntiú go mbíonn córas luach ar airgead ag Éirinn a bhíonn costas-éifeachtach agus a bheidh inbhuanaithe amach anseo.  Forbraíodh agus cuireadh ar bun an córas reatha printíseachta sna 1990í luatha.  Thar an tréimhse 20 bliain sin tá athruithe móra tagtha ar an ngeilleagar againn agus ar an mbealach ina bhfostaítear daoine, agus is sa chomhthéacs sin a tugadh faoi athbhreithniú.

Bhí bunú “Comhairle Printíseachta” i measc na moltaí uileghabhálacha a tháinig as an bpróiseas athbhreithnithe.  Beidh sé ar cheann de na chéad tascanna a bheidh ag an  gComhairle Phrintíseachta glao a chur amach ar thograí ó fhostóirí agus soláthróirí oideachais agus oiliúna chun printíseachtaí nua a fhorbairt i réimsí lasmuigh de na ceirdeanna reatha printíseachta, agus comhairle a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm printíseachtaí nua tar éis don phróiseas sin a bheith curtha i gcrích.

Mar is dual dó, caithfidh córas printíseachta a bheith faoi threoir na bhfostóirí i gcónaí agus beidh ailíniú láidir idir an soláthar oideachais agus oiliúna agus riachtanais an mhargaidh saothair mar ghné lárnach den chóras athbhreithnithe.

Ag labhairt dó ag oifigí SOLAS inar tionóladh an lainseáil, dúirt an tAire Inglis “Tá cruthaithe go rí-mhaith ag an gcóras printíseachta in Éirinn le fada an lá mar sholáthróir cumaisc dhea-chothromaithe den oideachas agus oiliúint agus den taithí oibre.  Dá bharr sin, bhí soláthar de cheardaithe oilte ar fáil do na tionscail a bhí gafa leis an bprintíseacht thar na blianta.  Ní mór forbairt a theacht ar an mbeartas oideachais agus oiliúna i gcónaí chun dul i ngleic le dúshláin nua agus is léir go rachaidh leathadh na samhla printíseachta isteach in earnálacha nua chun tairbhe na bhfostóirí agus na bprintíseach aonair atá gafa leis araon”.

Agus na cúrsaí sin ar fad tugtha ar aird, tarraingíodh ballraíocht na Comhairle as measc gníomhaireachtaí na bhFostóirí, na gCeardchumann agus an Rialtais agus as gníomhaireachtaí cuí eile de chuid an Stáit, mar gur féidir leo sin go léir a gcuid taithí luachmhaire a roinnt leis an gComhairle féachaint leis an gcóras printíseachta a leasú.

Cuid dhílis den athrú leanúnach foriomlán agus den athrú suntasach struchtúrtha ar an Earnáil Bhreisoideachais agus Oiliúna is ea leasú an chórais phrintíseachta.  Táthar ag cur na n-athruithe seo ar bun i dtreo is go mbeidh córas breisoideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán don 21ú aois ag Éirinn chun a chinntiú go mbíonn rochtain ag cuardaitheoirí jabanna agus foghlaimeoirí eile ar dheiseanna fostaíochta in earnálacha den gheilleagar a bhfuil fás ag teacht orthu.

Adúirt Cathaoirleach na Comhairle Printíseachta, Pat O’Doherty, atá ina POF freisin ar an BSL: “Ós rud é gur fostóir mór printíseach an BSL, is maith is eol dom gur dual do Chóras Printíseachta na hÉireann bheith faoi threoir na bhfostóirí agus go mbíonn sé de shíor faoi anáil an athraithe sa gheilleagar agus sa teicneolaíocht.  Is cúis áthais dom bheith i mo chathaoirleach ar Chomhairle Phrintíseachta a bhfuil raon leathan saineolais agus dearcthaí ina measc, agus ionadaithe san áireamh inti ó ghnó, ó na ceardchumainn, ó chomhlachtaí breisoideachais agus ardoideachais agus ó ghníomhaireachtaí stáit”.

Tionólfar cruinniú tionscnaimh na Comhairle go díreach tar éis na lainseála inniu.

CRÍOCH