Tiocfaidh feabhas ar shláine poist do mhúinteoirí óga nuair a chuirfear na moltaí i bhfeidhm
Inniu, chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil an Ghrúpa Saineolaithe ar fhostaíocht mar mhúinteoir ar théarma seasta nó mar mhúinteoir páirtaimseartha.
Thug an tAire le fios go bhfuil feidhmiú na tuarascála seo mar chuid thábhachtach ag Comhaontú Bhóthar Haddington. Tá sí ag súil le socrú a chur ar bun chun an tuarascáil a chur i bhfeidhm le héifeacht ó Mheán Fómhair 2015, tar éis di dul i gcomhairle go luath leis na comhpháirtithe oideachais.
De réir an Aire O’Sullivan, “Táthar tar éis cúiseanna imní a chur in iúl faoi dhíbhuanú na fostaíochta san earnáil oideachais. In earnáil an iar-bhunoideachais tá breis is múinteoir amháin as gach triúr ar chonradh ar théarma seasta nó ar chonradh páirtaimseartha. In earnáil an bhunoideachais is é an figiúr a chomhfhreagraíonn leis sin ná múinteoir amháin as gach deichniúr, go neasach. Ní féidir glacadh leis seo mar scéal.
“Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Uasal Peter Ward, Abhcóide Sinsir, agus leis na baill eile den Ghrúpa Saineolaithe as an dtuarascáil uileghabhálach a chuir siad ar fáil. Tá fúm dul ar aghaidh le feidhmiú na moltaí seo. Feabhsú suntasach a bheas sa leasúchán seo ar shláine poist agus cobhsaíocht fostaíochta do mhúinteoirí óga atá ann faoi láthair agus a bheas ann amach anseo. Faoi dheoidh, rachaidh sé seo ní amháin chun leasa múinteoirí aonair, ach chun leasa an chórais oideachais fré chéile gainn.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Rinneadh soláthar i gComhaontú Bhóthar Haddington do bhunú Ghrúpa Saineolaithe chun an leibhéal fostaíochta ar théarma seasta, nó ar bhonn páirtaimseartha, a bhreithniú agus tuarascáil a chur ar fáil air, agus aird á tabhairt acu ar thábhacht na cobhsaíochta agus na sláine poist do mhúinteoirí, agus ag cur sa chuntas riachtanas an chórais agus na scoileanna agus riachtanas cláraithe na Comhairle Múinteoireachta.
Bunaíodh an Grúpa agus cathaoirleach neamhspleách air, Peter Ward, Abhcóide Sinsir. Tá an cathaoirleach tar éis dul i gcomhairle go fairsing leis na páirtithe leasmhara go léir thar an tréimhse ó thús na bliana 2014 i leith. Cuireadh a thuarascáil don Aire Oideachais agus Scileanna faoi bhráid ar maidin.
Nótáladh sa Tuarascáil chomh hard is a bhí an leibhéal díbhuanaithe fostaíochta, sa mhúinteoireacht dara leibhéal ach go háirithe, áit a bhfuil 35% de na múinteoirí ar chonradh ar théarma seasta, ar chonradh páirtaimseartha, nó orthu sin araon. In earnáil an bhunoideachais is é an figiúr a chomhfhreagraíonn leis sin ná 9%. Tá impleachtaí ann don tsláine poist ag múinteoirí má bhítear ag brath an iomarca ar an bhfostaíocht ar chonradh ar théarma seasta nó ar chonradh páirtaimseartha, agus tá cúiseanna imní ann, dá bharr sin, faoi mhealltacht na múinteoireachta mar ghairmréim phroifisiúnta amach anseo, agus faoi na himpleachtaí a bheadh ag baint leis sin do chaighdeán an oideachais a chuirfí ar fáil do dhaltaí.
Moltar sa tuarascáil sraith beart as a dtiocfadh sláine fheabhsaithe poist do mhúinteoirí ar chonradh ar théarma seasta nó ar chonradh páirtaimseartha agus feabhas ar a gcás i gcoitinne.
Moltar sa tuarascáil go ndéanfaí seacht n-athrú ó thús na scoilbhliana 2015. Leis na hathruithe seo bheadh ar chumas múinteoirí ar chonradh ar théarma seasta poist bhuana a fháil níos éasca agus níos luaithe, agus bheadh ar chumas múinteoirí páirtaimseartha uaire breise a fháil.
Tá soláthar déanta sa tuarascáil chomh maith do shocruithe breisithe ath-imlonnaithe faoina mbeadh breis solúbthachta ag bainistíocht scoile chun múinteoirí a ath-imlonnú sa chás go mbeadh mí-oiriúnú ann idir cáilíochtaí múinteora agus riachtanais churaclacha na scoile.
Moltar go gcuirfí cúig leasúchán eile i bhfeidhm thar an meántéarma go dtí an fadtéarma.
Nótáiltear chomh maith nach bhfuil aon chostais bhreise don Státchiste ag gabháil leis na bearta sa tuarascáil.