11 Meán Fomhair - €55,000 de mhaoiniú a fhógairt ag O’Sullivan i gcomhair oiliúna sa frithbhulaíocht do thuismitheoirí

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan T.D., go bhfuiltear ag cur maoinithe breise de €55,000 ar fáil chun tacú le seisiúin oiliúna sa frithbhulaíocht a sheachadadh do thuismitheoirí in 2014.  Tá sé seo mar bhreis ar an €60,000 a fógraíodh níos luaithe i mbliana, rud a fhágann go bhfuil iomlán de €115,000 leithdháilte do 2014.

Tá an Clár Oiliúna sa Frithbhulaíocht do Thuismitheoirí á reáchtáil ag an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse agus ag an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas) i gcomhar lena chéile chun tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Aicsin um Bulaíocht.  Iarrtar sa Phlean Aicsin go gcuirfí oiliúint agus acmhainní ar fáil do thuismitheoirí agus boird bainistíochta.

In 2013, baineadh úsáid as maoiniú de €60,000 chun tacú le seachadadh 105 seisiún sa frithbhulaíocht do thuismitheoirí do 3,279 tuismitheoir ar fud na tíre.  Táthar ag súil go mbeifear in ann breis is 200 seisiún a eagrú ar fud na tíre leis an maoiniú in 2014.

Tá aiseolas an-dearfach faighte ó na seisiúin a eagraíodh go nuige seo.  Dúirt tuismitheoirí a d’fhreastail ar na seisiúin oiliúna gur bhraith siad go raibh féin-mhuinín níos fearr acu agus iad ag tacú lena gclann le fadhb bulaíochta nó ag dul i dteagmháil leis an scoil dá mbeadh teagmhas bulaíochta i gceist.

Tá bileog eolais forbartha ag na Comhairlí Tuismitheoirí chomh maith do thuismitheoirí a fhreastalaíonn ar na seisiúin agus is féidir iad seo a íoslódáil ó na suíomh gréasáin acu.

Adúirt an tAire O’Sullivan, “Aithním go bhfuil an-éileamh ó thuismitheoirí ar an gcineál seo oiliúna. Teastaíonn na huirlisí agus an saineolas ó na tuismitheoirí chun tacú lena gclann an bhulaíocht a chosc agus dul i ngleic leis nuair a thagann sé chun cinn – tá an-chuid tuismitheoirí tar éis teagmháil a dhéanamh liom a bhfuil tacaíocht uathu chun cabhrú lena gclann comhrac in aghaidh na cibearbhulaíochta ach go háirithe.  Tá áthas orm, dá bhrí sin, an maoiniú breise seo a a chur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh ar chumas líon níos mó tuismitheoirí leas a bhaint as na cúrsaí seo.”

Ghabh sí a buíochas chomh maith leis an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse agus leis an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas) as an obair a rinne siad chun na seisiúin a sheachadadh agus nótáil sí an t-aiseolas an-dearfach ó na tuismitheoirí.

Spreag an tAire na tuismitheoirí uile chun leas a bhaint as an oiliúint seo agus dúirt sí, “Tá ról tábhachtach le glacadh ag gach éinne sa phobal mór chun dul i ngleic le gach cineál bulaíochta agus chun páistí a oiliúint chun déileáil leis an gcaidreamh pearsanta, chun go mbeidh teacht aniar iontu, agus chun go mbeidh comhbhá acu le daoine eile.  Ní féidir scoileanna a fhágáil chun dul i ngleic leis an mbulaíocht ina n-aonar, agus ní ceart go bhfágfaí chun dul i ngleic leis an mbulaíocht ina n-aonar iad.”

Chuir Áine Lynch, POF na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse fáilte roimh an bhfógra a rinneadh inniu agus d’aithin sí tiomantas an Aire chun tacaíochtaí a chur ar fáil do thuismitheoirí chun cabhrú leo sa ról rí-thábhachtach atá acu in éineacht lena gclann chun comhrac in aghaidh na bulaíochta.

Adúirt sí, “Tá tóir ag tuismitheoirí agus scoileanna ar na seisiúin seo i gcónaí agus bíonn an tinreamh an-ard i gcónaí.  Is den tábhacht é go dtacófaí le tuismitheoirí chun oibriú leis an bpáiste agus leis an scoil chun déileáil le cásanna bulaíochta, agus leis an maoiniú a fógraíodh inniu cinntítear go mbeidh deis ag na tuismitheoirí uile a bhfuil páistí acu ag freastal ar bhunscoil nó iar-bhunscoil in Éirinn chun freastal ar sheisiún, agus go nglacfaidh siad ról chun an scoil a choimeád mar áit dheas don pháiste.”

Dúirt Don Myers, Uachtarán na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas) “Cuireann an Chomhairle fáilte roimh an maoiniú breise seo don Chlár Oiliúna sa Frithbhulaíocht.  Is formhuiniú agus tiomantas araon é seo ag an Aire Oideachais agus Scileanna chun cabhrú le tuismitheoirí deileáil le fadhb chomh tromhchúiseach sin sa tsochaí nua-aimseartha.”

CRÍOCH