02 Meán Fomhair, 2014 - Leasúchán mór ar inimirce mac léinn agus ar earnáil an oideachais idirnáisiúnta á lainseáil ag na hAirí O’Sullivan agus Fitzgerald

Leis an mbeart seo cuirfear cosc ar mhí-úsáid inimirce mac léinn, tacófar le soláthróirí oideachais ar ardchaighdeán agus cosnófar mic léinn idirnáisiúnta

Tá leasúcháin mhóra ar earnáil an oideachais idirnáisiúnta fógartha ag an Aire Jan O’Sullivan agus an Aire Frances Fitzgerald mar fhreagairt ar cheisteanna a tháinig chun cinn de bharr gur dúnadh líon áirithe de choláistí na hearnála príobháidí i mbliana.

Tá gá leis na leasúcháin chun leasa tomhaltóra agus oideachasúla fíor-mhac léinn idirnáisiúnta a chosaint, chun dul i ngeic le mí-úsáid an mhargaidh saothair agus an réimis inimirce, agus chun cosaint a thabhairt do dhea-cháil soláthróirí Éireannacha den oideachas ar ardchaighdeán.

D’fhoilsigh an bheirt Aire chomh maith tuarascáil dheiridh na Meithle Oibre a bunaíodh chun teacht i gcabhair ar mhic léinn a raibh dúntaí na gcoláistí tar éis dul i gcion orthu.  Tá cóiríocht eile oideachais curtha ar bun do na mic léinn a bhí thíos leis na dúntaí.

Nótáladh i dTuarascáil na Meithle Oibre go bhfuil mí-úsáid inimirce mac léinn ar siúl i gcónaí ag líon áirithe soláthróirí ar dhroch-chaighdeán in ainneoin na rialacha treisithe atá i réim.  Agus fógra an lae inniu á dhéanamh acu, tá an bheirt Aire ag déanamh birt go práinneach chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

Beidh feidhm ag na rialacha nua le héifeacht ó 1ú Eanáir 2015 agus tá siad leagtha amach sa Ráiteas Polasaí “Regulatory Reform of the International Education Sector and the Student Immigration Regime”.

Leagann sé seo amach trí chrann taca don leasú:

  • Ní bheidh ach liosta i bhfad níos teoranta clár oideachais ar fáil chun críche inimirce mac léinn.  Ní cheadófar ach cláir atá creidiúnaithe ag comhlachtaí Éireannacha in earnálacha an Bhéarla agus an ardoideachais chun críche mic léinn idirnáisiúnta a earcú, agus ní bheidh ach líon beag eisceachtaí  ann leis sin.  Caithfidh sé bheith cruthaithe ag institiúidí go bhfuil ardchaighdeán oideachais agus géilliúlachta inimirce acu.  
  • Tabharfar isteach réimeas feabhsaithe cigireachta agus géilliúlachta chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcaighdeán oideachasuil agus ar an gcaighdeán géilliúlachta inimirce.  
  • Déanfar athruithe ar an gcaoi ina bhfeidhmítear an lamháltas oibre faoina gceadaítear do mhic léinn nach as an Aontas Eorpach iad bheith fostaithe.  Déanfar an bhliain oibre don lamháltas a chaighdeánú d’fhonn cosc a chur leis an mí-úsáid agus an scéal a shoiléiriú do mhic léinn agus fostóirí araon.  

Adúirt an tAire O’Sullivan: “Tagann na mílte mac léinn an-chumasach as gach cearn den domhan go hÉirinn chun staidéar a dhéanamh inár gcuid ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta, coláistí príobháideacha agus scoileanna Béarla.    Déanann na mic léinn seo ionchur suntasach i gcampais agus pobail mórthimpeall na tíre.  Ní ceart dúinn ligint do sholáthróirí ar dhroch-chaighdeán nó oibreoirí bradacha dochar a dhéanamh dár ndea-cháil idirnáisiúnta.  Is den tábhacht ar fad na leasúcháin seo chun a chinntiú nach mbíonn ach soláthróirí den scoth in ann mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh”.

Adúirt an tAire Fitzgerald: “Cuirim fáilte roimh thuarascáil na meithle oibre agus roimh an chóiríocht atá curtha ar bun.  Thug mo Roinn féin ráthaíochtaí do na mic léinn idirnáisiúnta go léir, a ndeachaidh dúntaí seo na gcoláistí as an earnáil phríobháideach i gcion orthu, go gcosnófaí a gcuid ceadanna inimirce go dtí 1 Meán Fómhair 2014.  Creidim go bhfuil na réitigh atá comhaontaithe agus curtha i bhfeidhm ag an Meitheal Oibre bunaithe ar an gcur chuige pragmatach, atruach seo agus go bhfuil siad ag tairiscint deise den scoth d’fhíor-mhic léinn idirnáisiúnta chun staidéar a dhéanamh ar lascaine i gcoláistí a bhfuil a gcaighdeáin ráthaithe agus a bhfuil socruithe cearta do chosaint an fhoghlaimeora déanta iontu.”

Adúirt an tAire chomh maith: “Tá tairseach an 1ú Meán Fómhair dulta thart anois agus an tréimhse inar measadh go raibh na mic léinn a bhí thíos le dúntaí coláistí ar laethe saoire acadúla.  Meabhraím do na mic léinn seo go bhfuil siad ina gcónaí in Éirinn ar an mbonn gur mic léinn idirnáisiúnta iad.  I gcomhair clárúchán inimirce amach anseo beidh orthu a léiriú gur shásaigh siad na riachtanais inimirce i leith mac léinn idirnáisiúnta agus go bhfuil siad tar éis bheith ag staidéar go lánaimseartha.

Spreag an tAire O’Sullivan na mic léinn go léir atá thíos leis na dúntaí chun a chinntiú go sásaíonn siad na riachtanais inimirce: “Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin ar chlár oideachais chuí, is den tábhacht ar fad  é go ndéanfá amhlaidh láithreach.  Tá treoir mhionsonraithe ar shuíomh gréasáin meithle oibre na mac léinn do mhic léinn a bhfuil malairt rogha oideachais uathu i gcónaí.”

Agus iad ag cur fáilte roimh thuarascáil na Meithle Oibre, chuir an bheirt Aire in iúl go mba mhór ar fad acu an tiomantas a léirigh Marketing English in Ireland agus Cumann na gColáistí Ardoideachais atá ag freastal do mhic léinn idirnáisiúnta atá thíos leis na dúntaí.  Mhol na hAirí chomh maith an obair a rinne Comhairle na Mac Léinn Idirnáisiúnta in Éirinn chun cabhrú leis na mic léinn seo a bhfadhb mar inimircigh a réiteach agus malairt cúrsaí a aimsiú.

Beidh eolas mionsonraithe do sholáthróirí agus mic léinn le fáil ar shuíomhanna gréasáin na Seirbhíse Inimirce agus Eadóirseachta (www.inis.gov.ie), na Roinne Oideachais agus Scileanna (www.education.ie) agus Meithle Oibre na Mac Léinn. (www.studenttaskforce.ie).

CRÍOCH

Nótaí d‘Eagarthóirí:

Nasc le Ráiteas Polasaí: