01 Iúil ,2014 - Nuashonrú ar an bhFóram um Pátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile á fhoilsiú ag an Aire Quinn

An dul chun cinn go nuige seo léirithe sa pháipéar agus plé ann faoi na roghanna chun na bunscoileanna go léir a dhéanamh uileghabhálach

 

Tá páipéar foilsithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D.:

An Fóram um Pátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile: Dul Chun Cinn go Nuige Seo agus Treoracha don Todhchaí.

Doiciméad leanúna é seo atá ag teacht i ndiaidh Thuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram um Pátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile, inar iniúchadh an chaoi le tuilleadh ilghnéitheachta agus uileghabhálachta a chinntiú agus a chur chun cinn i mbunscoileanna.

In ainneoin na n-athruithe atá tagtha ar shochaí na hÉireann le tuilleadh daoine ag cleachtadh reiligiún eágsúil nó gan a bheith ag cleachtadh reiligiúin ar bith, tá pátrúin reiligiúnacha ag 96% de na bunscoileanna ar fad, agus tá 90% díobh seo faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí.

Rinne an Fóram sraith moltaí faoi cheisteanna ar a n-áiríodh:

·        Socruithe pátrúnachta amach anseo;

·        Dífheistiú na pátrúnachta;

·        Soláthar don Ghaeilge; agus

·        Cuimsiú na hilghnéitheachta a chur chun cinn sna scoileanna atá ann faoi láthair.

Tá nuashonrú sa pháipéar a foilsíodh inniu ar an dul chun cinn go nuige seo maidir le feidhmiú na moltaí, agus dírítear aird ar na roghanna don ilghnéitheacht a chur chun cinn sna scoileanna atá ann faoi láthair.  Seachas bheith saintreorach, tá sé d’aidhm aige na scoileanna a chur ar an eolas faoi na dea-chleachtais atá ag teacht chun cinn i leith na huileghabhálachta.

Is é atá mar bhonn ag an doiciméad ná próiseas comhairliúcháin phoiblí a tionóladh i bhfómhar 2013, inar cuireadh ceist ar thuismitheoirí, ach go háirithe, faoina dtuairimí faoin gcaoi inar cheart do na bunscoileanna a chinntiú go mbraitheann na páistí go léir go bhfuil siad cuimsithe sa scoil.  Rinneadh 434 aighneacht.  Tá iniúchadh déanta chomh maith ar an gcaoi a bhfuil cuid de na scoileanna ag obair chun fáilte a chur roimh na daltaí uile agus iad a chuimsiú sa scoil is cuma faoina reiligiún, a gcreidiúintí, nó a gcúlra.

Adúirt an tAire Quinn, “Is léir nach bhfuil aon chur chuige “an tomhas amháin a oireann do chách” ann dona chinntiú go mbíonn na scoileanna go léir uileghabhálach agus fáiltiúil.  Tá traidisiún uasal ag ár scoileanna de bheith ag fónamh ar a bpobail féin agus tá seirbhís ollmhór tugtha acu don tsochaí.  Rinne na pátrúin shainchreidmheacha cion mór de seo agus beidh ról nach beag á ghlacadh acu i gcónaí sa chóras oideachais againn.  Is minic a bhíonn ár scoileanna gnóthach, áfach.  Tá an baol ann go ndéanfaimis dearmad ar chuid de na cearta bunúsacha a bhfuil daltaí agus a dtuismitheoirí ina dteideal.”

“Tharlódh nach mbeadh na ceisteanna seo ina gcúram broidiúil ag tuismitheoirí atá sásta leis na scoileanna ina bhfuil a gclann.  Ní scaoileann sé seo sinn ó na freagrachtaí atá orainn, áfach, chun a chinntiú go mbíonn ár scoileanna chomh fáiltiúil agus chomh huileghabhálach agus is féidir i leith daltaí as gach cúlra, creideamh agus náisiúntacht.”

Tá iniúchadh déanta sa doiciméad ar an dea-chleachtas maidir le:

·        An ceart chun roghnú amach as ranganna reiligiúin;

·        Sceidealú Ranganna Reiligiúin agus Gníomhaíochtaí Reiligiúnacha eile;

·        Roghanna do Dhaltaí maidir le Ceiliúrthaí Reiligiúnacha a bhaineann le hÉiteas na Scoile;

·        Ceiliúradh Féilte Reiligiúnacha;

·        Taispeáint Déantúsán.

De réir an Bhunreachta, tá sé de cheart ag na tuismitheoirí a gclann a tharraingt siar as an dteagasc reiligiúnach sna scoileanna.  Tá oibleagáid ar scoileanna an ceart seo a urramú, ach de réir an doiciméid seo, déantar é seo faoi láthair i mbealaí éagsúla.  Mar shampla, is ceadaithe do dhaltaí fanacht sa rang agus obair eile a dhéanamh, is ceadaithe dóibh an rangsheomra a fhágáil ach fanacht sa scoil faoi mhaoirsiú nó bogadh go dtí rang eile ina féidir leo páirt a ghlacadh i gceacht eile.

Maidir le sceidealú ranganna reiligiúnacha, tugtar cuntas ar roghanna ar nós na ranganna reiligiúnacha a chur ar siúl ag tosach nó deireadh an lae scoile, na ranganna bheith braislithe mar sheisiún amháin nó dhá sheisiún fhada in aghaidh na seachtaine, nó na ranganna reiligiúnacha a scaipeadh i scoileanna móra a bhfuil sruthanna iolracha iontu.

Tá iniúchadh déanta sa pháipéar ar an riachtanas chun an chothromaíocht cheart a aimsiú idir an fonn a bhíonn ar scoileanna sainchreidmheacha a n-éiteas reiligiúnach a cheiliúradh i gcruinnithe de phobal uile na scoile ar thaobh amháin, agus aidhm na huileghabhálachta ar an dtaobh eile.  Moltar chomh maith go láimhseáilfí ceiliúradh na bhféilte reiligiúnacha go híogair i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus le grúpaí as reiligiúin, creidiúintí, agus cúlraí éagsúla.

Ní mholtar go gcuirfí cosc ar thaispeáint déantúsán reiligiúnach.  Moltar, seachas sin, go dtaispeánfaí déantúsáin eile as traidisiúin eile i scoil mar chuid de phróiseas lena gceiliúrfaí an ilghnéitheacht, agus d’fhonn oideachas a chur ar dhaltaí faoi chórais creidimh eile a bheith ann.  Tugtar cuntas sa doiciméad freisin ar an obair atá a déanamh ag an nGrúpa um Bunú Scoileanna Nua a bhfuil an tasc curtha air cinneadh a dhéanamh faoi phátrúnacht scoileanna nua ar bith a chuireann an Roinn ar bun.

Cuireann an Grúpa sa chuntas ach go háirithe an t-éileamh ó na tuismitheoirí ar iolrachas roghanna pátrúin i gceantar nuair a bhíonn siad ag cinneadh pátrúnachta scoileanna nua. 

Nótáiltear sa pháipéar chomh maith nach bhfuil an próiseas dífheistithe dulta chun cinn chomh tapaidh agus a beartaíodh ar dtús i gceantair a bhfuil an daonra cobhsaí iontu agus gan mórán dealraimh ann go n-osclófar scoileanna nua iontu.  Rinneadh suirbhé ar 43 ceantar tar éis do Thuarascáil an Fhóraim teacht amach; i 28 ceantar díobh sainaithníodh dóthain éilimh ar rogha níos leithne pátrúnachta.  Táthar chun ceithre scoil de chuid Ag Foghlaim le Chéile a oscailt i mí Mheán Fómhair seo chugainn mar chuid den phróiseas, agus táthar chun an cúigiú scoil il-sainchreidmheach, a osclaíodh i gcóiríocht shealadach anuraidh, a aistriú go dtí foirgneamh de chuid Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice i mí Mheán Fómhair.

Tá caibidlíocht dhearfach tar éis bheith ar siúl leis na pátrúin go dtí seo agus táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn i leith scoileanna nua in 2015 agus ina dhiaidh sin.  Chuir an tOllamh John Coolahan, Cathaoirleach an Fhóraim fáilte roimh an bpáipéar nua, “Doiciméad luachmhar, tráthúil é seo.  Tá anailís mhaith ann ar chomhthéacs na gceisteanna, agus aibhsiú ar na fáthanna gur gá athrú a dhéanamh, tá nuashonrú tugtha ann ar shraith d’fhorbairtí ábhartha, agus tá treoir tugtha ann do phobail scoile maidir le bheith níos uileghabhálaí amach anseo.

“Bíodh is go nótálann sé nach bhfuil an próiseas molta dífheistithe pátrúnachta dulta chun cinn go dtí seo chomh tapaidh agus a beartaíodh ar dtús, tugtar le fios ann go bhfuil sochaí na hÉireann ag bogadh i dtreo córais níos iolraí bunscolaíochta, faoina n-urramaítear cearta na saoránach go léir.  Léirítear ann chomh maith feasacht níos fearr i measc an phobail ar na ceisteanna seo ná mar a bhí ann cúpla bliain ó shin.”

Is féidir rochtain ar an bpaipéar ag http://www.education.ie/en/Press-Events/Conferences/Patronage-and-Pluralism-in-the-Primary-Sector/Progress-to-Date-and-Future-Directions-Forum-on-Patronage-and-Pluralism-in-the-Primary-Sector.pdf