Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna, le faomhadh ón Aire Oiliúna agus Scileanna, Ciaran Cannon T.D., tar éis iarratas a chur faoi bhráid ar chomhchistiú ón AE do chlár tacaíochtaí treorach, oiliúna, oideachais agus fiontair do bhreis is 300 duine in Iarthar Luimnigh faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.
Tá an príomhchohórt a rachfar i gcabhair orthu déanta suas den bhfórsa oibre a rinneadh iomarcach i Ráithe 3 de 2013 ó mhonarcha déantúsaíochta seodra Andersen Ireland Limited i Ráth Caola, Co. Luimnigh, ar mhná 70% díobh. Tá an cohórt eile déanta suas de dhaoine óga faoi bhun 25 bliain d’aois sa réigiún céanna, réigiún ina bhfuil an-chuid míbhuntáiste sóisialta agus geilleagrach, nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna faoi láthair.
Gné nua é seo den Rialachán leasaithe EGF a tháinig i bhfeidhm i mbliana don bhabhta cistithe go dtí 2020 agus ar ghlac Éire ról lárnach sna caibidlíochtaí a rinneadh ar a son le linn a huachtaránachta ar an AE anuraidh. Tuigtear go bhfuil iarratas na hÉireann i measc na gcéad iarratas san AE ar a n-áirítear an soláthar nua “NEETs”, mar a thugtar air, a mheastar san AE go bhfuil sé i sineirge leis an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra a bhfuil sé mar aidhm aige an líon daoine óga san Aontas atá i mbaol na dífhostaíochta fadtéarmaí a laghdú.
Is é seo an t-ochtú iarratas EGF a rinne údaráis na hÉireann go nuige seo agus an chéad cheann a rinne siad ó bhí an clár Talk Talk ann i bPort Láirge ar tháinig deireadh leis i mí Feabhra 2014. Tá Éire tar éis teacht i gcabhair ar bhreis is 9,700 oibrí iomarcach, ag cur i gcrích di beagnach 22,500 idirghabháil aonair ar chostas iomlán isteach is amach ar €60m ó 2009 anuas. Tá idir 50% - 65% de chostas na mbeart gníomhachtaithe margaidh saothair seo soláthraithe go nuige seo ag an AE agus foinsíodh an chuid eile den chiste sa mbaile tríd an gCiste Náisiúnta Oiliúna agus caiteachas vótáilte Ranna Rialtais ar nós na Roinne Oideachais agus Scileanna agus na Roinne Coimirce Sóisialta.
Má fhaigheann sé faomhadh ón AE, mairfidh an t-iarratas EGF is déanaí go dtí 16 Bealtaine 2016 agus áireofar air clár faidréimseach de threoir oibre agus gairmthreoir, oiliúint foinsithe go poiblí agus go príobháideach ar a n-áirítear deontais EGF, cúrsaí oideachais dara agus tríú leibhéal, agus scéim ranníocaíochta chun dul do chostas comhpháirtíochta i dtacaíochtaí oiliúna agus oideachais agus fiontair dóibh siúd atá ag iarraidh a ngnóthais féin a chur ar bun. De reir meastachán tosaigh na Roinne Oideachais agus Scileanna is é €2.5m de chostas iomlán a bheas ar an gclár má tharraingítear anuas an cistiú ar fad faoi dheoidh.
Adúirt an tAire Cannon “Is luachmhar an ciste an EGF in Éirinn chun teacht i gcabhair ar oibrithe leochaileacha a rinneadh iomarcach le drochthionchar an domhandaithe. Tá dea-cháil ar Éirinn as faomhadh a bhaint amach dá cuid clár agus as an bhfeidhm a bhain muid as an gciste go nuige seo. Táimid ag súil le cúnamh a thabhairt do an-chuid de na hoibrithe iomarcacha as Andersen Ireland Ltd. agus as an gcohórt de dhaoine óga dífhostaithe chun gabháil ar ais sa fórsa oibre a luaithe is féidir le tacú ón EGF”.
Ní mór iarratais EGF a bheith faofa ag Comhairle agus Parlaimint an Aontais Eorpaigh araon agus ag an gCoimisiún Eorpach. Próiseas an-fhada é seo agus san idirlinn glanfaidh údaráis na hÉireann costas an chláir bheartaithe de bhearta gníomhachtaithe margaidh saothair.
CRÍOCH