Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., i gcomhar leis An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS), tar éis leabhrán a fhoilsiú inniu a bheidh ina thaca le folláine a chur chun cinn insna scoileanna iar-bhunoideachais.
Sa leabhrán Foirne Tacaíochta Scoláirí Iarbhunscoile, tugtar treoir maidir le foireann a bhunú nó le foireann atá ann cheana a athbhreithniú, agus é mar ról aici tacú le riachtanais uile na mac léinn, bídís sóisialta, mothúchánach, iompraíoch nó bainteach leis an bhfoghlaim. Déantar cur síos sa leabhrán ar an gcaoi le hacmhainní na scoile a eagrú ar mhaithe leis na mic léinn, iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise tacaíochta acu ach go háirithe. Tagraítear ann don dea-chleachtas atá ann cheana insna scoileanna.
Meastar go mbíonn neamhoird mheabhrach ag cur ar dhuine amháin as gach deichniúr páistí agus déagóirí agus go dtéann siad seo i gcion ar a gcuid gaolmhaireachtaí agus ar a scileanna maireachtála ó lá go lá. Is iomaí fadhb leis an tsláinte mheabhrach a thagann chun cinn le linn do dhuine bheith ina pháiste nó ina dhéagóir an-óg. Má théitear i ngleic le fadhbanna sóisialta, iompraíocha nó bainteach leis an bhfoghlaim bíonn sé sin ina chabhair le cosc a chur ar na fadhbanna leis an tsláinte mheabhrach.
Ag lainseáil an leabhráin dó, dúirt an tAire Quinn, “Tá ról rí-thábhachtach le glacadh ag iar-bhunscoileanna chun tacú le dea-shláinte mheabhrach agus le folláine na ndaoine óga. Déantar é sin trí thimpeallachtaí comhbhácha a chruthú, trí oideachas a chur ar dhaoine óga maidir lena sláinte, agus trí fhreastal ar na riachtanais bhreise foghlama agus tacaíochta a bhíonn acu siúd a bhfuil deacrachtaí ag cur as dóibh.
“Fáiltím roimh fhoilsiú an leabhráin seo a bheidh ina acmhainn úsáideach do scoileanna agus iad ag cur folláine na mac léinn chun cinn agus á cosaint.”
Nuair a bhítear ag dul i ngleic le riachtanais a bhaineann leis an tsláinte mheabhrach, nó leis an bhfoghlaim, nó le riachtanais shóisialta nó iompraíocha in iar-bhunscoileanna, bíonn an tsainaithint agus an idirghabháil luath ina mbunriachtanais chun na torthaí is fearr a bhaint amach. Féadann córas láidir tacaíochta i scoil bheith ina shás bunriachtanach chun é seo a dhéanamh trí idirghabhálacha a chur ar fáil sa scoil nó trí sheirbhísí speisialtóirí a iarraidh.
Is fiú a thabhairt faoi deara chomh maith nach fada a mhaireann na deacrachtaí i gcás fhormhór na ndaoine óga agus go réitítear iad leis an dea-thacaíocht agus leis an idirghabháil is lú. Tarlaíonn sé, áfach, go mbíonn cuid de na deacrachtaí a thagann chun cinn le linn na hógántachta tromchúiseach agus go maireann siad i bhfad, agus beidh tacaíocht níos déine agus/nó fadtéarmach de dhíth ar chuid de na mic léinn, ar a n-áirítear seirbhísí speisialtóirí.
Tá síceolaithe NEPS ar fáil chun comhairle a chur ar fáil do scoileanna maidir le foirne tacaíochta mac léinn a bhunú nó a athbhreithniú agus le tacú le scoileanna chun dul i gcomhar le seirbhísí pobal-bhunaithe eile a bhfuil ról acu chomh maith i gcur chun cinn na dea-shláinte meabhrach.
CRÍOCH
Nóta Eagraitheora:
Tá an leabhrán Foirne Tacaíochta Scoláirí Iarbhunscoile le fáil ag: Foirne Tacaíochta Scoláirí Iarbhunscoile
Tá an tuarascáil ina comhlánú ar na foilseacháin seo a leanas agus is fearr a thuigfear í má léitear in éineacht leo sin í:
Well-Being in Post-Primary Schools Guidelines for Mental Health Promotion and Suicide Prevention: (DES/DOH/HSE 2013) – soláthraíonn sé seo eolas d’iar-bhunscoileanna faoin gcaoi leis an tsláinte mheabhrach agus folláine na mac léinn a chur chun cinn
http://www.education.ie/en/Publications/Education-Reports/Well_Being_PP_Schools_Guidelines.pdf
A Continuum of Support for Post-Primary Schools Guidelines for Teachers and A Continuum of support for Post-Primary Schools Resource Pack for Teachers: An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (2010) – soláthraíonn sé seo creatlach do scoileanna chun tacú le mic léinn a bhfuil riachtanais shóisialta, mhothúchánacha nó foghlama acu.
http://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Services/Educational-Psychologist-NEPS-/neps_post_primary_continuum_teacher_guide.pdf
Planning a School Guidance Programme: An Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas (2004) – soláthraíonn sé seo treoir do scoileanna chun an Treoirphlean don scoil uile a fhorbairt.
http://www.ncge.ie/uploads/Pl_Sch_Gui_prog_leaf.pdf