Tá fógartha ag an gCoimisiún Eorpach anois go bhfuil sé tar éis faomhadh a thabhairt don iarratas a rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna ar chomhchistiú do chlár treorach, oiliúna, oideachais agus tacaíochtaí fiontair do bhreis is 300 duine in Iarthar Luimnigh faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF).
Tá an príomhghrúpa a rachfar i gcabhair orthu déanta suas den bhfórsa oibre a fágadh iomarcach i Ráithe 4 de 2013 ó mhonarcha déantúsaíochta seodra Andersen Ireland Limited i Ráth Caola, Co. Luimnigh, ar mná iad beagnach 70% díobh. Tá an grúpa eile déanta suas de dhaoine óga faoi bhun 25 bliain d’aois sa réigiún céanna, réigiún ina bhfuil an-chuid míbhuntáiste sóisialta agus geilleagrach, nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna faoi láthair; tá an beart seo i sineirge leis an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra a bhfuil sé mar aidhm aige an líon daoine óga san Aontas atá i mbaol na dífhostaíochta fadtéarmaí a laghdú.
Ní mór i gcónaí faomhadh a fháil ó Chomhairle Eorpach na nAirí agus ó Pharlaimint na hEorpa níos déanaí i mbliana. Má fhaigheann sé faomhadh, mairfidh an clár go dtí 16 Bealtaine 2016 agus áireofar air clár faidréimseach de threoir oibre agus gairmthreoir, oiliúint foinsithe go poiblí agus go príobháideach ar a n-áirítear deontais EGF, cúrsaí oideachais dara agus tríú leibhéal, scéim ranníocaíochta chun dul do chostas comhpháirtíochta i dtacaíochtaí oiliúna agus oideachais, agus tacaíochtaí fiontair dóibh siúd atá ag iarraidh a ngnóthais féin a chur ar bun. De reir meastachán tosaigh na Roinne Oideachais agus Scileanna is é €2.5m an costas iomlán a bheas ar an gclár má tharraingítear anuas an cistiú ar fad faoi dheoidh.
Adúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, “Céim an-dearfach ar aghaidh is ea an faomhadh ón gCoimisiún Eorpach agus tá súil agam go mbeidh na céimeanna faofa go léir bainte amach ag an bpacáiste ina iomláine roimh dheireadh na bliana. Beidh an maoiniú mar thaca díreach d’oibrithe Andersen, ar mhná iad a bhformhór, agus osclófar leis deiseanna nua dóibh in earnálacha den gheilleagar a bhfuil fás ag teacht orthu. Táim an-shásta chomh maith a fheiceail go bhfuil faomhadh á thabhairt chun cabhrú le daoine óga dífhostaithe leis an bpacáiste seo – eilimint nua de chláir an EGF a bhfuil an-fháilte roimhe is ea é sin.”
Chuir an tAire Oiliúna agus Scileanna, Damien English, T.D. fáilte roimh fhógra an Choimisiúin agus dúirt “Arís eile tá an Coimisiún tar éis ardchaighdeán iarratais ó Éirinn faoin EGF a aithint. Is luachmhar an ionstraim é an Ciste d’Éirinn i gcónaí chun teacht i gcabhair ar oibrithe leochaileacha a fágadh iomarcach le drochthionchar an domhandaithe. Tá bearta á seachadadh cheana féin do na hoibrithe cuí agus do na hoibrithe óga dífhostaithe i gceantar Ráth Caola agus Iarthar Luimnigh trí sholáthróirí áitiúla agus náisiúnta seirbhíse. Tá sé seo á dhéanamh trí mhaoiniú náisiúnta go heisiach faoi láthair ach le súil le comhchistiú de 60% ón AE ina dhiaidh seo. Is tarraingeoir comhsheasmhach í Éire ar an gCiste d’fhonn na deiseanna a leathnú do thairbhithe chun uasoiliúint a fháil agus chun cur lena ndeiseanna chun gabháil ar ais go gasta sa bhfórsa oibre.”
Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna iarratas eile faoi bhráid ar chomhchistiú ón AE faoin EGF ar 19 Meán Fómhair do chlár treorach, oiliúna, oideachais agus tacaíochtaí fiontair do suas le 427 duine ag an áis cothabhála, deisithe agus ollchóirithe aerárthaí de chuid Lufthansa Technik Airmotive Ireland (LTAI), mar a bhíodh, i Ráth Cúil, Co Bhaile Átha Cliath agus, mar bhreis air sin, do suas le 200 duine óg dífhostaithe faoi bhun aois 25 bliain sa réigiún nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna faoi láthair.
Adúirt an tAire English “Tá leasa an EGF feicthe againn sa mhéid is go n-osclaíonn sé amach bealach eile thar n-ais sa bhfostaíocht d’oibrithe iomarcacha. Tá cabhair tugtha ó 2009 i leith do suas le 9,700 duine tríd an EGF in Éirinn agus táthar ag súil go méadóidh cláir nua 2014 an líon sin go dtí líon i bhfad níos mó ná 10,000. Beidh an Rialtas i gcónaí ag baint leasa as gach foinse tacaíochta is féidir chun a chinntiú go mbíonn an modh optamach chun gabháil ar ais sa mhargadh saothair ag ár bhfórsa oibre. Dea-fhorbairt eile is ea é go bhfuil an fhéidearthacht ann go gcuirfear catagóir ar leith eile de dhaoine óga dífhostaithe san áireamh faoin EGF agus ceann é a bhfuilimid ag baint leasa as, agus a mbeimid ag baint leasa as i gcónaí, sa mhéid gur féidir é laistigh de na sriantachtaí náisiúnta buiséadacha atá ann faoi láthair”.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Ionstraim chomhchistithe de chuid an AE is ea an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF) a théann i gcabhair ar oibrithe a fágadh iomarcach le drochthionchar an domhandaithe nó leis an ngéarchéim airgeadais agus geilleagrach domhanda trí chomhchistiú a chur ar fáil do chláir fhaofa treorach, oiliúna, oideachais agus tacaíochtaí fiontair atá dírithe go gníomhach ar an margadh saothair.
Tarraingíonn an ciste ar choigiltí i mbuiséad bliantúil an AE agus tá suas le €150m ar fáil gach bliain thar na Ballstáit go léir ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce” idir 2014 – 2020 ag ráta reatha comhchistithe de 60% ón AE agus 40% go náisiúnta.
Ó 2009 i leith tá 7 n-iarratas EGF déanta ag Éirinn a d’éirigh leo. Ó chomhchistiú an AE a tháinig timpeall ar €38m d’iomlán an chaiteachais EGF go nuige seo gur beagnach €60m é.
Chuathas i gcabhair ar bhreis is 9,700 duine agus seachadadh beagnach 22,500 idirghabháil aonair i gcás clár EGF a cuireadh i gcrích go nuige seo.
Tháinig Rialachán nua EGF i bhfeidhm in 2014 a d’athshuigh critéar na “géarchéime geilleagraí agus airgeadais”, a mhéadaigh comhchistiú an AE go dtí gurbh fhiú 60% arís é, agus a thugann cead daoine féinfhostaithe agus catagóir nua de dhaoine óga faoi bhun 25 – 30 bliain d’aois nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna a chur san áireamh i gcláir de chuid an EGF.
Maireann cláir fhaofa EGF ar feadh tréimhse cinnte de 24 mí ag tosú ón uair a chuirtear iarratas faoi bhráid. Is ceart go hiondúil go gcuimseodh iarratais EGF iomarcaíochtaí comhchoiteanna de 500 oibrí ar a laghad ach tá foráil theoranta ann do thosca eisceachtúla faoinar féidir na líonta oibrithe a bheith níos ísle ná sin ag brath, inter alia, ar dhrochthionchair ghéarchúiseacha ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigúnach nó náisiúnta áit a bhfuil an réasúnaíocht dhomhanda cruthaithe chun sástachta an AE.