Cuid de straitéis an Aire Quinn chun na costais a bhíonn ar thuismitheoirí nuair a bhíonn páistí ag dul ar scoil a laghdú
Tá an tAire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn T.D., ag iarraidh ar scoileanna tús a chur le ballóid i measc tuismitheoirí maidir le héide scoile. Tá an beart seo ceaptha chun guth níos láidre ar fad a thabhairt do thuismitheoirí maidir leis an éide scoile ba cheart a bheith ag scoil nó ar cheart di a bheith ann in aon chor agus, dá réir sin, aghaidh a thabhairt ar an gcostas ard a bhíonn ar an éide i gcásanna áirithe.
Táthar ag cur páipéir ballóide chuig scoileanna inniu (9ú Nollaig) lena eisiúint chuig tuismitheoirí maidir le héide scoile. Cuirtear dhá phríomhcheist sa suirbhé seo, a forbraíodh i gcomhairle leis na comhpháirtithe oideachais:
- An mian le tuismitheoirí go mbeadh éide ag an scoil?
- Más mian, an éide chineálach nó éide déanta ar ordú is mian leo?
Níl an chéad cheist ach ag iarraidh a fháil amach an mian le tuismitheoirí go mbeadh éide ag an scoil, ach tá an dara ceist ag iarraidh a fháil amach an mian le tuismitheoirí go ndéanfaí athrú ar an bpolasaí maidir le héide ar mhaithe le costais a laghdú agus le héide a bheith níos inacmhainne.
Táthar ag iarraidh ar scoileanna na torthaí a chur chuig na tuismitheoirí faoi mhí Feabhra chun dóthain ama a thabhairt do Bhoird Bhainistíochta chun na torthaí a bhreith agus aon athruithe a bheidh dlite a dhéanamh faoi mhí Mheán Fómhair seo chugainn.
Adúirt an tAire Quinn, “Is ar na tuismitheoirí a thiteann costas na héide scoile agus is ceart go mbeadh ról acu nuair atáthar ag cinneadh ar an gcineál éide a mbeidh siad ag íoc aisti.”
“Tá an suirbhé seo mar chuid d’fheachtas chun an t-ualach airgeadais ar theaghlaigh ina bhfuil páistí atá ag dul ar scoil a laghdú, agus ag an am céanna chun guth níos láidre a thabhairt do thuismitheoirí maidir leis na cinntí móra a dhéantar do scoileanna ar nós cén cineál éide a bheas acu.”
“Is ag na tuismitheoirí atá an ceart cinneadh a dhéanamh an éide chineálach nó éide déanta ar ordú a bheas ag na scoileanna, an gcaithfear bléasair nó nach gcaithfear, nó an mbeidh éadaí spóirt dearthóra in úsáid acu. Tá an suirbhé seo ceaptha chun cead labhartha a thabhairt do thuismitheoirí,” adúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir.
Beidh na suirbhéanna seo ábhartha ach go háirithe i gcás scoileanna a bhfuil éide acu faoi láthair, nó ata ag machnamh ceann a thabhairt isteach don scoilbhliain seo chugainn. Is ceart, áfach, go mbeadh siad ina gcabhair do scoileanna chun dul i gcomhairle le tuismitheoirí amach anseo nuair a bheidh siad ag machnamh éide a thabhairt isteach.
Is féidir rochtain ar an gciorclán iomlán a cuireadh chuig scoileanna inniu ag:
http://www.education.ie/en/Circulars-and-Forms/Active-Circulars/cl0063_2013.pdf
CRÍOCH