29 Deireadh Fómhair, 2013 - Ordú chun SOLAS a bhunú á shíniú ag an Aire Quinn

Leasú eile ar an oideachas agus oiliúint é anseo

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., tar éis an tOrdú a shíniú i gcomhair bhunú an údaráis nua breisoideachais agus oiliúna SOLAS.  Díscaoileadh FÁS leis an Ordú tosaithe céanna.

Feidhmeoidh an ghníomhaireacht nua reachtúil faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna.  Beidh SOLAS, i gcomhar leis na 16 Bhord nua Oideachais agus Oiliúna, freagrach as an raon leathan clár oiliúna agus breisoideachais ar fud na hÉireann a chomhtháthú, a chomhordú agus a mhaoiniú.  Ceann de na céad tascanna a bheas aige ná straitéis a cheapadh chun earnáil aontaithe breisoideachais agus oiliúna a fhorbairt.  Adúirt an tAire Quinn:

“Agus SOLAS curtha ar bun againn tá garsprioc mhór eile bainte amach againn ar an mbealach chun clár uaillmhianach leasaithe oideachais an Rialtais seo a sheachadadh.  Beidh SOLAS freagrach as seachadadh éifeachtach breisoideachais agus oiliúna a chomhordú i dtreo is go mbeimid in ann freagairt go héifeachtach ar a riachtanais siúd a bhfuil uasoiliúint de dhíth orthu agus orthu siúd atá ag lorg fostaíochta”.

“Ag a leithéid seo de ghéarchéim i dtéarnamh na geilleagrach againn, is den tábhacht ar fad é go mbeadh gníomhaireacht againn a mbeadh muinín ag an bpobal inti agus gníomhaireacht a líonfadh na heasnaimh i scileanna an lucht saothair.”

Adúirt an tAire Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon T.D., Aire Stáit: “Táim ag súil le bheith ag obair le bord agus bainistíocht SOLAS agus le páirtithe leasmhara eile chun a chinntiú go sásaíonn an t-údarás nua riachtanais foghlaimeoirí agus an lucht saothair.  Glacfaidh SOLAS ról lárnach i bPlean Aicsin an Rialtais do Jabanna.”

Is é Pat Delaney, iar-stiúrthóir Chomhlachas na nGnóthlachtaí Beaga ag IBEC, a bheidh ina Chathaoirleach ar bhord SOLAS.

Is iad na baill eile ná: POF–ainmnithe SOLAS, Paul O’Toole; Bernadette Brady, Stiúrthóir, Aontas; Paul O’Sullivan, ITBÁC; Sean Burke, POF Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir; Cathriona Hallahan, M.D. Microsoft Ireland; David Barrett, bunaitheoir MBCS, cuideachta easportála arna thacú ag Fiontraíocht Éireann; Liz Cassidy, comhairleoir agus cóitseálaí gnó; Patricia Carey, iar-Uachtarán Skerry’s Business College, Corcaigh; Darragh J Loftus, Comhpháirtí Feidhmiúcháin-Bainisteoir ag VMware, cuideachta néalríomhaireachta;  Kenneth Whyte, Príomhoide, Coláiste na Toirbhirte, Corcaigh; Cecilia Munro, Príomhoide, Coláiste Breisoideachais Dhún Laoghaire, agus William Egenton, Stiúrthóir Bainistíochta, Dromone Engineering, An Seanchaisleán, Co na Mí.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Comhlacht reachtúil nua faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna a bheas sa tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS).  Beidh SOLAS freagrach as breisoideachas agus oiliúint a chomhtháthú, a chomhordú agus a mhaoiniú. 

Murab ionann is FÁS, comhlacht a dhíscaoilfear mar chuid den phróiseas seo, ní bheidh SOLAS gafa go díreach le seachadadh na hoiliúna.  Aistreofar rannán oiliúna FÁS ar bhonn céimnithe go dtí na sé chinn déag de Bhoird Oideachais agus Oiliúna, a cuireadh in ionad na 33 CGO a bhíodh ann, agus a cuireadh ar bun i mí Iúil.  Cuirfidh na boird seo córas comhtháite breisoideachais agus oiliúna ar fáil.  Cuirfear tús leis an aistriú seo nuair a aistreofar seacht lárionad ar 1ú Eanáir 2014.

Glacfaidh SOLAS ról lárnach i dtéarnamh geilleagrach na hÉireann trí earnáil bhreisoideachais agus oiliúna den scoth a chruthú.  Is iad lucht na dífhostaíochta, go háirithe lucht na dífhostaíochta fadtéarmaí, an grúpa is túisce a dtabharfar tacaíocht dóibh.  Ach le hEarnáil athnuaite Bhreisoideachais agus Oiliúna cuirfear rochtain ar fáil do gach foghlaimeoir atá ag iarraidh leas a bhaint as cláir – bídís dífhostaithe nó fostaithe, ina bhfágálaithe scoile nó ina luathfhágálaithe scoile, bídís faoi mhíchumas nó ag iarraidh a gcuid jabanna a mhalartú nó ag gabháil le suimeanna ar leith trí fhoghlaim pháirtaimseartha.

Beidh caidreamh dlúth idir SOLAS agus an tSeirbhís nua Náisiúnta Fostaíochta agus Teidlíochtaí atá á forbairt agus á cur ar fáil ag an Roinn Coimirce Sóisialta.

Is é an chéad tasc a bheas aige ná straitéis náisiúnta chúig bliana don bhreisoideachas agus oiliúint a fhorbairt.  Cuimseoidh sé seo próiseas fadréimseach comhairlithe leis na príomhpháirtithe leasmhara, ina measc soláthróirí oideachais, fostóirí, comhlachtaí Rialtais, agus daoine eile a mheasann siad a bheith cuí.