11 Samhain, 2013 - An tAire Quinn ag beartú costais éide scoile a laghdú

Scoileanna chun ballóid a sheoladh i measc tuismitheoirí faoi pholasaí éide scoile

Tá beart déanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D. chun costais éide scoile a laghdú tríd an ról a bhíonn ag tuismitheoirí a neartú sa chinnteoireacht faoi pholasaithe scoileanna maidir le héide scoile.

Tabharfar cuireadh anois do na comhpháirtithe oideachais dul i gcomhairle le hoifigigh de chuid na Roinne faoin gcaoi le bheith ag feidhmiú an athraithe seo, ar a n-áireofar ceistneoir theimpléadach a chur le chéile a fhéadfaidh scoileanna a úsáid chun dul i gcomhairle le tuismitheoirí faoi éide scoile.

Úsáidfidh gach scoil a bhfuil polasaí faoi éide scoile aici, nó atá ag machnamh a leithéid, an cheistneoir theimpléadach seo chun ballóid a sheoladh i measc na dtuismitheoirí a ligfidh dóibh cinneadh ar an gcineál éide – más ann di – a theastaíonn uathu don scoilbhliain 2014/15.

Tá sé beartaithe go n-iarrfar ar thuismitheoirí vóta a chaitheamh ar shraith roghanna ar nós:

  • Cibé an dteastaíonn éide scoile uathu nó nach dteastaíonn?
  • Má roghnaíonn siad éide a bheith acu, an dteastaíonn uathu brístí, geansaithe, blúsanna, léinte agus sciortaí faoi dhathanna/imireacha atá le fáil ó na sreang-shiopaí móra?
  • An dteastaíonn uathu bléasar scoile, meirge scoile ar bhaill éadaigh agus cén cineál?

Is é tuairim an Aire Quinn gurb é an bealach is éifeachtaí le costais fhilleadh ar an scoil a laghdú ná tuismitheoirí a chumasú chun polasaí na scoile faoi éide scoile a chinneadh.  Tá an Roinn ag obair chomh maith ar Chairt Tuismitheoirí a fhorbairt a neartóidh staid ghinearálta na dtuismitheoirí a thuilleadh sa chóras scoile.

“Go sainiúil, is mian liom go seolfadh gach scoil a bhfuil polasaí éide scoile aici faoi láthair, nó atá ag machnamh a leithéid a thabhairt isteach, ballóid i measc na dtuismitheoirí i gcaitheamh na scoilbhliana seo roimh dóibh cinneadh ar an bpolasaí don scoilbhliain 2014/15,” adúirt an tAire Quinn. 

“Tá sé ráite agam i gcónaí gur ceart do scoileanna éisteacht le tuismitheoirí faoin ngnó seo ós rud é gur ar na tuismitheoirí a thitfidh na costais a thiocfaidh as na cinntí a dhéanann na scoileanna.  Má sheoltar ballóid i measc na dtuismitheoirí beidh an dóchúlacht ann go léireofar don scoil tuairimí na dtuismitheoirí i gcoitinne,” adúirt an tAire Quinn chomh maith. 

Eiseoidh an Roinn an cheistneoir theimpléadach do na scoileanna faoi dheireadh na míosa.  Beifear ag súil go mbeidh na ballóidí curtha i gcrích ag na scoileanna faoi dheireadh mhí Feabhra.  Sa chaoi seo beidh dóthain ama ag na Boird Bhainistíochta chun mianta na dtuismitheoirí a mhachnamh agus chun polasaí na scoile faoi éide scoile a chinneadh don scoilbhliain ina dhiaidh sin.

CRÍOCH