01 Samhain, 2013 - Ordú um thosach feidhme do ghairm chláraithe mhúinteoireachta á shíniú ag an Aire Quinn

Inniu, shínigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, an t-ordú um thosach feidhme faoina gcuirfear Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 i bhfeidhm ó 28 Eanáir 2014 amach.

Tá leasú mór á thabhairt isteach leis an bhforáil sa reachtaíocht seo nach n-íocfar as an gciste poiblí ach múinteoirí cláraithe i scoileanna aitheanta, agus iadsan amháin.  “Tá sé chun ár leasa uile gur múinteoirí cláraithe, a ghabhann le foghlaim agus forbairt leanúnach, a bheadh ag múineadh na bpáistí agus iadsan amháin,” adúirt an tAire Quinn.

Leis an mbeart seo, cuirfear le stádas ghairm na múinteoireachta trí iontráil agus ballraíocht leanúnach sa ghairm a rialáil go cothrom agus go trédhearcach.

Ghríosaigh an tAire múinteoirí ar bith nach bhfuil cláraithe faoi láthair ag an gComhairle Mhúinteoireachta iarratas ar chlárú a chur isteach láithreach.

CRÍOCH

Eolas Forlíontach

Rialáilfear na coinníollacha teoranta faoina mbeidh sé ceadaithe duine neamhchláraithe a fhostú áit nach bhfuil múinteoir cláraithe ar fáil faoi Na Rialacháin um an Acht Oideachais, 1998 (Daoine Neamhchláraithe), 2014.

Tagraítear in Imlitir 25/2013 a foilsíodh ar 15 Bealtaine 2013 do na riachtanais a bhaineann le hearcú múinteoirí tar éis d’Alt 30 a bheith curtha i bhfeidhm.  Tugtar cuntas in Imlitir 52/2013, a foilsíodh ar 25 Deireadh Fómhair 2013, ar na torthaí a thiocfaidh as sin chomh fada is a bhaineann le fostaíocht daoine neamhchláraithe, agus cuirtear treoir ar fáil dá bhfostóirí.

Cáilíonn an táille bhliantuil chláraithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta d’fhaoiseamh cánach, dá bhrí sin is é fíorchostas na táille tosaigh de €90 ná €54 nó beagáinín os cionn euro amháin in aghaidh na seachtaine (measúnú agus/nó aitheantas cáilíochtaí san áireamh), agus is é fíorchostas na táille athnuachana bliantúla de €65 ná €39.