Inniu, d’eisigh an Roinn Oideachais agus Scileanna Ciorclán 49/2013 a chuireann Comhaontú Bhóthar Haddington i bhfeidhm do bhaill Aontas Múinteoirí Éireann ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
I gcás bhaill Aontas Múinteoirí Éireann, is é an toradh a bheidh ar an nglacadh leis an gComhaontú ná:
· Tiocfaidh deireadh leis an reo trí bliana ar íoc incrimintí;
· Gheobhaidh múinteoirí óga scála feabhsaithe tuarastail;
· Laghdófar an tréimhse ama chun buaine fostaíochta a fháil ó 4 go dtí 3 bliana;
· Cuirfear ar ceal an laghdú pá dóibh siúd atá ag tuilleamh níos mó ná €65,000 tar éis trí bliana;
· Beidh ionadaíocht agus maoirseacht éigeantach agus ní bheidh aon phá ag gabháil leo go ceann 3 bliana. Ina dhiaidh sin, corprófar an íocaíocht seo sa scála pá.
Ina theannta sin, tá cosaintí Chomhaontú Bhóthar Haddington ag baill Aontas Múinteoirí Éireann in aghaidh iomarcaíochta éigeantaí.
Ós rud é go bhfuil Cumann na Meánmhúinteoirí, Éíre tar éis diúltú do Chomhaontú Bhóthar Haddington, beidh feidhm ag téarmaí reachtaíocht na mBeart Éígeandála Airgeadais i leith bhaill Chumann na Meánmhúinteoirí, Éíre i gcónaí. Is mar seo a leanas staid bhaill Chumann na Meánmhúinteoirí, Éíre faoi reachtaíocht na mBeart Éígeandála Airgeadais:
· Reo trí bliana ar íoc incrimintí ar feadh na 3 bliana romhainn amach;
· Níl aon tiomantas ann chun na laghduithe pá a chur ar ceal dóibh siúd atá ag tuilleamh níos mó ná €65,000;
· Ní bheidh aon scálaí feabhsaithe tuarastail ann do mhúinteoirí óga;
· Ní thiocfaidh aon fheabhas ar an tréimhse cáilíochta do bhuaine fostaíochta.
Níl cosaintí Chomhaontú Bhóthar Haddington ag baill Chumann na Meánmhúinteoirí, Éíre in aghaidh iomarcaíochta éigeantaí.
Tá an ciorclán le fáil thíos
http://www.education.ie/en/Circulars-and-Forms/Active-Circulars/cl0049_2013.pdf
Críoch