Athruithe móra polasaí chun cearta saoránach nua Éireannach a aithint
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, go n-athrófar na socruithe maidir le táillí do mhic léinn imirceacha atá ina gcónaí in Éirinn. Ní bheidh ar mhic léinn nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad táillí teagaisc iomlána a íoc feasta má fhaigheann siad saoránacht an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch i gcaitheamh an chúrsa choláiste acu.
Faoi láthair, bíonn na cearta céanna go hiondúil ag clann imirceach, nach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, chun oideachais shaoir bunscoile agus dara leibhéal, is atá ag clann Éireannach, má tá siad ina gcónaí go dlíthiúil sa Stát. Ní bhíonn feidhm ag na socruithe seo i leith cúrsaí ardoideachais, a mbíonn ar mhic léinn táillí teagaisc a íoc astu, agus cead ag an institiúid aonair a chinneadh cén táille go baileach a ghearrfar. Is minic gur mó ná €10,000 in aghaidh na bliana na táillí seo.
Ag fógairt an athraithe dó, dúirt an tAire Quinn: “Ciallaíonn forbairt an lae inniu go bhfuilimid ag glacadh cur chuige atá cothromasach i leith mac léinn, nach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, a fhaigheann saoránacht an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch i gcaitheamh a gcuid staidéar. Aithnítear leis seo an ceangal atá ag mórán acu le hÉirinn le fada, agus an t-ionchur dearfach gur féidir leo a thabhairt sna todhchaí atá romhainn go léir. Tá searmanais saoránachta tugtha isteach ag an Rialtas i gcomhair saoránach nua Éireannach, agus beidh an t-athrú polasaí seo ag leanúint ar aghaidh ón bhforbairt sin, agus cinnteofar leis go gcaithfear le saoránaigh nua go díreach mar a chaitear leo siúd a rugadh in Éirinn.”
I gcás mac léinn nach bhfuil saoránacht dá leithéid acu, tá iarrtha ag an Aire Quinn ar an Údarás um Ardoideachas chomh maith a fháil amach céard iad na cleachtais atá i bhfeidhm faoi láthair ag institiúidí aonair ardoideachais agus iad ag gearradh rátaí difriúla táillí, agus tuairisc a chur le chéile ina dtaobh. Cinnteofar leis go mbeidh sé soiléir don chéad uair riamh do na mic léinn ionchasacha ar fad céard iad na táillí teagaisc gur féidir iad a iarraidh orthu.
“Ní ceart an ráta táille neamh-AE a ghearradh ach amháin ar mhic léinn idirnáisiúnta (a bhfuil cead acu fanacht anseo ar víosa mhic léinn agus ar choinníollacha). Ní ceart é a ghearradh orthu siúd atá ina gcónaí go dlíthiúil san AE, ach nach saoránaigh de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch iad, ná ar a gcuid cleithiúnaithe. Bíodh is gur gnó é seo d’institiúidí aonair, táim ag iarraidh ar an Údarás um Ardoideachas inniu dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí chun a chinntiú go dtabharfar isteach polasaí comhréireach ar an mbonn seo thar na hinstitiúidí aonair ardoideachais go léir.”
Fearacht na mac léinn go léir, ní mór do na mic léinn seo na coinníollacha eile go léir a shásamh, ar nós cónaí a bheith orthu in Éirinn ar feadh trí bliana as na cúig bliana roimhe sin, chun go mbeidh sé cinnte nach mbeidh orthu táillí neamh-AE a íoc.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is éard tá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná ballstáit an AE, mar aon leis an Íoslainn,
Lichtinstéin agus an Iorbhuaidh.
Is féidir teacht ar eolas faoin Scéim Táillí Saora agus faoi Scéim Dheontas na Mac Léinn, critéir intofachta san áireamh, ag: www.studentfinance.ie