Comhpháipéar foilsithe i dtaobh feabhas a chur ar an trasdul ón dara leibhéal go dtí an t-ardoideachas
Inniu tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. ag fógairt an dul chun cinn atá déanta maidir le tacú leis an dtrasdul idir an dara leibhéal agus an t-ardoideachas do mhic léinn. Tá na príomhpháirtithe leasmhara tar éis bheith ag obair i gcomhar le chéile chun dul i ngleic le réimsí deacra a bhaineann leis an athrú do dhaoine óga atá ag bogadh ón meánscoil go dtí an tríú leibhéal.
Tá sé seo ag teacht i ndiaidh comhdhála i mí Mheán Fómhair 2011 a thionóil an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an tÚdarás um Ardoideachas maidir leis an gceist seo. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis bheith ag obair i gcomhar leis na comhlachtaí cuí go léir – an CNCM, an tÚdarás um Ardoideachas, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, Cumann Ollscoileanna na hÉireann agus Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann.
Léirítear na réimsí a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh orthu, an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo agus an obair atá romhainn i bpáipéar a foilsíodh inniu (Dé Céadaoin 27ú Márta) Supporting a Better Transition from Second Level to Higher Education: Key Directions and next Steps.
Tá trí thiomantas ann chun:
- An líon clár céime ag leibhéal 8 a laghdú san ardoideachas agus iad a dhéanamh níos leathanbhunaithe
- An líon banda grádaithe san Ardteistiméireacht a laghdú (A1, A2, B1, B2 etc)
- Aghaidh a thabhairt ar intuarthacht fhadhbach i scrúduithe na hArdteistiméireachta
Adúirt an tAire Quinn, “Tá fhios againn go ndeachaigh an méid atá ag brath ar an Ardteistiméireacht, an chaoi a n-úsáidtear é le hiontráil ar an ardoideachas a chinneadh ach go háirithe, i gcion go dochrach ar an dteagasc agus ar an bhfoghlaim agus ar thorthaí oideachasúla ag an dara leibhéal.
“Dá thoradh sin rinne mórán acadóirí gearán nach raibh ar chumas mac léinn sa chéad bhliain smaoineamh go criticiúil ná fadhbanna a anailísiú. Tá na tiomantais chun athraithe atáim ag fógairt inniu ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí deacra seo agus chun cabhrú leis an óige i sraith na hArdteistiméireachta agus ina n-iontráil ar an ardoideachas araon.”
“Is maith is eol dom go mbeidh a lán de mhic léinn na hArdteistiméireachta ag seasamh a gcuid scrúduithe go gairid. Ní rachaidh na hathruithe a bhfuilimid ár dtiomnú féin dóibh inniu i gcion ar chóhort an lae inniú ná ar aon duine atá ag dul isteach sa chúigiú bliain in 2013. Tá tuilleadh oibre fós le déanamh sul má chinntear ar thátail dheiridh maidir leis na ceisteanna sa tuarascáil seo. Táim ag súil le plean iomlán feidhmithe a fheiceáil roimh dheireadh na bliana mar aon le pleananna soiléire don fheidhmiú céimnithe ag tosnú do mhic léinn a bheidh ag dul isteach sa chúigiú bliain in 2014. Ní bheidh aon athrú móra ann gan fógra cuí a bheith tugtha do scoileanna, do thuismitheoirí agus do mhic léinn.”
An líon clár céime ag leibhéal 8 a laghdú san ardoideachas agus iad a dhéanamh níos leathanbhunaithe:
Mar gheall ar an róspeisialú go luath i gcláir fochéime bíonn mearbhall ann do mhic léinn ata ag roghnú cúrsaí staidéir, bíonn riachtanais na bpointí iontrála ró-ard i gcás roinnt céimeanna agus bíonn drochthorthaí ann uaireanta d’eispéireas na céad bliana.
Dúirt an tAire “Tá méadú drámatúil tagtha ar an líon roghanna don Lár-Oifig Iontrála le blianta beaga anuas ó 385 i 1991 go dtí 1419 in 2013. Is mó atá an méadú le sonrú sna cláir céime onóracha leibhéal 8 atá tar éis méadú faoi thrí, beagnach, ó 387, chomh déanach leis an mbliain 2000, go dtí 946 i mbliana. Agus ní hamhlaidh go bhfuil mórán institiúidí sa bhreis againn i gcóras na Lár-Oifige Iontrála – sa bhliain 2000 bhí 44 díobh ann, tá 45 díobh ann i mbliana. Ní mór dúinn críoch a chur leis an bhfás easpónantúil sna roghanna cúrsa ar mhaithe le leas na mac léinn.”
Tá uachtaráin Ollscoile tar éis tiomantas a thabhairt anois do na cláir céime baitsiléara Leibhéal 8 a laghdú go suntasach i réimsí ar a n-áirítear na healaíona, an gnó agus na heolaíochtaí. Cuirfidh siad moltaí faoi bhráid a gcomhairlí acadúla maidir le cúrsaí níos leathbhunaithe a thairiscint do mhic léinn na céad bliana ina áit sin, agus rogha acu speisialú a dhéanamh agus iad níos fuide ar aghaidh sa chlár. Ní rachaidh an tiomantas i gcion ar na hionaid a mbítear go mór in iomaíocht fúthu sa chláir phroifisiúnta chúram sláinte. Tá tiomantas tugtha ag na hInstitiúidí Teicneolaíochta chun athbhreithniú a dhéanamh ar chláir Leibhéal 8 chun a chinntiú go mbíonn punann mheascaithe clár ann agus iontráil ainmnithe agus cineálach iontu.
An líon banda grádaithe a laghdú:
Tá tiomantas tugtha chun an líon banda grádaithe a laghdú. Go dtí 1992, ní raibh ach seacht bpointe ar an scála i dtorthaí na hArdteistiméireachta. Ar a iarraidh sin ag na hinstitiúidí ardoideachais, áfach, leathnaíodh é seo go dtí 14 ghrád difriúla (A1, A2, B1, B2, B3 etc) chun feabhas a chur ar éifeacht na hArdteistiméireachta mar shás chun iontráil ar an ardoideachas a chinneadh agus an leibhéal roghnaithe randamaigh a laghdú.
Comharthaíonn an tiomantas chun an líon grád a laghdú go bhfuil cuspóir na hArdteistiméireachta mar chríoch fhoirmeálta leis an oideachas dara leibhéal lán chomh tábhachtach lena húsáid mar uirlis roghnaithe don ardoideachas.
Aghaidh a thabhairt ar intuarthacht fhadhbach i scrúduithe na hArdteistiméireachta:
Is féidir le hintuarthacht fhadhbach i scrúduithe bheith ina cúis le hiompraíochtaí neamh-inmhianaithe teagaisc agus foghlama ar nós “múineadh chun críocha na tástála” in ionad na foghlama doimhne agus an smaoinithe chriticiúil. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit tar éis an cheist a iniúchadh agus tá measúnacht sheachtrach coimisiúnaithe aige chun a chinneadh an amhlaidh go bhfuil intuarthacht fhadhbach ag tarlú san Ardteistiméireacht.
Tá tiomantas tugtha anois chun aghaidh a thabhairt ar intuarthacht fhadhbach má nochtar in ábhar ar bith í. Stiúrfaidh an Coimisiún an próiseas go cúramach chun cothroime a chinntiú do gach iarrthóir.
Na Céad Céimeanna Eile:
Bíodh is go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar an trasdul ón dara leibhéal go dtí an t-ardoideachas, tá gá le tuilleadh oibre a dhéanamh chun an próiseas seo a chur i gcrích. Táthar ag súil go mbeidh an obair seo curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana agus cuirfear na hathruithe a bheidh comhaontaithe i bhfeidhm ar bhonn céimnithe do mhic léinn sa chúigiú bliain a thosóidh sraith na hArdteistiméireachta in 2014.
Táthar tar éis raon réimsí do thuilleadh oibre dá leithéid sin a shainaithint, ar a n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna ar nós an líon grád san Ardteistiméireacht, an leibhéal pointí LOI a bhronnfar i leith gach gráid Ardteistiméireachta agus úsáid uirlisí breise i dteannta le pointí Ardteistiméireachta chun ionaid san ardoideachas a leithdháileadh.
Óstálfaidh an tAire Quinn comhdháil go déanach i mí Meithimh chun na ceisteanna a thiocfaidh chun cinn a phlé le páirtithe leasmhara.
Mar fhocal scoir dúirt sé, “Is gá athruithe ar an gcóras iontrála ar an ardoideachas a bhainistiú go cúramach chun a chinntiú go mbíonn muinín ag gach duine, go háirithe mic léinn agus a dtuismitheoirí sa chóras. Táim ag súil le bheith in ann na pleananna iomlána agus tráth a bhfeidhmithe a fhógairt fai dheireadh na bliana. Mar fhocal scoir, is mian liom ómós a thabhairt do na príomhpháirtithe sa Phróiseas Trasdulanna as a gcuid dianoibre agus a smaointeoireacht chruthaitheach faoin gcaoi le go bhféadfaimid go léir bheith ag obair le chéile chun eispéireas na hArdteistiméireachta agus na luathbhlianta san ollscoil a fheabhsú don óige.”
CRÍOCH
Tá Supporting a Better Transition from Second Level to Higher Education: Key Directions and next Steps le fáil ar www.education.ie