Súil le 500 ollscoil ar fud an domhain a bheith ag clárú
Táthar ag lainseáil U-Multirank, córas nua rangaithe ollscoile, faoi Úachtaránacht AE na hÉireann i mBaile Átha Cliath inniu. Tá difríocht bhunúsach idir an córas seo agus na modhanna traidisiúnta le hinstitiúidí ardoideachais a rangú. Tá claonadh acu siúd díriú ar fheidhmíocht taighde go príomha.
De bharr an éilimh mhéadaithigh ar fud an domhain ar ‘sochaí eolais’, tá suim an phobail i bhfeidhmíocht institiúidí ardoideachais níos mó anois ná mar a bhí sé riamh. Ní fhreagraíonn na córais reatha domhanda do rangú ollscoileanna do riachtanais na bpáirtithe leasmhara go léir, áfach – mic léinn, lucht gnó agus na rialtais san áireamh.
Tá U-Multirank ag dul i ngleic leis seo trí fheidhmíocht agus sárchaighdeán na n-institiúidí ardoideachais a thomhas thar dhiminsin ilghnéitheacha. Tomhaistear cúig réimse: cáil as taighde, caighdeán an teagaisc agus na foghlama, treoshuíomh idirnáisiúnta, rath leis an aistriú eolais (ar nós comhpháirtíochtaí leis an ngnó agus le gnólachtaí nua-thionscanta), agus ionchur sa bhfás réigiúnach.
Táthar ag lainseáil na céad céime eile de U-Multirank ag comhdháil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath faoi Úachtaránacht AE na hÉireann. Táthar ag súil go gcláróidh tuairim is 500 ollscoil chun páirt a ghlacadh, agus táthar ag súil leis na céad torthaí rangaithe go luath in 2014.
Agus é ag óstáil na comhdhála, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., “Tá an t-ardchaighdeán agus an cothromas mar dhá phríomhthéama de dhiminsean oideachasúil Úachtaránacht AE na hÉireann agus sárshampla de seo is ea an U-Multirank nua. Táimid tiomanta go láidir do chabhrú le rollú amach na céad céime eile den chóras rangaithe agus is mian liom institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa agus níos faide ar shiúl a spreagadh chun an deis seo a thapú chun bheith páirteach sa mhodh nua neamhchlaonta seo chun a bhfeidhmíocht a mheasúnú.”
Tá na hÉireannaigh tar éis bheith gafa go mór leis an dtionscadal go nuige seo; tá sé institiúid ardoideachais tar éis páirt a ghlacadh sa chéad chéim: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe/Muigheo, Institiúid Teicneolaíochta Tamhlacht agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh.
Adúirt Androulla Vassiliou, an Coimisinéir Eorpach um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus an Óige, "Thar aon ní eile, cuirfidh an rangú nua atá molta ag an gCoimisiún Eorpach ar cumas daoine óga cinntí níos eolasaí a dhéanamh faoin áit le bheith ag staidéar; cuirfidh sé ar cumas na n-ollscoileanna chomh maith iad féin a chur i gcomparáid lena chéile i mbealach níos trédhearcaí agus níos úsáidí. Beidh de dhifríocht idir an liostáil nua agus na ranguithe idirnáisiúnta go rátálfaidh sé ollscoileanna de réir raon leathan fachtóirí feidhmíochta, agus go soláthróidh siad seo treoir níos cruinne, níos inchomparáide agus níos fusa le húsáid do chaighdéan na n-ollscoileanna. Spreagaim gach ollscoil Éireannach chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo.
"I dteannta leis an luach breisithe atá aige do mhic léinn agus ollscoileanna, creidim go mbeidh an rangú nua ina uirlis fhíor-riachtanach do chinnteoirí polaitiúla, i gcomhthéacs ár gcomhiarrachtaí ag leibhéal an AE chun nua-aoisiú na n-institiúidí ardoideachais, rud atá ag teastáil go géar, a spreagadh,” adúirt sí mar fhocal scoir.
Dúirt Tom Boland, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Ardoideachas, “Tá sé riachtanach na torthaí a bhíonn ar an ardoideachas a thuiscint chun ardoideachas Eorpach ar ardchaighdeán a fhorbairt i gcónaí, agus, i dteannta leis sin, ár sochaithe agus ár ngeilleagair a fhorbairt, agus is den réasúntacht ar fad é go mbeadh fios ag na mic léinn agus ag a dtuismitheoirí ar na torthaí gur féidir bheith ag súil leo ó institiúid ardoideachais, i bhfianaise na hinfheistíochta ama agus airgid atá déanta acu.
“Tairgeann clár U-Multirank bealach bríoch do na páirtithe leasmhara go léir san ardoideachas chun caighdeán na dtorthaí a mheasúnú agus ag an am céanna na dreasachtaí contráilte a bhíonn ag a lán córas rangaithe a sheachaint, agus tá sé inmhianta amach is amach go bhforbrófaí a thuilleadh é.”
Mar aon le rangú údarásach chun institiúidí a chur i gcomparáid lena chéile a sholáthar, rátálfaidh U-Multirank ollscoileanna chomh maith i gceithre réimse shainiúla ábhair: staidéir gnó, innealtóireacht mheicniúil, innealtóireacht leictreach agus fisic. Cuirfear leis an liosta disciplíní sainiúla de réir a chéile sna blianta amach anseo.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tiomsóidh cuibhreannas neamhspleách, arna threorú ag an Lárionad um Ardoideachas sa Ghearmáin agus an Lárionad um Staidéir ar Pholasaí Ardoideachais san Ísiltír an rangú. Oibreoidh an cuibhreannas chomh maith in éineacht le comhpháirtithe náisiúnta rangaithe agus eagraíochtaí leasmhara atá ionadaitheach do mhic léinn, ollscoileanna agus gnólachtaí, chun iomláine agus cruinneas a chinntiú. Beidh na ranguithe nua neamhchlaonta, bunaithe ar chritéir agus ar shonraí intomhaiste.
Tá an chéad chéim eile de UMultirank á lainseáil mar chuid de Chomhdháil d'Úachtaránacht AE na hÉireann dar teideal “Ranguithe agus Infheictheacht Torthaí ar Ardchaighdeán i Réimse Ardoideachais na hEorpa”, ó 30-31ú Eanáir i Halla Naomh Seoirse, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Táthar ag súil le tuairim is 170 páirtí leasmhar don ardoideachas a bheith i láthair.
Tá €2 milliún de mhaoiniú AE faighte do UMultirank ón gClár Foghlama ar feadh an tSaoil do 2013/14, agus tá seans ann go mbeidh síolchiste ar fáil ar feadh dhá bhliain eile. Is é an aidhm ná go mbeidh eagraíocht neamhspleách ag reáchtáil an rangaithe ina dhiaidh sin.