Féadann scéimeanna do leabhair ar cíos cabhrú le tuismitheoirí 80% de chostas leabhar nua a choigilt
Inniu, lainseáilan tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, treoirlínte nua, “Treoirlínte chun Scéimeanna do Théacsleabhair ar Cíos a Fhorbairt i Scoileanna” i mBunscoil na Toirbhirte, Warrenmount, Baile Átha Cliath 8. Tugann na treoirlínte comhairle phraiticiúil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna faoin gcaoi le scéimeanna cíosa a bhunú agus a oibriú.
Is féidir le scoileanna a bhfuil scéimeanna cíosa acu cheana féin suas le 80% a bhaint den chostas ar thuismitheoirí as leabhair nua a cheannach. Is é is aidhm do na Treoirlínte seo ná cabhair a thabhairt dona mhéid scoileanna agus is féidir chun scéimeanna do leabhair ar cíos dá leithéid a chur ar bun.
Táthar ag foilsiú leabhráin speisialta “Treoir do Thuismitheoirí”, chun iad a chur ar an eolas maidir leis an gcaoi a fheidhmíonn na scéimeanna agus leis an gcaoi gur féidir le tuismitheoirí cabhrú le scoileanna chun iad a chur ar bun agus a reáchtáil.
Tá sé de thosaíocht ag an Aire Quinn dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis an scolaíocht. Tá foilseacháin an lae inniu ag tógáil ar bhearta eile ar nós an bhuiséid do dheontais do leabhair scoile a chosaint ag leibhéal €15 milliún thar an dá bhliain seo caite, in ainneoin na mbrúnna geilleagracha. Chuaigh an tAire agus an Roinn i gcomhairle go leathan faoi na treoirlínte agus d’oibrigh siad go dlúth leis an dá Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí, Cumann Naomh Uinseann de Pól agus Barnardos chun bealaí chun an costas a laghdú do thuismitheoirí a phlé.
Mar thoradh ar na comhairliúcháin sin, thug Cumann Foilsitheoirí Oideachais na hÉireann tiomantas go gcuirfí srian ar fhoilsiú eagrán nua agus go gcoinneofaí eagráin de leabhair i gcló gan athrú ar feadh sé bliana ar a laghad. Thug na foilsitheoirí gealltanas chomh maith go ndíolfaidís leabhair do scéimeanna cíosa do scoileanna ar lascainí substaintiúla.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire, “Táim tar éis bheith an-shoiléir faoin dtacaíocht a thugaim do scéimeanna do leabhair ar cíos. Tá fhios againn go léir, gur tuismitheoirí sinn, cé chomh costasach is a bhíonn téacsleabhair go minic agus an t-ualach a leagann sé sin ar theaghlaigh atá faoi bhrú cheana féin, ag tosach gach scoilbhliana.”
Tá foilsiú na dTreoirlínte ag teacht i ndiaidh suirbhé a rinne Cigireacht na Roinne ar scoileanna anuraidh. Bhí ráta 99% de fhreagairt air seo ag an mbunleibhéal, agus léirigh sé go raibh 76% de na bunscoileanna ag oibriú scéime do leabhair ar cíos. Ag an dara leibhéal, bhí ráta na freagartha níos ísle ag 44%. Astu siúd a thug freagairt, bhí scéim do leabhair ar cíos á hoibriú ag 88% díobh siúd a bhain le hearnáil an CGO agus ag 73% díobh siúd a bhain le hearnáil na bPobalscoileanna agus na Scoileanna Cuimsitheacha.
Lean an tAire Quinn air, “Léiríonn na torthaí seo go bhfuil bunsraith mhaith againn ar a mbeimid in ann tógáil ar fud na tíre. Tá súil agam go spreagfar scoileanna nach bhfuil ag oibriú scéimeanna do leabhair ar cíos go dtí seo chun na Treoirlínte a úsáid chun iad a thabhairt isteach. Má thugann, tiocfaidh coigiltí suntasacha as sin do thuismitheoirí.”
Tá na Treoirlínte le fáil ag – Treoirlínte chun Scéimeanna do Théacsleabhair ar Cíos a Fhorbairt i Scoileanna
Tá na Treoirlíntedo Thuismitheoirí le fáil ag – Scéimeanna do Théascleabhair ar Cíos i Scoileanna Treoir do Thuismitheoirí
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Íoctar an deontas leabhar do na bunscoileanna aitheanta go léir agus do gach iar-bhunscoil sa Scéim Saoroideachais, agus scoileanna DEIS ag fáil ráta bhreisithe. Íoctar i mí an Mheithimh é gach bliain i leith na bliana féilire ina dhiaidh sin. Rinneadh €15 milliún a imfhálú don chlár do 2012 agus 2013 araon.
Deontais Leabhar do Scoileanna do 2012 agus 2013
| Cineál scoile | Bunscoileanna Ráta per capita* | Iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais Ráta per capita |
| Scoileanna DEIS | €21 | €39 |
| Scoileanna Eile | €11 | €24 |
* Íoctar íosdeontas do bhunscoileanna beaga bunaithe ar rollú de 60 dalta.
Bunscoileanna (maoiniú per capita) 2012
Ráta per capita Maoiniú
Scoileanna DEIS €21 €2,228,079
Príomhshruth €11 €4,752,605
Iomlán €6,980,684
Iar-bhunscoileanna (maoiniú per capita) 2012
Ráta per capita Maoiniú
Scoileanna DEIS €39 €2,494,947
Scoileanna Eile €24 €5,590,296
Iomlán €8,085,243