Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., go ndéanfaí atheagrú mór ar earnáil ardoideachais na tíre ar a n-áireofaí soláthar d’Ollscoileanna Teicneolaíochta nua a chruthú.
Tá an fógra seo ag teacht i ndiaidh don Údarás um Ardoideachas moltaí a dhéanamh don Aire Quinn. Mhol tuarascáil an Údaráis go ndéanfaí earnáil na nInstitiúidí Teicneolaíochta a chomhdhlúthú; go gcruthófaí líon beag ollscoileanna teicneolaíochta; go gcuirfí le chéile braislí réigiúnacha idir ollscoileanna agusInstitiúidí Teicneolaíochta láidre; go gcuirfí i bhfeidhm moltaí chun oideachas múinteoirí a chuíchóiriú; mar aon le hinmharthanacht agus cumas méadaithe sa chóras ardoideachais.
Dúirt an tAire Quinn: "Cuirfear i bhfeidhm gaolmhaireacht nua idir an Stát agus na 39 institiúid ardoideachais a mhaoinítear go poiblí. Cuirfidh sé seo ar chumas an chórais freagairt i mbealach níos comhtháite do na tosaíochtaí náisiúnta atá leagtha síos ag an Rialtas agus soláthróidh sé na scileanna agus na cáilíochtaí do chéimithe atá riachtanach d’fholláine shóisialta agus geilleagrach na hÉireann.
“Cuirfear creat nua feidhmíochta ar bun chun cur le trédhearcacht agus le cuntasacht institiúidí as torthaí comhaontaithefeidhmíochta a sheachadadh. Beidh an próiseas comhphlé straitéisigh idir an tÚdarás agus gach aon institiúid ardoideachais ina chuid dhílis de seo.”
Adúirt an tAire chomh maith: "Tar éis pléanna le comhghleacaithe Rialtais an tseachtain seo, leagann mo fhreagairt ar thuarascáil an Údaráis amach go foirmeálta tosaíochtaí náisiúnta an Rialtais agus a phríomhaidhmeanna don chóras ardoideachais. Beidh mé ag iarraidh ar an Údarás tuarascáil a chur faoi mo bhráid gach bliain faoi fheidhmíocht chomhchoiteann an chóras ardoideachais i bhfianaise na dtosaíochtaí agus na n-aidhmeanna náisiúnta seo agus i bhfianaise roinnt táscairí ardleibhéil córais a chuirfear i gcrích sna seachtainí romhainn amach. Tabharfar creat reachtúil ar aghaidh chun go mbeifear in ann na próisis rí-thábhachtacha seo a chur i bhfeidhm."
Dúirt an tAire Quinn go gcuirfeadh an fócas nua seo ar fheidhmíocht chórasach agus institiúideach maoiniú agus rialú an ardoideachais in hÉirinn ar chomhchéim leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. “Ré nua is ea é do mhic léinn agus páirtithe leasmhara eile sa chóras".
Tá an tAire ag ordú don Údarás freisin tosnú ar mholtaí sin na tuarascála a chur i bhfeidhm faoina ndéanfar trí ghrúpa d’institiúidí teicneolaíochta a chomhtháthú chun go rachaidh siad ar aghaidh chun stádas Ollscoile Teicneolaíochta a bhaint amach. Is iad na institiúid teicneolaíochta sin:
- Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir
- Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí
- Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach.
Is é an chéad chéim eile i gcás gach ceann de na hiarratais ná plean a chur le chéile chun na critéir do stádas Ollscoile Teicneolaíochta a shásamh. Ní mór don phlean bheith bunaithe ar mheamram tuisceana a bheidh ina cheangal dlí idir gach aon chuibhreannas institiúidí agus a bheidh cuntas ann ar a gcomhtháthú ina n-aon institiúid amháin.
Measúnóidh painéal neamhspleách idirnáisiúnta saineolaithe na pleananna agus cinnfidh sé an bhfuil an t-iarratasóir in ann na critéir chomhaontaithe san amchlár beartaithe a shásamh agus dul ar aghaidh chuig an gcéim dheiridh.
Adúirt an tAire Quinn freisin: “Tá sé soiléir nach bhfuil institiúidí áirithe ag iarraidh cónascadh le cinn eile agus teacht chun bheith ina n-Ollscoileanna Teicneolaíochta. Ní mór do na hinstitiúidí go léir, áfach, díriú ar an mbunchuspóir naisc dhlútha a fhorbairt leis an bpobal gnó áitiúil agus réigiúnach agus oideachas ar an gcaighdeán is fearr gur féidir a sholáthar dá gcuid mac léinn idir mhic léinn Éireannacha agus mhic léinn as tíortha thar lear.”
Ina theannta sin, tá an tAire ag iarraidh ar an Údarás braislí réigiúnacha institiúidí a bhunú i dtrí réigiún shainaitheanta, Baile Átha Cliath/Cúige Laighean, an Deisceart/Oirdheisceart agus an tIarthar/Lár-Iarthar/Iarthuaisceart. Déanfar na seacht n-ollscoil go léir agus na 14 Institiúid Teicneolaíochta a ghrúpáil mar seo a leanas:
- Deisceart/Oirdheisceart – Coláiste na hOllscoile Corcaí, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach;
- Iarthar/Lár-Iarthar/Iarthuaisceart – Ollscoil Luimnigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigheo, Institiúid Teicneolaíochta Shligigh, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus OÉ Gaillimh (Coláiste San Aingeal agus Coláiste na Sionainne corpraithe in OÉ Gaillimh);
- Baile Átha Cliath/Cúige Laighean Crann Taca I – An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Institiúid Oideachais Marino, Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire;
- Baile Átha Cliath/Cúige Laighean Crann Taca II – Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (agus coláistí nasctha, Coláiste Náisiúnta na hÉireann, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan, Ollscoil Éireann Má Nuad, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain agus Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn corpraithe ann).
Déanfaidh ceannairí institiúidí sna braislí seo pleananna réigiúnacha a fhorbairt anois, a chuirfidh as an áireamh macasamhlú an tsoláthair gan ghá agus a leagfaidh síos conairí soiléire aistrithe agus forchéimnithe do mhic léinn sa réigiún. Neartófar agus cuirfear chun cinn comhaontais atá ag teacht chun cinn idir ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta – sa chaoi go bhforbrófar tairseach chriticiúil agus ionaid barr feabhais i soláthar don fhochéimí, don iarchéimí agus don taighde.
Tá athchumrú an ardoideachais mar leanúint ar an National Strategy for Higher Education to 2030 (Tuarascáil Hunt) a bhfuil sraith cuspóirí leagtha amach ann do chóras leasaithe. Tá cuíchóiriú túsoideachais múinteoirí a moladh i dtuarascáil a d’fhoilsigh an tÚdarás um Ardoideachas anuraidh corpraithe ann chomh maith mar aon le moltaí an athbhreithnithe ar sholáthar ealaíon cruthaitheacha i gceantar Bhaile Átha Cliath a foilsíodh in 2012 chomh maith.
Click here to view the HEAs report
Click here to view the Letter from the Minister to the HEA
CRÍOCH