Tuarascáil foilsithe ar shuirbhéanna faoi chéadroghanna tuismitheoirí maidir le pátrúnacht bhunscoile
Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., tar éis torthaí suirbhéanna a rinneadh maidir le pátrúnacht bhunscoileanna i 38 baile ar fud na tíre a fhoilsiú.
Tugadh faoi na suirbhéanna seo mar chuid de fhreagairt an Aire ar an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile d’fhonn a fháil amach ar mhian le tuismitheoirí raon níos ilghnéithí pátrún bunscoile a bheith sa cheantar acu.
Tá sé léiríthe tar éis anailís mhionsonraithe a bheith déanta ar na suirbhéanna go bhfuil leordhóthain éilimh ó thuismitheoirí i 23 cinn de na 38 ceantar chun tacú le hathrú láithreach ar an bpátrúnacht scoileanna mar atá sí faoi láthair.
I gcás 22 cinn de na ceantair, bunófar scoil Bhéarla ilchreidmheach agus i gás ceantair amháin bunófar Gaelscoil. I gcás 20 cinn de na ceantair, chuir tuismitheoirí in iúl go mba phátrún de chuid Ag Foghlaim le Chéile ba rogha leo, agus sa dá bhaile eile bunófar Pobalscoileanna Náisiúnta, a bheidh á reáchtaíl ag an CGO áitiúil. I gcás 30 cinn de na 38 ceantar a ndearnadh suirbhé iontu, tá Gaelscoil ina rogha ag na tuismitheoirí cheana féin.
Agus é ag cur fáilte roimh thorthaí na suirbhéanna, dúirt an tAire Quinn, “Céim eile ar aghaidh é seo i dtreo an iolrachais san oideachas agus fíor-rogha a chur ar fáil do thuismitheoirí maidir leis an gcineál bunscoile is mian leo a gcuid páistí a chur chuici. Táimid muiníneach go dtabharfaidh na pátrúin atá ann faoi láthair freagairt mhórchroíoch ar an éileamh soiléir ar an athrú i mbreis is 60% de na ceantair a ndearnadh suirbhé iontu i mbliana.”
Leagadh síos gurb é an t-íosrollú do scoil cheathrar oide an leibhéal éilimh a measadh go mba leor é chun bheith ina údar le hathrú ar éiteas na scoile a mholadh. Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua, grúpa atá freagrach as an próiseas a mhaoirsiú, a rinne fíorú ar na torthaí agus ar na moltaí.
Bíodh is go bhfuil cohórt tuismitheoirí ann sna 15 ceantar eile as na 38 ceantar a bheadh ag tacú le hathrú pátrúnachta, is léir ó na suirbhéanna nach bhfuil dóthain éilimh ann faoi láthair chun a chinntiú go mbeadh scoil faoi phátrúnacht eile inmharthana. Aithnítear, áfach, go bhféadfadh athrú teacht air seo uair éigin amach anseo, agus d’fhéadfaí an scéal a iniúchadh arís ag an dtráth sin.
“Tá sé curtha in iúl go láidir ar fud na suirbhéanna chomh maith go bhfuil mórán tuismitheoirí sásta leis na scoileanna atá á dtairiscint dóibh faoi láthair agus measaim gur maith an comhartha é seo maidir leis na seirbhísí oideachais a chuireann na pátrúin atá ann faoi láthair ar fáil,” adúirt an tAire Quinn.
Tugadh faoi na suirbhéanna ar feadh ceithre seachtaine ó 14ú Eanáir amach. Tugadh cuireadh do thuismitheoirí páistí idir 0-12 bliain d’aois i ngach ceantar páirt a ghlacadh. Roghnaíodh na bailte mar go raibh daonra réasúnta cobhsaí idir 5,000 agus 20,000 acu agus gan mórán dóchúlachta ann, dá bhrí sin, go mbeadh scoileanna nua ar bith ag oscailt chun fónamh ar éileamh déimeagrafach sna blianta amach romhainn.
Fuarthas iomlán de 10,715 freagairt bhailí ar an suirbhé, a bhformhór mór comhlánaithe ar líne. Measadh breis is 2,000 freagairt a bheith neamhbhailí mar nach raibh uimhir PSP, seoladh an fhreagróra ná a (h)ainm orthu. Rinneadh na freagairtí a sheiceáil a thuilleadh in aghaidh sonraí atá i seilbh na Roinne Coimirce Sóisialta chun a chinntiú go raibh na páistí a liostáladh i ngach freagairt nasctha leis an uimhir PSP a tugadh, agus leis an gceantar suirbhé cuí.
Go déanach anuraidh, rinneadh suirbhéanna i gcúig ceantar píolótacha agus ba léir uathu seo go raibh éileamh ó na tuismitheoirí i ngach ceantar díobh ar athrú ar an bpátrúnacht scoile.
“Tá dóthain éilimh léirithe ó na tuismitheoirí ar rogha níos leithne maidir le pátrún scoile i mbeagnach dhá thrian de na ceantair a ndearnadh suirbhé orthu mar chuid den phróiseas seo, na ceantair phíolótacha ina measc. Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar an éileamh seo ar an athrú. Beimid ag déanamh teagmhála anois leis an bpátrún Caitliceach i ngach ceann de na ceantair a bhfuil an t-éileamh seo sainaitheanta againn iontu chun a iarraidh air roghanna a bhreithniú do scoileanna faoina bhainistíocht siúd a athchumrú d’fhonn go n-aistreofar scoil go dtí pátrún nua,” a dúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir.
Seolfar cóipeanna den tuarascáil chuig na pátrúin bunscoile go léir i ngach ceann de na 38 ceantar. Iarrfar ar an Easpag nó ar an Ardeaspag Caitliceach cuí sna 23 ceantar freagairt eatramhach a chur faoi bhráid laistigh de thrí mhí agus freagairt dheiridh, a mbeidh moltaí mionsonraithe inti maidir le scoil a dhífheistiú, laistigh de shé mhí.
Tá an tuarascáil iomlán ar na suirbhéanna le fáil ag http://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/Report-on-the-surveys-regarding-parental-preferences-on-primary-school-patronage.pdf
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
| Ceantar | Torthaí an tSuirbhé |
| Béal an Átha | Ag Foghlaim le Chéile |
| Béal Átha na Sluaighe | Éileamh neamhleor |
| Droichead na Bandan | Éileamh neamhleor |
| Biorra | An Foras Pátrúnachta |
| Bun Cranncha | Éileamh neamhleor |
| Carraig na Siúire | Éileamh neamhleor |
| Carraig Uí Leighin | CGO Chontae Chorcaí |
| Cill Droichid | CGO Chill Dara |
| Cluain Meala | Ag Foghlaim le Chéile |
| Cóbh | Ag Foghlaim le Chéile |
| Baile Átha Cliath 6 | Ag Foghlaim le Chéile |
| Dún Garbháin | Ag Foghlaim le Chéile |
| Éadan Doire | Éileamh neamhleor |
| Inis Córthaidh | Éileamh neamhleor |
| Mainistir Fhear Maí | Ag Foghlaim le Chéile |
| Ceanannas | Ag Foghlaim le Chéile |
| Cill Airne | Ag Foghlaim le Chéile |
| Léim an Bhradáin | Ag Foghlaim le Chéile |
| An Longfort | Éileamh neamhleor |
| Baile Locha Riach | Ag Foghlaim le Chéile |
| Mullach Íde | Ag Foghlaim le Chéile |
| Muineachán | Éileamh neamhleor |
| An tAonach | Ag Foghlaim le Chéile |
| Ros Mhic Thriúin | Ag Foghlaim le Chéile |
| Baile Phámar | Ag Foghlaim le Chéile |
| An Pasáiste Thiar | Ag Foghlaim le Chéile |
| Port Mearnóg | Ag Foghlaim le Chéile |
| Ros Comáin | Éileamh neamhleor |
| Ros Cré | Éileamh neamhleor |
| An Ros | Ag Foghlaim le Chéile |
| Sionainn | Ag Foghlaim le Chéile |
| Na Sceirí | Éileamh neamhleor |
| Durlas | Éileamh neamhleor |
| Tiobraid Árann | Éileamh neamhleor |
| Tuaim | Ag Foghlaim le Chéile |
| Cathair na Mart | Ag Foghlaim le Chéile |
| Cill Mhantáin | Éileamh neamhleor |
| Eochaill | Éileamh neamhleor |