15 Deireadh Fómhair, 2013 - Oideachas á Chosaint ag an Aire Quinn

Meideanna ranganna cosanta agus 1,400 múinteoir nua do scoileanna in 2014

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., tar éis seirbhísí túslíne oideachais a chosaint agus múinteoirí breise agus tacaí don oideachas speisialta a aimsiú i mBuiséad 2014.

Mar aon leis na cóimheasa daltaí le múinteoir atá ann faoi láthair a bheith coimeádta i scoileanna saora don tríú bliain as a chéile, earcófar 1,400 múinteoir breise do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna in 2014.  Cuimseoidh sé seo breis múinteoirí a sholáthar chun freastal ar na líonta daltaí de réir mar a théann siad i méid mar aon le Múinteoirí Acmhainne breise do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Táthar tar éis caiteachas ar scéim DEIS a imfhálú sa Bhuiséad seo, agus níl aon athruithe déanta ar fhoirniú foriomlán ná ar mhaoiniú ár gcuid scoileanna faoi mhíbhuntáiste.

Tá an tAire tar éis an €1.3 bhilliún atá ar fáil gach bliain a chosaint chomh maith chun tacaíochtaí a chur ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna chun €5 mhilliún a fháil ó na fáltais ó idirbheart Cheadúnas an Chrannchuir Náisiúnta chun cur ar chumas bunscoileanna infheistiú i scéimeanna leabhar ar cíos chun an t-ualach costais ar thuismitheoirí leanaí óga a laghdú.  Leis an mbeart seo soláthrófar infheistiú €15 milliún chun tacú le bunú scéimeanna leabhar ar cíos thar na trí bliana romhainn amach i ngach bunscoil nach bhfuil ceann ar bun inti faoi láthair.  Féadann na scéimeanna seo bheith ina gcúis le coigiltí de suas le 80 faoin gcéad de chostas leabhar scoile do thuismitheoirí.

Íocfar na cistí seo do scoileanna i bhfoirm dheontas síolchaipitil, agus beidh €150 in aghaidh an pháiste á fháil ag scoileanna DEIS agus €100 in aghaidh an pháiste i scoileanna nach scoileanna DEIS iad, chun scéimeanna leabhar ar cíos a chur ar bun.  Beidh an €15 milliún atá soláthraithe cheana féin do scoileanna a fheidhmíonn na scéimeanna seo faoi láthair ar fáil i gcónaí.  Is ceart an maoiniú seo a úsáid chun stoc suas chun dáta leabhar a chothabháil.

Tá an tAire Quinn tar éis na deontais cothabhála a bhronntar ar mhic léinn a cháilíonn in institiúidí tríú leibhéal a chosaint chomh maith gan athrú ar bith ar scéim deontas na mac léinn mar thoradh ar an mBuiséad.

Agus mar bheart eile chun tacú le haosaigh óga imfhálófar íosmhéid 2,000 ionad oiliúna do dhaoine faoi bhun aois 25 ar chostas €6 mhilliún mar chuid de Ráthaíocht don Óige de €46 milliún atá á fheidhmiú thar Ranna Rialtais.  Soláthrófar na hionaid seo mar bheart leanúna ar chlár rathúil Momentum a bhí ar bun in 2013. 

“Agus sinn ag druidim le deireadh tharrtháil na hÉireann, creidim go daingean go bhfuil cosaint an chóras oideachais ar cheann de na bealaí is fearr chun infheistiú a dhéanamh inár dtéarnamh geilleagrach.  Is mar an gcéanna leis an oideachas agus réimsí eile.  Is gá go mbeadh ionchur aige i gcobhsúchán chúrsaí airgeadais an náisiúin agus tá an Rialtas ag soiléiriú gur cúram linn an t-oideachas”, adúirt an tAire Quinn.

Is é €8,219 milliún buiséad caiteachais reatha na ROS do 2014, an leithdháileadh €362 milliún don Chiste Náisiúnta Oiliúna san áireamh.

Sa bhuiséad do 2014 bhí ar an Roinn coigiltí de €44 milliún a aimsiú chun fanacht faoin tsíleáil a leagadh síos san Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas 2012-14.  Ina theannta sin, bhí dliteanais ar an Roinn i gcónaí mar gheall ar an Scéim Chúitimh (meastachán reatha de €42 milliún do 2014), agus teastaíonn €33 milliún eile chun tacú le hoideachas páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna.

D’éirigh leis an Roinn leordhóthain coigiltí caiteachais a shainaithint chun ligint don Aire seirbhísí túslíne oideachais a chosaint sa Bhuiséad seo, cosaint mhéideanna ranganna san áireamh.  Thángthas ar choigiltí suntasacha le déanaí go háirithe i leith caiteachais aoisliúntais.  Laghdaíodh go dtí €33 milliún dá bharr seo an méid a bhfuil ar an Roinn a aimsiú trí bhearta polasaí.

“Ar an dea-uair, bhí an líon múinteoirí a chuaigh ar scor ag deireadh mhí Lúnasa cuid mhaith níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis”, adúirt an tAire Quinn.  “Dá bharr sin bhí laghdú suntasach ann i gcostas réamheasta scéim aoisliúntais na Roinne in 2014 as a dtagann an maoiniú d’íocaíochtaí cnapshuime agus pinsin do mhúinteoirí.  Chuidigh sé seo le tionchar Buiséid 2014 ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a mhaolú”.

Tá an tAire Quinn deimhin de go bhfuil méideanna suntasacha airgid ar a lámha ag Institiúidí Ardoideachais agus suas le €450 milliún le fáil acu.  Laghdaíodh an leithdháileadh ar institiúidí tríú leibhéal de €25 milliún a bhí le tabhairt ar ais sa bhliain reatha.  Mar thoradh ar Bhuiséad 2014 ní thabharfar na cistí seo ar ais anois go dtí 2015.  Táthar ag súil go seachadfaidh na hInstitiúidí Ardoideachais an leibhéal céanna seirbhísí i gcónaí trí bhainistíocht níos stuama ar a gcuid comharduithe reatha airgeadais mar atá siad á dhéanamh faoi láthair.

I dteannta leis an infheistíocht mhéadaithe i bhfoirniú ár scoileanna, tá líon eile bearta ann atá mar aibhsiú ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le hinfheistiú a dhéanamh sa téarnamh geilleagrach.

Tá an tAire Quinn tiomanta dona chinntiú go bhfágann gach páiste an scoil agus leibhéil arda Litearthachta agus Uimhearthachta aige/aici.  Chun tacú leis seo, táthar tar éis beagnach €9 milliún a chur san áireamh i leithdháileadh 2014 chun an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta a chur i bhfeidhm i gcónaí.

Tá an tAire Quinn ag cur leasaithe mhóir i bhfeidhm ar an tSraith Shóisearach.  Tá €1.5 mhilliún caite cheana féin ar ullmhú do thabhairt isteach an tsiollabais nua Bhéarla ó Mheán Fómhair 2014 amach agus cuirfear iomlán de €4.8 milliún ar fáil in 2014.  Leis an infheistiú seo, beidh 7,000 de lucht foirne scoile, Príomhoidí agus múinteoirí Béarla inár scoileanna san áireamh, in ann oiliúint a fháil don tSraith Shóisearach leasaithe sa bhliain romhainn amach.

Táthar ag leanúint ar aghaidh i gcónaí le cur i bhfeidhm leathanbhanda ardluais chuig na scoileanna dara leibhéal go léir.  Beidh 478 scoil nasctha go hiomlán faoi dheireadh na bliana seo, agus beidh an 150 eile dhíobh nasctha roimh dheireadh 2014.  Tá sé seo á chur ar fáil do scoileanna saor in aisce dóibhsean.  Tá sé maoinithe ag infheistiú de €40 milliún ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha idir 2011 agus 2015.

An Roinn Oideachais agus Scileanna - Príomhghnéithe an Mheastacháin

Oll-leithdháileadh 2014
 €m
Leithdháileadh an Státchiste d’ollchaiteachas reatha7,857
Leithdháileadh an Státchiste d’ollchaiteachas caipitil540
Leithdháileadh don Chiste Náisiúnta Oiliúna362
Leithdháileadh foriomlán8,759

Faoin leithdháileadh caiteachais soláthrófar €5 mhilliún chun infheistíocht fhoriomlán 3 bliana de €15 milliún a mhaoiniú chun tacú le leathnú eile ar na scéimeanna leabhar ar cíos chun na bunscoileanna uile a chlúdach.  Táthar ag soláthar €9 milliún de mhaoiniú chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta in 2014, agus soláthrófar €4.8 milliún i gcomhair an leasaithe ar an tSraith Shóisearach.  Beidh nascacht leathanbhanda ardluais ag na scoileanna dara leibhéal go léir roimh dheireadh 2014. 

SCOILEANNA

Scoileanna DEIS

Tá scoileanna atá páirteach i scéim DEIS (Cothromas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna) cosanta sa Bhuiséad seo.  Níl aon athruithe déanta ar chóimheasa na leithdháiltí múinteoirí Chlár DEIS ná ar na deontais DEIS do scoileanna mar thoradh ar an mBuiséad seo.

Oideachas Speisialta

Tabharfar tosaíocht d’oideachas speisialta i gcónaí.  Táthar ag coimeád maoinithe de €1.3 billiún don soláthar sin in 2014.  Cuimsíonn sé seo €33 milliún eile chun oideachas páistí a mhaoiniú a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna.  Is ionann an leithdháileadh do riachtanais speisialta is breis is 15% den oll-leithdháileadh foriomlán reatha d’oideachas agus oiliúint. 

BEARTA BUISÉID

Leis na bearta atá liostaithe thíos aimseofar coigiltí glana sa chaiteachas reatha in 2014 de €33 milliún.  Aimseofar €11 milliún eile trí choigiltí a mheas thar an Vóta Oideachais agus Scileanna.

ARDOIDEACHAS

An leithdháileadh ar na hinstitiúidí ardoideachais a laghdú in 2013

I mBuiséad 2013 laghdaíodh an leithdháileadh de mhaoiniú do na hinstitiúidí ardoideachais de €25 milliún.  Táthar ag súil go mbainisteoidh na hinstitiúidí an laghdú seo agus go seachadfaidh siad an leibhéal céanna seirbhísí do mhic léinn trí chúlchistí airgid atá ar lámha acu faoi láthair a úsáid.  Mar thoradh ar Bhuiséad 2014, mairfidh an laghdú seo de €25 milliún ar feadh bliana eile, ag tabhairt aird arís ar na 

comharduithe reatha airgid atá ar lámha ag na hinstitiúidí.

BREISOIDEACHAS & BREISOILIÚINT

Deireadh a chur le híocaíochtaí comhthráthúla faighteoirí íocaíochtaí áirithe coimirce sóisialta a ghlacann le hionaid ar chúrsaí FÁS agus Ógtheagmhála.

I gcásanna áirithe féadann rannpháirtithe ar chúrsaí oiliúna FÁS íocaíochtaí coimirce sóisialta a íocann an Roinn Coimirce Sóisialta a choimeád chomh maith lena liúntais oiliúna €188 ó FÁS agus Ógtheagmháil a fháil.  Táthar ag cur deireadh anois leis na híocaíochtaí comhthráthúla seo, nach bhfuil iníoctha do rannpháirtithe i scéimeanna Fostaíochta Pobail nó SDOG, i gcás iontrálaithe nua ar chúrsaí oiliúna FÁS agus Ógtheagmhála.  Tiocfaidh €5 mhilliún de choigiltí as an mbeart seo in 2014.

Cealú an bhónais dífhostaíochta fhadtéarmaigh de €20 a íoctar do rannpháirtithe FÁS, SDOG agus Ógtheagmhála.

Íocadh an liúntas seo i ré lánfhostaíochta nuair a bhí mian ann lucht na fostaíochta fadtéarmaí a dhreasú chun gabháil le hiarrachtaí ar an margadh saothair a ghníomhachtú.  Cealófar an íocaíocht seo i gcás iontrálaithe nua agus coigleofar

€2.1 milliún dá bharr sin in 2014 agus €6.7 milliún i mbliain iomlán.  Gheobhaidh rannpháirtithe ar chúrsaí liúntais béile agus taistil i gcónaí, áfach.

Printísigh FÁS chun Ranníocaíocht Mac Léinn pro-rata a íoc a bheidh comhréireach leis an tréimhse a chaitheann siad in Institiúidí Teicneolaíochta

Freastalaíonn printísigh ar Institiúidí Teicneolaíochta ar feadh dhá thréimhse de dheich seachtaine le linn na bprintíseachtaí cheithre-bhliana a chuireann siad isteach.  Ó 2014 amach, is iad na printísigh féin a íocfaidh an ranníocaíocht mac léinn pro-rata (€540 faoi láthair) a íocadh an Státchiste go dtí seo i leith gach tréimhse a chaitheann siad sna hInstitiúidí Teicneolaíochta.  Tiocfaidh coigilt de €1.6 milliún don Státchiste as seo.

Ailíniú Liúntas áirithe Breisoideachais agus Breisoiliúna

De bharr athruithe atá á dtabhairt isteach ag an Roinn Coimirce Sóisialta, gheobhaidh éilitheoirí nua ar an Liúntas Cuardaitheora Poist, atá in aois a 25 bliain, íosmhéid laghdaithe íocaíochta de €144 in aghaidh na seachtaine ó 2014 amach, ráta a méadófar go dtí €160 áit a nglacann duine páirt i gcláir áirithe oideachais agus oiliúna.  D’fhonn íocaíochtaí coimirce sóisialta a ailíniú le híocaíochtaí a dhéantar do lucht páirtíochta sa bhreisoideachas agus breisoiliúint, gheobhaidh daoine dá leithéid sin a ghabhann isteach i scéimeanna oiliúna FÁS, SDOG agus Ógtheagmhála an ráta seo €160 chomh maith ó 2014 amach.

LÍONTA MÚINTEOIRÍ

Tá soláthar déanta i meastacháin 2014 do mhéaduithe i líonta na múinteoirí de bharr chúrsaí déimeagrafacha, mar aon le méaduithe i líonta na múinteoirí acmhainne chun leithdháiltí aonair múinteoirí acmhainne a choimeád ag an leibhéal reatha.  Leiríonn an tábla thíos tionchar réamheasta na méaduithe seo sna líonta an bhliain seo chugainn, iar laghduithe i leith bearta níos luaithe buiséid.  Meastar gur ionann is 1,395 post, nó amuigh is istigh air sin, an méadú foriomlán glan i líon na bpost múinteoireachta i scoilbhliain 2014/15 thar an scoilbhliain reatha, mar a léirítear sa tábla thíos.  Is ionann seo is méadú glan measta de tuairim is 2.2% ar líonta foriomlána na múinteoirí don scoilbhliain 2014/15 i gcomparáid leis an scoilbhliain reatha 2013/14. 

Staid mheasta maidir le líonta Múinteoirí i scoileanna don scoilbhliain 2014/15

 

 Earnáil bhunscoile (poist)Earnáil dara leibhéal (poist)Iomlán na bpost
Sprioc-choigiltí ó bhearta buiséid roimhe sin (scoileanna beaga agus tacaíocht theanga)-155    0-155
Poist bhreise measta chun fónamh ar dhéimeagrafaic mhéadaithe agus soláthar do mhúinteoirí acmhainne breise+1,050+500+1,550
Athrú Glan measta i líon foriomlán na bpost+895+500+1,395

BEARTA BUISÉID ROIMHE SIN ATÁ AG DUL I gCION IN 2014

Cuirtear sa chuntas leis an leithdháileadh do 2014 coigiltí atá ag teacht as bearta coigilte a fógraíodh i mBuiséid roimhe seo.  Tugtar thíos achoimre ar na bearta sin.

Múinteoirí

Rachaidh bearta leithdháilte múinteoirí a tugadh isteach i mBuiséid roimhe seo i gcion chomh maith ar lionta na múinteoirí i scoileanna in 2014.  Ina measc seo tá na hathruithe ar na sceidil foirnithe do na bunscoileanna beaga a raibh suas go dtí 4 múinteoirí acu, a fógraíodh i mBuiséad 2012.  Beifear ag súil le tuairim is 75 post a choigilt dá bharr seo in 2014.  Gheofar 80 post bunscoile eile de bhua an chinnidh i mBuiséad 2011 ar phoist tacaíochta teanga a laghdú thar thréimhse 4-bhliana.

Ranníocaíocht an Mhic Léinn

Mar a comharthaíodh i mBuiséad 2013 ardófar ranníocaíocht an mhic léinn, gur €2,500 é don bhliain acadúil 2013/14, de €250 eile i ngach bliain de na blianta acadúla 2014/15 agus 2015/16, go dtí uasmhéid de €3,000.  Gnóthóidh sé seo €18.5 milliún an bhliain seo chugainn agus €37 milliún in 2015.  Íocfar ranníocaíocht an mhic léinn i gcónaí thar ceann gach mic léinn atá intofa ar dheontas mic léinn a fháil.  Faoi láthair tá beirt mhac léinn as gach cúigear ag fáil cineáil éigin deontas mic léinn.  Táthar ag cosaint rátaí an deontas cothabhála sa Bhuiséad seo.

Deontais chaipitíochta

De bhua bearta maoinithe scoile a tugadh isteach i mBuiséad 2012, laghdófar de 1% an maoiniú do dheontais chaipitíochta agus deontais ghaolmhara do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna in 2014.  Bainfear an choigilt fhoriomlán amach trí na rátaí caighdeánacha caipitíochta a laghdú ach fanfaidh rátaí deontas gaolmhar eile gan athrú i gcónaí.  Is iad na rátaí nua caighdeánacha caipitíochta in 2014 ná €173 do bhunscoileanna agus €301 d’iar-bhunscoileanna.  

Laghdófar de 1% chomh maith na rátaí caipitíochta sa Choláistí Ógtheagmhála, SDOG agus Iar-Ardteistiméireachta, agus beidh laghduithe de 1% ann sna hinstitiúidí ardoideachais sa chroíphá agus sa mhaoiniú neamhphá.

LEITHDHÁILEADH CAITEACHAIS CHAIPITIL

Bainfear feidhm as an leithdháileadh caipitil de €540 milliun go príomha i seachadadh leanúnach chlár chúig-bhliana tógála scoileanna na Roinne (2012 go 2016), faoina bhfuil 275 tionscadal mór tógála scoileanna agus 80,000 ionad scoile breise i gceist chun freastal ar éilimh dhéimeagrafacha.  Tá €65 milliún san áireamh chomh maith i leithdháileadh 2014 chun costais a ghlanadh a bhaineann le tionscadail a fógraíodh faoi thionscnaimh spreagthacha an Rialtais i mí Iúil 2012 agus Meithimh 2013, ar a n-áirítear oibreacha láithreacha cumasúcháin chun campas nua ITBÁC i nGráinseach Ghormáin agus 28 tionscadal tógála scoile breise a fhorbairt.

CRÍOCH