23 Samhain, 2012 - Labhraíonn Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta

Athruithe móra fógartha in oideachas na Gaeilge agus oideachas trí mheán na Gaeilge

Áirítear athruithe i gcuraclam na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna príomhshrutha, trialacha béil Gaeilge éigeantacha sa tsraith shóisearach, leathnú ar scolaíocht trí mheán na Gaeilge, agus feabhsuithe sa Ghaeilge in oideachas múinteoirí i measc na mórfhorbairtí a d'fhógair Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna inniu.

In óráid fhad-réimseach chuig comh-chomhdháil bhliantúil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i nGaillimh, dúirt an tUasal Ó Foghlú go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta go hiomlán d'fheidhmiú na ngníomhartha uaillmhianacha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá tosaíocht tugtha ag an Roinn do phríomhréimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear bearta chun soláthar na scolaíochta trí mheán na Gaeilge a mhéadú agus curaclaim níos fearr don Ghaeilge a sholáthar i scoileanna a i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna príomhshrutha.

Dúirt an tUasal Ó Foghlú, “Déanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna dícheall, thar saol na Straitéise, oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do scoláirí gur mian lena dtuismitheoirí leas a bhaint as.”

Luaigh sé an próiseas reatha chun bunscoileanna a dhídhílsiú i limistéir ina bhfuil daonra reatha mar dheis trína bhféadfaí tuilleadh scoileanna a oibriú mar ghaelscoileanna, dá mbeadh éileamh ann ó na tuismitheoirí. 

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, dúirt se, “Leanfaimid de limistéir a aithint ina bhfuil gá le gaelcholáiste nua faoi réir thairseach an éilimh (is é sin, 400 dalta) atá níos lú go mór ná an tairseach do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (is é sin, 800). Tá a fhios againn freisin go gcaithfear fiosrú a dhéanamh maidir le cumas an roghanna eile ar nós na n-aonad Gaeilge agus na sruthanna Gaeilge.”

Luaigh an tUas Ó Foghlú freisin go raibh athrú suntasach ar siúl in oideachas tosaigh múinteoirí. Tá na hathruithe ann le teagasc na Gaeilge i gcoláistí a neartú agus lena chinntiú go bhfeabhsófar caighdeáin na múinteoirí sa Ghaeilge agus a gcumas leis an teanga a mhúineadh.

Dúirt an tArd-Rúnaí gur aithin straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta na Roinne go bhfuil gá leis an gcuraclam a leasú ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile agus go bhfuil an obair seo idir lámha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

“Measaimid go mbeidh an scrúdú teanga béil ina chuid éigeantach den siollabas nua agus na riachtanais measúnaithe don Ghaeilge faoi réir fheidhmiú an Chreata don tSraith Shóisearach a sheol an tAire Quinn an mhí seo caite,” a dúirt sé.  

Ag teacht leis seo sa tsraith shóisearach, bheadh gearrchúrsa breise roghnach ag ardchaighdeán sa Ghaeilge ar fáil le húsáid ag scoláirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna Gaeltachta; bhí sé seo á éileamh le fada ag lucht an oideachais trí mheán na Gaeilge.

“Ligfeadh gearrchúrsa dá leithéid do scoláirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge staidéar a dhéanamh agus creidiúint a fháil as cumas sa teanga ag ardleibhéal suntasach,”  a dúirt sé. 

D'fhógair an tUasal Ó Foghlú freisin go raibh cinneadh glactha ag an Roinn an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chomhtháthú faoi choimirce na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

“Ceadóidh na socruithe nua le COGG a cuid acmhainní a dhíriú ar a príomhfheidhmeanna chun acmhainní teagaisc a sholáthar mar thacaíocht ar theagasc na Gaeilge i gcomhair le hobair CNCM ar leasú an churaclaim. Beidh na feidhmeanna ginearálta riaracháin, atá mar ualach suntasach ar fhoireann bheag, á gcur ar fáil anois ag CNCM,” a dúirt sé. 

Faoin socrú nua seo, coinneoidh COGG aitheantas dá cuid féin faoi choimirce CNCM.  Láidreoidh an beart seo a cumas le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge i gcoitinne.

CRÍOCH