2ú Deireadh Fómhair, 2012 - An tAire Quinn le reachtaíocht nua a thabhairt isteach a éileoidh ar na hollscoileanna géilleadh do pholasaí pá an Rialtais

€7.5 milliún d’íocaíochtaí neamhfhaofa, neamhúdaraithe déanta ag na hollscoileanna ó 2005-2009

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna tar éis comhaontú a fháil ón Rialtas maidir le leasúchán a dhréachtú ar Acht na nOllscoileanna, 1997.  Tabharfaidh an leasúchán seo cumhacht don Aire chun a éileamh ar na hollscoileanna géilleadh do threoirlínte an Rialtais maidir le luach saothair, liúntais, pinsin agus líon foirne in earnáil na nOllscoileanna.  Díreoidh sé freisin ar cheisteanna atá tar éis teacht chun cinn maidir le neamhchomhlíonadh eilimintí de Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh.

Taobh amuigh de Bhord Rialaithe a dhíscaoileadh, tar éis do thuairisc a bheith déanta ag Breitheamh Ard-Chúirte, rogha an díogha, níl aon réiteach praiticiúil, comhréireach ag an Rialtas faoin reachtaíocht reatha, sa chás nach gcomhlíonann institiúid a cuid dualgas reachtúil, nó go sáraíonn sí polasaí an Rialtais maidir le pá nó líon foirne i mbealach ar bith eile.

Dá bharr sin, ní raibh cumhacht ag an Aire tabhairt ar ollscoil géilleadh dá hoibleagáidí reachtúla faoi pholasaí an Rialtais maidir le pá nó líon foirne.  Ní hionann is réimsí eile sa tseirbhís phoiblí, na hInstitiúidí Teicneolaíochta ina measc, bhí de thoradh air seo go raibh ar an Aire agus ar an Roinn Oideachais agus Scileanna bheith ag brath ar an áitiú seachas ar chumhachtaí an dlí lena chinntiú go gcomhlíonfaí polasaí an Rialtais.

Idir 2005 agus 2009, d’íoc na hollscoileanna €7.5 milliún de liúntais neamhúdaraithe le baill shinsearacha foirne a bhí ag fáil leibhéal ard pá cheana féin.  Sa mhullach air seo, bhí cásanna ann inar cuireadh ar bun socruithe iomarcacha, neamhúdaraithe pinsin do lucht foirne ag na leibhéil is airde, fiú chomh déanach le 2011.

Adúirt an tAire Ruairí Quinn T.D., “Ag an dtráth seo nuair atáthar ag iarraidh ar gach réimse den earnáil phoiblí tuilleadh a dhéanamh le hacmhainní laghdaithe, is den tábhacht ar fad é go gcloífeadh na  hollscoileanna le polasaí pá na hearnála poiblí, agus go mba léir go bhfuil siad ag déanamh amhlaidh.”

“Ní ceart go gceadófaí d’aon earnáil amháin feidhmiú lasmuigh de na paraiméadair dhochta seo, mar atá déanta ag earnáil na n-ollscoileanna roimhe seo.  Bíodh is go n-aithním go bhfuil sé inmhianta go gcoinneodh na hollscoileanna leibhéal áirithe neamhspleáchais, creidim go mbeidh an chothromaíocht cheart sa reachtaíocht seo atá á moladh agam, idir neamhspleáchas den sórt sin agus cosaint an Státchiste, in am seo na géarchéime airgeadais agus an daonra mac léinn ag méadú.”

Díreoidh an reachtaíocht chomh maith ar cheisteanna a bhaineann le géilleadh na n-ollscoileanna do chomhaontuithe comhchoiteanna chaidrimh thionsclaíoch de léithéid Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh.  Le déanaí, tá diúltaithe ag Coláiste na Tríonóide cinneadh ceangailteach de chuid na Cúirte Oibreachais, de bhun tarchuir faoi fhorálacha Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh, a chur i bhfeidhm.  Tá sé seo in aghaidh na tuairime soiléire atá curtha in iúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus ag an gcomhlacht feidhmithe, go bhfuil rialú na Cúirte Oibreachais ceangailteach agus go gcaithfear é a chur i bhfeidhm.

Tabharfaidh an reachtaíocht nua, dá bhfuiltear ag foilsiú na ndréachtcheann inniu, cumhacht don Aire tabhairt ar ollscoileanna cloí le comhaontuithe comhchoiteanna den sórt sin.

CRÍOCH