20 Meitheamh, 2012 - Plean Aicsin á chur i láthair ag an Aire Quinn mar fhreagairt ar thuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile

Inniu, thug an tAire Oideachais agus Scileanna, an tUasal Ruairí Quinn T.D., cuntas ar an bhfreagairt atá á tabhairt aige ar thuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile.
 
Ag bualadh dó leis na príomhpháirtithe leasmhara oideachais, chuir an tAire Quinn in iúl go raibh sé ag glacadh le moltaí an Ghrúpa Chomhairligh faoi dhífheistiú go ginearálta agus go raibh iarrtha aige go dtosnódh próiseas dífheistithe na pátrúnachta i gceantair dhaonra sheasmhaigh láithreach. 

Adúirt an tAire Quinn, "I gcás líon mór tuismitheoirí is é seo an chéad uair a bheidh fíor-rogha acu maidir leis an gcineál bunscoile gur mian leo go bhfreastalódh a gclann uirthi, bíodh sí sainchreidmheach, ilchreidmheach, lán-Ghaelach nó eile.  Tosnófar ar shuirbhéanna a dhéanamh ar  thuismitheoirí sna bailecheantair is túisce a shainaithneofar sa bhfómhar."

Tabharfar eolas iomlán do thuismitheoirí faoi na cineálacha éagsúla scoileanna agus na comhlachtaí éagsúla féideartha pátrúnachta. Cuirfear línte cabhrach ar bun, chomh maith, le linn tréimhse an tsuirbhé chun déileáil le ceisteanna ó thuismitheoirí.

Tosnófar ar na suirbhéanna seo a dhéanamh sa bhfómhar i 44 bailecheantar. Bhí sé molta ag an nGrúpa Comhairleach i dtosach go rachadh próiseas an dífheistithe ar aghaidh i 47 ceantar a bhí sainaitheanta ag an Roinn in 2010 ar a iarraidh sin ag an Eaglais Chaitliceach. Bhí an liosta seo bunaithe ar shonraí ó dhaonáireamh 2006, áfach. Tá an t-eolas nuashonraithe anois leis na sonraí ó dhaonáireamh 2011 agus cuirtear san áireamh freisin ceantair ina bhfuil éagsúlacht sholáthar bunscoile soláthraithe nó beartaithe cheana féin.

Dúirt an tAire Quinn go bhfuil sé ag súil le mórán suime i ngach aon cheantar ina seolfar suirbhé agus is mian leis go ngabhfadh an díospóireacht áitiúil agus na suirbhéanna ar aghaidh i mbealach urramach, socair."

"Rachaidh mo Roinnse i gcomhairle leis na comhlachtaí pátrúnachta maidir le cód cleachtais a chinnteoidh go seolfar pléanna áitiúla i mbealach réasúnta."

Tá cinnte ag an Aire chomh maith go leathnófar sainchúram an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua chun tacú leis an bpróiseas dífheistithe. 

Ag an bhfaisnéisiú, chuir an tAire Quinn in iúl athuair go bhfuil sé den tuairim gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir dhá rud – an riachtanas sa ghearrthéarma le dul chun cinn dáiríre, tathagach a dhéanamh chun éagsúlacht rogha bunscoile a chinntiú do thuismitheoirí, agus an riachtanas sa bhfadtéarma lena chinntiú go dtoilíonn na comhpháirtithe oideachais le socruithe comhaontaithe ar mhaithe leis an éagsúlacht agus leis an uileghabhálacht, go háirithe i scoileanna nach bhfuil rogha pátrúnachta le fáil iontu.

Adúirt an tAire Quinn, "Chun bheith níos uileghabhálaí, is gá dúinn a chinntiú go mbíonn urraim ann ar fud an chórais trí chéile ar éagsúlacht na dtraidisiún agus na gcreideamh as a dtagann na daltaí sa lá atá inniu ann. Ní mór dúinn é sin a dhéanamh go híogair ag tabhairt aird dúinn ar an áit as a bhfuilimid ag teacht mar aon leis an áit a bhfuilimid ag súil le dul ann."

"Admhaím go bhfuil na ceisteanna seo casta agus go bhfuil siad an-suntasach, agus tá cinnte agam go mbeidh próiseas poiblí comhairlithe ann i dtaobh na dtorthaí agus na moltaí sa dtuarascáil maidir le tuilleadh uileghabhálachta a chur chun cinn sna scoileanna, go háirithe i ‘Scoileanna Saorsheasaimh' áit nach bhfuil an rogha ann an phátrúnacht a aistriú."
 
Chuir an tAire in iúl go bhfuil faoi cuireadh foirmeálta a eisiúint chuig na páirtithe leasmhara oideachais agus páirtithe leasmhara eile i mí Mheán Fómhair chun aighneachtaí a chur isteach, agus spriocdháta ann le haighneachtaí a fháil ag deireadh mhí na Samhna. Tá iarrtha ag an Aire ar An gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Bunbhrainse) comhairle a thabhairt faoi bhileog eolais a chur le chéile do thuismitheoirí, agus scaipfear sin ar na bunscoileanna go léir sa bhfómhar chun a chinntiú go mbíonn na tuismitheoirí go hiomlán ar an eolas faoin bpróiseas comhairlithe.

Tar éis don phróiseas comhairlithe a bheith thart, breithneofar torthaí agus moltaí Thuarascáil an Fhóraim sa réimse seo, agus breithneofar na haighneachtaí a fhaighfear nuair a bheidh Páipéar Bán á dhréachtú, de réir mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais. Tá an obair seo le bheith curtha i gcrích go luath in 2013.

D'fhógair an tAire chomh maith go bhfuil ar intinn aige a iarraidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta pléanna a chur ar siúl láithreach leis na comhpháirtithe oideachais, agus páirtithe leasmhara reiligiúnacha, faoin gcaoi le cláir Oideachais faoi Reiligiún agus Creidiúintí agus Eitic a fhorbairt, a bheidh mar fhorlíonadh ar na cláir don fhoirmiú creidiúna atá ann cheana i scoileanna, de réir mar a mhol an Grúpa Comhairleach.

Tá roinnt moltaí déanta sa Tuarascáil chomh maith maidir le soláthar scoileanna lán-Ghaeilge. Dúirt an tAire Quinn go raibh cinnte aige dul ar aghaidh láithreach le hanailís a dhéanamh ar thionscnamh agus fás na nGaelscoileanna mar atá molta ag an nGrúpa Comhairleach.  Beidh an anailís seo ina treoir do pholasaithe a nglacfar leo amach anseo sa réimse seo.
 
Ghabh an tAire Quinn a bhuíochas leo siúd go léir a rinne aighneachtaí agus a d'fhreastail ar sheisiúin oibre den bhFóram as an ionchur a bhí acu ann. "Is mian liom, ach go háirithe", adúirt an tAire, "mo bhuíochas a ghabháil le baill an Ghrúpa Chomhairligh, an tOllamh John Coolahan, an Dr Caroline Hussey agus Ms Fionnuala Kilfeather, as an dtiomantas agus an fuinneamh agus an saineolas a léirigh siad agus iad i mbun an taisc seo. Tiomantas lárnach i gClár an Rialtais is ea an Fóram agus tá áthas orm go bhfuil a chuid oibre curtha i gcrích."

"Táim ag súil le bheith ag obair le páirtithe leasmhara chun an Plean Aicsin a chur i bhfeidhm agus chun tuilleadh éagsúlachta agus rogha scoileanna a chur ar fáil amach anseo."

CRÍOCH
 

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá moltaí na Tuarascála maidir le dífheistiú dírithe ar céard is cuí a dhéanamh i gcás ceantar a bhfuil daonra seasmhach iontu, áit nach bhfuil údar le scoileanna nua ó thaobh cúrsaí sóisialta ná geilleagracha de, ach go bhfuil éileamh ar éagsúlacht cineálacha scoileanna iontu. Is féidir moltaí na Tuarascála a roinnt go ginearálta i dtrí chineál:

  •  iad siúd a bhaineann leis na praiticiúlachtaí a bhaineann le dífheistiú pátrúnachta a bhaint amach áit a bhfuil    daonra seasmhach ann agus éileamh ar éagsúlacht cineálacha scoileanna;
  •  iad siúd a bhaineann le soláthar oideachais trí Ghaeilge; agus
  •  iad siúd a bhaineann le scoileanna níos uileghabhálaí a chruthú, go háirithe scoileanna ‘Saorsheasaimh’, i gceantair tuaithe go minic, is é sin 1,700 as na 3,200 bunscoil, áit nach bhfuil rogha an dífheistithe ann.

Moltar sa Tuarascáil go mbainfí éagsúlacht phátrúnachta amach trí feidhm a bhaint as an stoc scoileanna atá ann cheana i gceantair dhaonra sheasmhaigh.  Áit a bhfuil cnuasach scoileanna sainchreidmheacha ann ach go bhfuil éileamh ann ó na tuismitheoirí ar phátrúnacht eile scoile, moltar sa Tuarascáil go mbainfí aistriú pátrúnachta amach le cabhair na Roinne.

Comhairlíonn an Grúpa Comhairleach fanacht amach ó chur chuige an 'Big Bang' agus athrú pátrúnachta a chur i gcrích go céimnithe, trí cur chuige an scoilcheantair a chur i bhfeidhm, ag tabhairt aird ar mhianta na dtuismitheoirí.
 
Moltar sa Tuarascáil, mar chéim a haon den obair seo, go mbreathnófaí ar phátrúnacht na scoileanna i 43 baile agus 4 cheantar i mBaile Átha Cliath, sainaitheanta ag an Roinn in 2010, ar a iarraidh sin ag an Eaglais Chaitliceach, mar cheantair gur dócha go mbeadh éileamh suntasach ar an éagsúlacht iontu.

An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua

Chuir an tAire an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua ar bun in 2011 chun comhairle a chur air maidir le pátrúnacht bhunscoileanna nua agus scoileanna dara leibhéal nua.

Táthar ag leathnú téarmaí tagartha an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua chun a chur san áireamh:

  •  Comhairle a chur ar an Roinn maidir leis an suirbhé faoi chéadroghanna tuismitheoirí sna ceantair shainaitheanta.
  • Obair chríochnaithe an tsuirbhé a bheidh déanta ag an Roinn a bhailíochtú i leith gach ceann de na ceantair shainaitheanta sula gcuirtear toradh an tsuirbhé ar aghaidh chuig na Pátrúin ábhartha.
  •  Anailís a dhéanamh (a) ar mheasúnacht na Roinne ar na roghanna dífheistithe a bheidh curtha i láthair ag na Pátrúin ábhartha i ngach ceantar sainaitheanta agus (b) ar na moltaí atá á ndéanamh ag an Roinn maidir le scoileanna a dhífheistiú go dtí pátrúin eile chun a chinntiú go mbíonn siad seo de réir céadroghanna agus éileamh na dtuismitheoirí.
  • Tuairisc a thabhairt don Aire agus moltaí a dhéanamh (ar a n-áirítear amlínte táscacha i gcomhair gníomhartha) maidir le scoileanna a dhífheistiú go dtí pátrúin eile i ngach ceann de na ceantair shainaitheanta, ag tabhairt aird ar chéadroghanna na dtuismitheoirí.

Amlíne do shuirbhéanna sna 44 ceantar

  •  Foilseofar fógra poiblí chun léirithe suime a lorg go foirmeálta i bpátrúnacht scoileanna, i ndaichead is a ceathair ceantar atá sainaitheanta do chéad chéim an phróiseas suirbhéireachta agus dífheistithe, faoi dheireadh mhí Mheithimh 2012.
  •  Foilseofar fógra poiblí sna cúig cheantar píolótacha a bhfuil suirbhé le déanamh iontu ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2012.  Cuirfear líne chabhrach ar bhun chun déileáil le ceisteanna ar bith ón bpobal nó ó phobail scoile maidir leis an tsuirbhéireacht.
  •  An suirbhé píolótach sna cúig cheantar a bhfuil suirbhé le déanamh iontu le críochnú i mí Dheireadh Fómhair.
  • Bailíochtú ar thorthaí an tsuirbhé sna cúig cheantar tosaigh le déanamh i gcomhar leis an nGrúpa um Bhunú Scoileanna Nua le linn mí na Samhna 2012.
  •  Agus an bailíochtú déanta, foilseofar toradh na suirbhéanna sna cúig cheantar tosaigh agus seolfar chuig na pátrúin go léir iad le go mbreithneoidh siad san na roghanna dífheistithe.
  •  Foilseofar an fógra poiblí sa chuid eile de na daichead is a ceathair ceantar a bhfuil suirbhé le déanamh iontu ag tús mhí na Samhna 2012.
  •  Tosnófar ar an tsuirbhéireacht sa chuid eile de na daichead is a ceathair ceantar i mí na Samhna 2012.

Liosta de na ceantair a bheidh san áireamh sa chéad chéim de na suirbhéanna

An tInbhearMór
Béal an Átha 
Béal Átha na Sluaighe  
Droichead na Bandan 
Biorra 
Bun Cranncha 
Carraig na Siúire 
Carraig Uí Leighin
Caisleán an Bharraigh 
Cill Droichid 
Cluain Meala 
An Cóbh 
Dún Garbháin 
Éadan Doire
Inis Córthaidh 
Mainistir Fhear Maí 
Ceanannas 
Cill Dara 
Cill Airne 
Léim an Bhradáin 
An Longfort 
Baile Locha Riach 
Mullach Íde 
Muineachán 
An tAonach 
Ros Mhic Thriúin 
An Pasáiste 
Port Mearnóg 
Ros Comáin 
Ros Cré 
An Ros 
Sionainn 
Na Sceirí 
Durlas 
Tiobraid Árann 
Trá Mhór 
Baile Átha Troim 
Tuaim 
Cathair na Mart 
Cill Mhantáin 
Eochaill 
Fionnbhrú 
Baile Átha Cliath 4 
Baile Átha Cliath 6 & 8