09 Eanair. 2012 - Foilsíonn an tAire Quinn an Bille Oideachais (Leasú) 2012

Inniu d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., an Bille Oideachais (Leasú) 2012 a bhfuil foráil ann do roinnt athruithe tábhachtacha ar an Acht Oideachais, 1998 agus ar Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001.

 
Déanann an Bille seo foráil don Acht Oideachais, 1998 a leasú agus d'Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001 a leasú maidir le roinnt gnóthaí a bhaineann le hoideachas, ina measc socruithe do dhaoine nach múinteoirí cláraithe iad faoi Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001, a fhostú i dtosca eisceachtúla, teoranta áirithe.
 

Tá sé d'aidhm ag an Aire go mbeadh na múinteoirí uile sna scoileanna cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta agus, dá bhrí sin, láncháilithe.
 

Ag trácht dó ar an mBille dúirt an tAire "Cuireann an leasúchán seo san áireamh an aidhm atá againn a chinntiú faoi dheoidh go bhfostaítear múinteoirí cláraithe gach deis is féidir agus, san am céanna, na ceisteanna praiticiúla a éiríonn ó lá go lá maidir le cosaint cearta fostaíochta fostaithe buana atá ann cheana, agus na hócáidí annamha sin ar a dtarlóidh dúntaí scoileanna le beagán fógra nó gan fógra ar bith agus an tionchar a bhíonn aige sin ar thuismitheoirí agus ar a gcuid páistí."

 
"Réitíonn an leasúchán seo an bealach d'Alt 30 d'Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001 do theacht i ngníomh, rud a chinnteoidh nach mbeidh sé de cheart ach acu siúd atá cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta rochtain ar fhostaíocht iníoctha sna scoileanna againn. Chomhairleoinn go láidir do dhuine ar bith atá fostaithe mar mhúinteoir, gan chlárú reatha leis an gComhairle Múinteoireachta a bheith aige nó aici, cur isteach ar chlárú gan mhoill," adúirt an tAire.

 
Déanann an Bille foráil chomh maith d'athruithe ar Ailt 23 agus 24 den Acht Oideachais. Tá na hathruithe seo ceaptha chun cinnteacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le cumas an Aire Oideachais agus Scileanna agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun a chinntiú go bhféadfaidh socruithe ath-imlonnaithe do mhúinteoirí riachtanas na staide reatha fioscaí a chomhlíonadh go lánéifeachtach i gcónaí, is é sin go ndéanfaí múinteoirí barrachais a ath-imlonnú go dtí folúntais i scoileanna eile, agus a chinntiú ag an am céanna go mbeidh ar chumas na Roinne tiomantas Pháirc an Chrócaigh a chomhlíonadh ina iomláine i gcónaí, is é sin go mbeidh socruithe solúbtha ath-imlonnaithe ann in ionad iomarcaíochta.

Tá an Bille Oideachais (Leasú) 2012 le fáil le híoslódáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais:

http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/bills/2012/0112/document1.pdf

 
CRÍOCH

 
Nótaí d'Eagarthóirí


Is iad príomhfhorálacha an Bhille ná:

 

·         Téacs leasaithe d’Ailt 23 agus 24 den Acht Oideachais, 1998.  Tá bunús soiléir reachtúil ag na hathruithe maidir le hath-imlonnú agus ceapadh múinteoirí, agus maidir le nósanna imeachta a dhéanann foráil d’ath-imlonnú agus ceapadh nó d’fhionraí agus dífhostú múinteoirí nó ball foirne eile, rud a chiallaíonn gur féidir leis an Aire faoi dheoidh na gnóthaí seo a chinneadh.  Tá sé i gceist nósanna imeachta dá leithéid a chur ar bun nó a leasú, más gá, trí theacht ar chomhaontú leis na páirtithe leasmhara cuí.  Táthar ag déanamh an leasúcháin ar an reachtaíocht, áfach, chun a chinntiú nach féidir le páirtí aonair ar bith crosadh a chur ar athrú riachtanach.

 

·        Déantar foráil do dhaoine, nach múinteoirí cláraithe iad faoi Acht na  Comhairle Múinteoireachta, 2001, a fhostú i dtosca eisceachtúla, teoranta áirithe.  Réitíonn sé seo an bealach d’Alt 30 d’Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001 do theacht i ngníomh, Alt a chuireann cosc ar dhaoine a íoc atá fostaithe mar mhúinteoirí gan bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, maraon le cearta fostaíochta fostaithe buana atá ann cheana a chosaint agus foráil a dhéanamh do thosca sonracha, eisceachtúla as a dtiocfadh dúntaí scoileanna murach é.

 

·         Leasú ar Alt 33 d’Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001 a ligfidh don Chomhairle Mhúinteoireachta rialacháin a dhéanamh chun críche clárú a athnuachan, a fhéadfaidh foráil a dhéanamh don fhoirm agus don mhodh ina ndéanfar iarracht ar athnuachan; an fhianaise dhoiciméadach agus fianaise eile nach mór cur faoi bhráid i dteannta leis an iarratas; na coinníollacha i gcomhair clárú a athnuachan ar a n-áireofaí, mar shampla, freastal ar chláir leantacha oideachais agus oiliúna nó fianaise ar charachtar agus taithí mhúinteoireachta.

 

·         Leasú ar Alt 38 d'Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001 chun a shoiléiriú go bhfuil sé ceadaithe don Chomhairle Mhúinteoireachta cláir oideachais agus oiliúna múinteora, atá arna soláthar ag institiúidí ardoideachais agus oiliúna, a chreidiúnú, áit is cuí sin.

 

·         Leasú ar an sainmhíniú ar 'seirbhísí tacaíochta' atá san Acht Oideachais, 1998 d'fhonn an scéal a shoiléiriú maidir le seachadadh sheirbhísí teiripe urlabhra agus seirbhísí sláinte agus seirbhísí pearsanta eile do mhic léinn aois scoile. Ní rachaidh na forálacha beartaithe i gcion ar an bhfáil ar sheirbhísí teiripe urlabhra do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu tríd an FSS. Tá an Roinn tiomanta do sheachadadh comhordaithe sheirbhísí do theaghlaigh páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

 

    Beidh an Roinn ag obair léi i gcónaí i gcomhar leis an Meitheal Idir-rannach Trasearnála, (ar a bhfuil ionadaithe ó na Ranna Oideachais agus Scileanna, agus Sláinte agus Leanaí, ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte) d'fhonn pleanáil a dhéanamh do sheachadadh comhordaithe sheirbhísí thar earnáil an mhíchumais.

 

·         Aisghairm an Achta um Chiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997.  Ciste é seo a cuireadh ar bun chun acmhainní airgeadais a sholáthar d’oideachas agus gairmoiliúint i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta trí Chiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht) a bhainistíonn an tAire Airgeadais, agus tá sé caite go hiomlán anois. Táthar ag aisghairm an Achta chun deireadh a chur leis an riachtanas le tuarascálacha agus cuntais bhliantúla a tháirgeadh do chiste atá éagtha.  Aisghaireann an tAlt chomh maith, ar mhaithe leis an iomláine, an tAcht um Chiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht) (Leasú), 1998, a dhéanann roinnt leasuithe teicniúla ar Acht 1997.

 

·         Leasú ar an Acht Oideachais, 1998 chun foráil a dhéanamh do chealú foirmeálta an Choiste um Míbhuntáiste Oideachais (an Coiste).  Cuirfidh sé seo i bhfeidhm eilimint de chinneadh Bhuiséid 2008 faoi chuíchóiriú ghníomhaireachtaí.  Bunaíodh an Coiste i Márta, 2002 faoi Alt 32 den Acht Oideachais, 1998.  Ceapadh baill ar an gCoiste ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana.  Chuaigh téarma oifige trí bliana an Choiste as feidhm ar 30 Meitheamh 2005 agus cuireadh tuarascáil dheiridh  an Choiste, 'Moving Beyond Educational Disadvantage', faoi bhráid an Aire ar 19 Lúnasa 2005 agus foilsíodh í i mí na Nollag 2005. Níor athbhunaíodh an Coiste.