3 Lúnasa, 2010 - Foilsiú sonraí faoi ceantair inarbh fhéidir pátrúnacht Chaitliceach bunscoileanna a dhífheistiú

Inniu, d'fhoilsigh an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD, torthaí oibre a raibh gafa de láimh ag a Roinnse, ar iarratas na hEaglaise Caitlic, chun ceantair a shainaithint ina bhfuil féidearthacht ann go bhféadfadh an Eaglais a pátrúnacht ar bhunscoileanna áirithe a dhífheistiú.

D'ardaigh an Eaglais Chaitliceach an cheist i dtaobh na féidearthachta go ndífheisteodh an Eaglais a pátrúnacht ar bhunscoileanna áirithe le réamhtheachtaí an Tánaiste mar Aire Oideachais agus pléadh an cheist sin ag cruinniú i Samhain 2009 le hionadaithe sinsearacha de chuid na hEaglaise.

Ar iarratas na n-ionadaithe sinsearacha seo, gheall an Roinn go sainaithneodh sí ceantair ina bhféadfadh an déimeagrafaic agus foirmíocht na scoileanna mar a bhí sí bheith de shaghas a chruthódh féidearthacht go machnódh an Eaglais Chaitliceach dífheistiú a pátrúnachta.

Tá an t-eolas seo curtha ar fáil inniu ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna ar shuíomh gréasáin a Roinne.

Baineadh feidhm as na critéir seo a leanas chun na suíomhanna tosaigh a roghnú ina mbeadh údar maith le hathrú pátrúnachta i gceantair lasmuigh de na cúig (5) cheantar cathrach, Áth Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge:


1. Ceantair le daonra de níos mó ná 5,000 duine agus níos lú ná 20,000 duine, de réir Daonáirimh 2006;

2. Ceantair nach raibh fás níos mó ná 20% iontu sa thréimhse 2002-2006 idir na Daonáirimh agus nach  

    dócha go dtiocfaidh bunúscoileanna nua chun cinn iontu go dtí2010 ar a luaithe

  
3. Ceantair a bhfuil trí bhunscoil ar a laghad acu laistigh de raon 2 chiliméadar de Theorainn an Bhaile de réir  

    Oifig na Staitisticí Lárnach; agus

4. Ceantair gur soláthar Caitliceach scoileanna atá iontu den chuid is mó nó ina bhfuil fíorbheagán éagsúlacht soláthair faoi láthair.

Shásaigh iomlán de dhachad is a trí (43) cheantar bhaile na critéir seo agus roghnaíodh sé chinn (6) díobh go randamach, féachaint le réimse leathan a fháil de réir na ndeoisí, agus go geografach, chun anailís níos mionsonraithe a dhéanamh.

Samplaí randamacha is ea na ceithre (4) cheantar de Chathair Átha Cliath de cheantair a bhfuil déimeagrafaic chobhsaí iontu tríd is tríd, agus nach cosúil go mbeidh údar le haon scoileanna nua iontu sa mheántéarma.

Ceantair iad chomh maith a bhfuil scoileanna sainchreidmheacha iontu den chuid is mó.

Is féidir go mba mhian leis na húdaráis Chaitliceacha anois roinnt ceantar a shainaithint chun triail a bhaint as na módúlachtaí trína bhféadfaí líon na scoileanna Caitliceacha a laghdú agus roinnt scoileanna a scaoileadh chuig pátrúin eile. 

Is iad an tEaspag, mar phátrún, agus an pobal Caitliceach sa pharóiste nó insna paróistí i gceist, a dhéanfaidh an cinneadh faoi dheoidh faoi cén scoil, nó cé na scoileanna Caitliceacha ar leith, a roghnófar chuige seo agus ní mór dul i gcomhairle i dtosach le comhlacht na dtuismitheoirí agus foireann na scoileanna.

Dá sainaithneodh an Eaglais Chaitliceach aon scoileanna dá leithéid, bheadh gá le raon próiseas a chur ar bun, ina measc comhairliúchán chuí le lucht foirne, chun tabhairt faoi na ceisteanna feidhmiúcháin a d'fhéadfadh teacht chun cinn, ar nós úinéireacht foirgneamh agus aistriú foirne.

Orthu seo beidh na socruithe riachtanacha chun comhairle agus cinneadh a dhéanamh faoi phátrúnacht na scoileanna sainaitheanta amach anseo.

Is féidir rochtain ar an tuairisc tríd an nasc thíos.

www.education.ie/servlet/blobservlet/report_divesting_of_patronage_primary_schools.pdf


CRÍOCH