Fógraíonn an tAire O'Keeffe na bearta lárnacha don oideachas sa Bhuiséad d'fhonn téarnamh náisiúnta a bhaint amach
'Is é an tasc atá roimh gach earnáil den tsochaí ná aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin atá roimh ár ngeilleagar' - Aire
Mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Rialtas i gcónaí chun staid an Státchiste a chobhsú agus bunsraith a thógáil don téarnamh geilleagrach, d’fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O'Keeffe TD, inniu sonraí de Bhuiséad 2010 dá Roinn.
Is éard a bheidh sa leithdháileadh comhlán don Roinn Oideachais agus Eolaíochta ná €8.888 billiún.
Tá na bearta a tugadh isteach inniu ina gcúis le laghdú de €603 milliún sa chaiteachas comhiomlán i gcomparáid leis an Leithdháileadh i Meastacháin 2009 i Leabhar na Meastachán Athbhreithnithe.
San áireamh ansin tá ceartú ginearálta pá-choibhneasta de €350 milliún i gcomhréir le cinneadh an Rialtais rátaí pá na seirbhíse poiblí a laghdú.
Adúirt an tAire O'Keeffe: 'Táim sásta go bhfuil na seirbhísí túslíne inár scoileanna cosanta leis an mBuiséad seo agus go bhfuilimid ag infheistiú go suntasach i gcónaí san earnáil oideachais.
'Táim ag soláthar €26 milliún chun an costas a sheasamh a bhaineann le múinteoirí breise a fhostú inár scoileanna i 2010 i gcomhréir leis na tiomantais a comhaontaíodh sa Chlár Athnuaite Rialtais.
'Ainneoin na dtosca eacnamaíocht a bheith chomh dian sin, táimid ag tabhairt tosaíochta don chlár caipitil don oideachas, agus €794 milliún leithdháilte do 2010.
'San áireamh sa bhfigiúr sin tá €79 milliún atá tugtha anonn ón mbliain seo.
'De bharr margadh na foirgníochta a bheith chomh hiomaitheach sin táimid ag fáil tuilleadh torthaí ar mhéid níos lú airgid, rud a ligeann dúinn jabanna a choimeád agus a mhéid is féidir de thoradh a fháil ar infheistíocht chaipitil an Rialtais san oideachas.
'Tá na ceartuithe buiséadacha riachtanach mar chuid de hiarrachtaí an Rialtais an caiteachas comhlán poiblí a laghdú agus an t-airgeadas poiblí a chobhsú.
'Tá orainn go léir breis leasa a bhaint as an méid laghdaithe,’ adúirt an tAire O'Keeffe.
Laghdófar de 4pc an soláthar d’ollscoileanna agus d’institiúidí teicneolaíochta – ó €1.318 billiún i mbliana go dtí €1.266 billiún i 2010.
Laghdófar de 5pc deontais chothaithe na mac léinn – athrú atá tríd is tríd i gcomhréir leis an laghdú sa chostas maireachtála agus le laghduithe in íocaíochtaí eile cothabhála ioncaim.
'Tá na bearta coigilte ag cur le hiarracht fhoriomlán an Rialtais an t-easnamh sa Státchiste a laghdú agus ag an am céanna an briseadh isteach ar sheirbhísí túslíne san earnáil oideachais a íoslaghdú.
'Creidim go bhfuil cur chuige cothromaithe, comhréireach againn san oideachas mar fhreagairt ar na héilimh práinneacha ón Státchiste agus mar chuid den iarracht ghinearálta ar théarnamh geilleagrach náisiúnta a bhaint amach.
'Is é an tasc atá roimh gach earnáil den tsochaí, pobal an oideachais san áireamh, ná aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin atá roimh ár ngeilleagar agus a ról iomlán a imirt i dtionscadal an téarnaimh náisiúnta ar mhaithe lenár dtír agus lenár gclann', adúirt an tAire O'Keeffe.
CRÍOCH
Nóta: Nasctha leis seo tá nóta gearr faoi phríomhshonraí Buiséid an lae inniu maidir le hearnáil an oideachais i 2010.
www.education.ie/admin/servlet/blobservlet/edu_budget_2010.pdf